DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU

Module Specifications..

Current Academic Year 2023 - 2024

Please note that this information is subject to change.

Module Title Scéal na Gaeilge
Module Code FN152
School 58
Module Co-ordinatorSemester 1: Colm O Ciardubhain
Semester 2: Colm O Ciardubhain
Autumn: Colm O Ciardubhain
Module TeachersColm O Ciardubhain
NFQ level 8 Credit Rating 5
Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None
None
Mura mbaineann mac léinn pas amach sa Quiz beidh air / uirthi é sin a dhéanamh i gcaitheamh an tsamhraidh. Mura mbaineann mac léinn pas amach sa chur i láthair beidh air / uirthi é sin a dhéanamh i gcaitheamh an tsamhraidh, Mura mbaineann mac léinn pas amach sa chur i láthair agus sa Quiz beidh air/uirthi an dá rud a dhéanamh i gcaitheamh an tsamhraidh.
Description

Tá sé i gceist go bhfoghlaimeoidh mic léinn faoi chás na Gaeilge ó thús an fhichiú haois go dtí an lá atá inniu ann. I dtús an mhodúil míneofar cúlra agus príomheachtraí na hathbheochana do mhic léinn mar aon le staid na Gaeilge sular bunaíodh Saorstát Éireann. Déanfar forbairt ar an mbonn taca seo trí léargas ginearálta a thabhairt dóibh ar na gnéithe seo a leanas: a) an athbheochan stát-urraithe; b) cruthú agus staid reatha na gceantar Gaeltachta; c) an Ghaeilge sa chóras oideachais; d) an phleanáil corpais sa Ghaeilge; e) cainteoirí agus nuachainteoirí na Gaeilge. Tá sé i gceist go mbeidh eolas ag mic léinn ar na forbairtí, ar na beartais nó ar an taighde is cothrom le dáta a bhaineann leis na gnéithe sin, mar shampla an Caighdeán Oifigiúil Athbhreithnithe, Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Learning Outcomes

1. cur síos agus luacháil a dhéanamh ar bheartais teanga an Stáit.
2. idirdhealú a dhéanamh idir na cineálacha éagsúla cainteoirí Gaeilge atá ann agus plé a dhéanamh ar na saincheisteanna sóisialta agus teangeolaíochta a bhaineann leo.
3. sainmhíniú a thabhairt ar céard is ceantar Gaeltachta ann agus stair an choincheapa sin a rianú go hachomair.
4. cur síos achomair a dhéanamh ar an bpleanáil corpais a bhí ar siúl sa Ghaeilge ó thús an fhichiú haois go dtí an lá atá inniu ann.
5. taighde a dhéanamh ar na foinsí eolais reatha iontaofa ar thopaicí an mhodúil.



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Lecture22No Description
Independent Study55No Description
Independent Study48No Description
Total Workload: 125

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Assessment Breakdown
Continuous Assessment100% Examination Weight0%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
PresentationBeidh ar gach grúpa cur i láthair 5 nóiméad ar thopaic a bhaineann le hábhar an chúrsa. Beidh oraibh taighde a dhéanamh ar an topaic agus cur i láthair Powerpoint / Google Slides a ullmhú. Beidh ar gach mac léinn nóiméad amháin cainte a dhéanamh agus thart 2 dhá shleamhnán an duine a réiteach.60%n/a
Loop QuizBeidh dhá chuid sa Quiz: a) ceisteanna ilrogha ar luach 15 marc (15% de mharc an mhodúil) agus b) ceist fhada amháin ar luach 25 marc (25% de mharc an mhodúil).40%n/a
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
This module is category 1
Indicative Reading List

  • McCloskey, J.: 2001, Guthanna in Éag: An mairfidh an Ghaeilge beo?, Cois Life, Baile Átha Cliath,
  • Ní Dhúda, L.: 2014, Roghanna: Lámhleabhar Eolais faoin bPleanáil Teanga, Glór na nGael, Ráth Cairn,
  • Nic Pháidín, C. (eag) agus Ó Cearnaigh, S. (eag): 2008, A New View of The Irish Language, Cois Life, Baile Átha Cliath,
  • Ó Broin, B.: 2012, Thógamar le Gaeilge Iad, Coiscéim, Baile Átha Cliath,
  • Ó hIfearnáin, T. (eag) agus Ní Neachtain, M. (eag): 2012, An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc, Cois Life, Baile Átha Cliath,
  • Ó hIfearnáin, T.: 2006, Beartas Teanga, An Aimsir Óg, Baile Átha Cliath,
Other Resources

None
Programme or List of Programmes
BAJHBachelor of Arts (BAJH)
BAJIBachelor of Arts (BAJI)
GGBA Gnó agus Gaeilge
SMPHSSSingle Module Programme (Hum Soc Sci)
Archives:

My DCU | Loop | Disclaimer | Privacy Statement