DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU

Module Specifications..

Current Academic Year 2023 - 2024

Please note that this information is subject to change.

Module Title Teagasc na Gaeilge 2
Module Code ED9050
School 77
Module Co-ordinatorSemester 1: Aisling Ni Dhiorbhain
Semester 2: Aisling Ni Dhiorbhain
Autumn: Aisling Ni Dhiorbhain
Module TeachersAisling Ni Dhiorbhain
NFQ level 99 Credit Rating 2.5
Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None
Coursework Only
Ath-thionscadal: Tionscadal: Cuid A: Plean Seachtaine ar théama nár tugadh sa chéad thionscadal. Cuid B:Alt gairid a scríobh. 10% do chruinneas na teanga.
Description

Déantar breis forbartha sna ceardlanna seo ar fhorbairt scileanna litearthachta (teanga ó bhéal, léitheoireacht agus scríbhneoireacht) trí mheán na Gaeilge ar bhealach comhtháite agus cothromaithe i gcomhthéacs scoile T1 agus T2 sna meánranganna agus sna hardranganna ach go háirithe. Cuirtear béim ar leith ar thraschur scileanna atá mar bhúnus teoiriciúil do Churaclam Teanga na bunscoile agus tugtar aird ar chur chuige ilteangach d’fhonn ceiliúradh a dhéanamh ar éagsúlacht teangacha agus cultúir inár scoileanna. Tugtar aird ar theagasc fhónaic agus ar theagasc ghramadach na Gaeilge mar chur chuige le feasacht teanga na bhfoghlaimeoirí a chur chun cinn. Amharctar ar spreagadh na Gaeilge sa bhunscoil trí úsáid neamhfhoirmiúil na teanga ar bhonn uile scoile agus mar chur chuige le gluaiseacht i dtreo na Foghlama Comhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT). Cuirtear béim ar leith ar phleanáil do theagasc, foghlaim agus measúnú na Gaeilge le haird ar chur chuige atá ionchuimsitheach agus difreáilte. Tá féidearthachtaí na teicneolaíochta mar áis teagaisc agus foghlama comhtháite sna ceardlanna. Tugtar deis do na mic léinn a gcuid scileanna digiteacha a úsáid agus a fhorbairt i rith an chúrsa chun tacú le teagasc, foghlaim agus measúnú do gach foghlaimeoir. Breathnaítear ar an taighde agus teoiric a bhaineann le FCÁT chomh maith le pleanáil phraiticiúil. Tugtar tacaíocht do na mic léinn machnamh a dhéanamh ar fhorbairt an mhúinteora mar ghairmithe neamhspleácha féinmhachnamhacha agus machnamh a dhéanamh orthu féin mar fhoghlaimeoir agus teagascóir teanga ar feadh an tsaoil. Spreagtar na mic léinn le cleachtas cruthaitheach agus machnamhach a léiriú trí thascanna a roghnú agus a chruthú do theagasc, foghlaim agus measúnú na Gaeilge sa seomra ranga. Tugtar deiseanna do mhic léinn a gcuid scileanna litearthachta féin sa Ghaeilge a chleachtadh agus fheabhsú mar aon lena n-inniúlacht ó thaobh teagaisc agus measúnaithe de. Tá na gníomhaíochtaí praiticiúla i ngach ceardlann nasctha go dlúth leis an teoiric agus taighde a bhaineann le múineadh éifeachtach an dara teanga.

Learning Outcomes

1. réimse gníomhaíochtaí teagaisc, foghlama agus measúnaithe a dhearadh d’fhorbairt scileanna litearthachta sa Ghaeilge ar bhonn comhtháite agus cothromaithe a chuimsíonn teanga ó bhéal, léitheoireacht agus scríbhneoireacht i gcomhthéacs scoile T1 agus T2 sna meánranganna agus sna hardranganna ach go háirithe
2. eolas a léiriú ar fhorbairt na feasachta teanga i gcomhthéacs na fónaice agus na gramadaí agus forbairt a dhéanamh ar an n-inniúlacht féin sa Ghaeilge
3. úsáid na Gaeilge a spreagadh go neamhfhoirmiúil mar theanga chumarsáide an tseomra ranga agus trí chur chuige uile scoile a spreagann úsáid na Gaeilge mar theanga bheo chumarsáide, chomh maith le heolas a léiriú ar an taighde agus teoiric a bhaineann le FCÁT agus ceachtanna FCÁT a phleanáil
4. pleanáil do theagasc, foghlaim agus scileanna litearthachta sa Ghaeilge a fhreastalaíonn ar riachtanais foghlaimeoirí éagsúla agus a bhaineann leas as réimse áiseanna, áiseanna digiteacha san áireamh
5. gníomhaíochtaí foghlama a dhearadh d’fhonn traschur scileanna a chur chun cinn agus cur chuige ilteangach a dhíríonn aird ar na cosúlachtaí agus ar na difríochtaí idir teangacha
6. tuiscint a léiriú ar an tábhacht a bhaineanna le creat tacaíochta foghlama a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí sa dara teanga trí ionchur, idirghníomhú agus aschur ceachta agus a fhreastalaíonn ar riachtanais na bhfoghlaimeoirí uile chomh maith le machnamh a dhéanamh orthu féin mar fhoghlaimeoir agus teagascóir teanga ar feadh an tsaoil.



