DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU

Module Specifications..

Current Academic Year 2023 - 2024

Please note that this information is subject to change.

Module Title An Nuafhilíocht agus na hAmhráin
Module Code FN151
School 58
Module Co-ordinatorSemester 1: Sean Mac Risteaird
Semester 2: Sean Mac Risteaird
Autumn: Sean Mac Risteaird
Module TeachersColm O Ciardubhain
Sile Denvir
Sean Mac Risteaird
NFQ level 8 Credit Rating 5
Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None
Repeat examination
Description

Pléifear sa mhodúl seo le dhá ghné éagsúla de shaíocht liteartha na hÉireann a bhfuil dlúthbhaint acu lena chéile: (i) an nuafhilíocht agus (ii) na hamhráin thraidisiúnta. Is é cuspóir an mhodúil ná tuiscint na mac léinn ar fhilíocht Ghaeilge na linne a fhorbairt agus a threisiú i gcomhthéacs amhránaíocht thraidisúnta na teanga. Is é cur chuige an mhodúil mionstaidéar a dhéanamh ar réimse dánta ag féachaint le suim na mac léinn san fhilíocht a mhúscailt, ceisteanna a dhúiseacht ina n-intinn faoi nádúr agus mianach na nuafhilíochta Gaeilge, agus foclóir dioscúrsúil a fhorbairt. Déanfar tuiscint na mac léinn ar chomhthéacs na nuafhilíochta a shaibhriú trí staidéar a dhéanamh ar chomhthéacs, ar thréithe agus ar fheidhm na hamhránaíochta Gaeilge. Déanfar scileanna éisteachta agus anailíse na mac léinn a fhorbairt trí éisteacht le hamhráin éagsúla, idir amhráin thraidisiúnta agus amhráin nuachumtha Gaeilge, agus tabharfar an tuiscint dóibh gur gné dhílis de thraidisiún na Gaeilge agus de shaol comhaimseartha na Gaeilge í an amhránaíocht agus gur minic dlúthbhaint idir an ghné sin de shaíocht na Gaeilge agus saothrú na nuafhilíochta mar fheiniméan cultúrtha. Cuirfear raon leathan acmhainní foghlama ilmheáin ar fáil do na mic léinn a bheidh bunaithe ar ábhar na léachtaí. Beidh na mic léinn in ann úsáid a bhaint as an ábhar seo a chuirfear ar fáil ar LOOP lena gcuid scileanna éisteachta agus teanga a fhorbairt.

Learning Outcomes

1. ábhar agus stíl na n-amhrán traidisiúnta Gaeilge a phlé.
2. luach na n-amhrán mar shaothair ealaíne a mhíniú.
3. cineálacha éagsúla amhrán a aithint, agus na téamaí agus na feidhmeanna a bhaineann leis na hamhráin thraidisiúnta a scagadh agus samplaí díobh a lua.
4. téamaí áirithe i réimse dánta Gaeilge a phlé agus a mhíniú.
5. cur síos cuimsitheach a dhéanamh ar theicníochtaí éagsúla filíochta.
6. anailís a dhéanamh as a stuaim féin ar amhráin agus ar dhánta Gaeilge ar bhealach níos cumasaí agus níos tuisceanaí.



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Lecture24No Description
Independent Study50No Description
Online activity51No Description
Total Workload: 125

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Assessment Breakdown
Continuous Assessment0% Examination Weight100%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
This module is category 1
Indicative Reading List

  • Ó Conghaile, Mícheál, Ó Tuairisc, Lochainn, Ó Ceannabháin, Peadar (eag.): 2013, Leabhar Mór na nAmhrán, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán,
  • Denvir, Gearóid (eag.): 2000, Duanaire an Chéid, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán,
  • Ní Fhrighil, Rióna (eag.): 2010, Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge, Cois Life, Baile Átha Cliath,
Other Resources

None
Programme or List of Programmes
BAJHBachelor of Arts (BAJH)
BAJIBachelor of Arts (BAJI)
GGBA Gnó agus Gaeilge
SMPHSSSingle Module Programme (Hum Soc Sci)
Archives:

My DCU | Loop | Disclaimer | Privacy Statement