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Workshop27Ceardlanna dhá uair an chloig Rannpháirtíocht inranga agus arlíne
Assignment Completion20Obair ar an tionscadal
Independent Study15.5Foghlaim Neamhspleách
Total Workload: 62.5

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Indicative Content
Curaclam Comhtháite Teanga agus Traschur scileanna thar theangacha Forbairt na scileanna litearthachta sna meánranganna & sna hardranganna ar bhonn comhtháite agus ar bonn cothromaithe– Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht & Scríbhneoireacht Forbairt na scileanna léitheoireachta sna meánranganna agus sna hardranganna- traschur scileanna, seánraí leitheoireachta, straitéisí theagasc na léitheoireachta, áiseanna don léitheoireacht Ghaeilge Forbairt na scileanna scríbhneoireachta sna meánranganna agus sna hardranganna- traschur scileanna, seánraí scríbhneoireachta, próiseas na scríbhneoireachta, frámaí scríbhneoireachta, áiseanna don scríbhneoireacht Ghaeilge Forbairt na Feasachta Teanga – An Teagasc Foirm-Dhírithe – ceachtanna gramadaí agus fónaice, cur chuige ionduchtach do theagasc na gramadaí, cur chuige ilteangach – difríochtaí agus cosúlachtaí idir teangacha Úsáid na Teicneolaíochta – áiseanna digiteacha – foghlaim teanga dhigiteach cluiche bhunaithe Gaeilge neamhfhoirmiúil – Speagadh na Gaeilge ar bhonn uile scoile, Timpeallacht shaibhir ábhar i bprionta – cur chuige ilteangach, Ag tógáil ar an nGaeilge neamhfhoirmiúil i dtreo FCÁT An Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) – teoiric agus taighde a bhaineann le FCÁT, pleanáil do cheachtanna FCÁT Taighde ar Theagasc na Gaeilge agus impleachtaí don seomra ranga le béim ar cheachtanna cumarsáideacha teanga agus teanga ó bhéal Pleanáil do Theagasc, Foghlaim agus Measúnú na Gaeilge – pleanáil don socrúchán scoile, pleanáil don difreálú - cur chuige ionchuimsitheach

Assessment Breakdown
Continuous Assessment100% Examination Weight0%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
AssignmentTionscadal: Cuid A - Plean Seachtaine don Ghaeilge80%n/a
ParticipationRannpháirtíocht i dtascanna inranga agus ar líne20%n/a
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
This module is category 1
Indicative Reading List

  • Flynn, C. J.: 2021, Foghlaim an Dara Teanga: Modhanna agus Tascanna sa Seomra Ranga, Cló-Iarchonnacht, Indreabhán, 9781784441784
  • Harris, J., & Ó Duibhir, P.: 2011, Múineadh Éifeachtach an Dara Teanga: Sintéis ar Thaighde, CNCM, Baile Átha Cliath,
  • Cameron, L.: 2001, Teaching Languages to Young Learners, Cambridge University Press, Cambridge, 9780511733109
  • Kim Bower,Gary N. Chambers,Do Coyle,Russell Cross: 2020, Curriculum Integrated Language Teaching, Cambridge University Press, Cambridge, 9781108687867
  • Fitzpatrick, T., Morris, S., Clark, T., Mitchell, R., Needs, J., Tanguay, E. and Tovey, B: 2018, Rapid Evidence Assessment: Effective Second Language Teaching Approaches and Methods., Welsh Government, GSR report number 31/2018,
  • Stenson, N. & Hickey, T.: 2019, Tuiscint ar litriú na Gaeilge: Lámhleabhar do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta., Baile Átha Cliath,
  • Ioannou-Georgiou, S., & Pavlou, P.: 2011, Guidelines for CLIL implementation in primary and pre-primary education, Comhairle na hEorpa,
Other Resources

59759, Website, CNCM, 2019, Curaclam Teanga na Bunscoile, https://www.curriculumonline.ie/Primary/Curriculum-Areas/Primary-Language/?lang=ga-ie, 59760, Website, CNCM, 2019, Support Materials for Teachers: Curaclam Teanga na Bunscoile, https://curriculumonline.ie/Primary/Curriculum-Areas/Primary-Language/Resources/Support-Materials/All-Strands-PLC-Support-Materials.pdf?ext=.pdf, 59761, Website, COGG, 0, Acmhainní Bunscoile Gaeilge, COGG, https://www.cogg.ie/gaeilge/,
Programme or List of Programmes
PMEPProfessional Master of Education Primary
Archives:

My DCU | Loop | Disclaimer | Privacy Statement