Module Specifications..
Current Academic Year 2023 - 2024
Please note that this information is subject to change.
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Coursework Only |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Description Is modúl é seo a dhíríonn ar fheidhm agus ar úsáid na Litríochta do Pháistí agus ar an leas is féidir a bhaint as na healaíona béil sa Ghaeilge. Tugtar léargas ar an Litríocht do Pháistí mar áis teagaisc i múineadh na Gaeilge, áis a fhorbraíonn scileanna léitheoireachta agus scileanna teanga na bpáistí scoile. Déanfar mionscrúdú ar riachtanais an lucht léitheoireachta, agus déanfar anailís ar na feidhmeanna oideachasúla a bhaineann le litríocht na n-óg. Déanfar iniúchadh ar mhodhanna inste na dtéacsanna éagsúla, ar luachanna aeistéitiúla na saothar, agus ar an idé-eolaíocht atá taobh thiar díobh. Díreofar, freisin, ar an scéalaíocht thraidisiúnta, ar rannta do pháistí, ar na hamhráin thraidisiúnta agus ar ábhar gaolmhar eile d’fhonn eolas a chur ar an réimse tábhachtach seo i dtraidisiún na Gaeilge agus na hÉireann. Pléifear an comhthéacs soch-chultúrtha as a n-eascraíonn ábhar atá oiriúnach do mhúineadh na Gaeilge sa bhunscoil. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Learning Outcomes 1. Tuiscint a léiriú ar an gcomhthéacs as a n-eascraíonn litríocht Ghaeilge na n-óg 2. Saintréithe na n-ealaíona béil a aithint ar scéalta, ar rannta, ar amhráin agus ar ghnéithe eile den traidisiún. 3. Anailís a dhéanamh ar an léargas a fhaightear ar shaol an pháiste in ealaíona béil na Gaeilge agus i litríocht chomhaimseartha do pháistí 4. Tuiscint a léiriú ar an leas a d’fhéadfaí a bhaint as an litríocht agus as na healaíona béil i múineadh na Gaeilge sa bhunscoil. 5. Bheith ábalta scileanna anailíse a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ar ábhar ón traidisiún béil | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Content and Learning Activities
Cur síos gontaIniúchadh ar chúlra, ar chomhthéacs, ar thréithe agus ar theicnící na hamhránaíochta traidisiúnta; mionscrúdú ar na hamhráin ghrá, na hamhráin oibre agus amhráin faoi bháid; iniúchadh ar na lúibíní mar chuid lárnach den traidisiún béil; cúlra & comhthéacs na scéalaíochta traidisiúnta; an óige sa scéalaíocht thraidisiúnta; scrúdú ar luachanna an phobail sa scéalaíocht; seachadadh an traidisiúin béil; mionléamh ar théacsanna éagsúla atá dírithe ar pháistí bunscoile, idir phictiúrleabhair, fhilíocht, úrscéalta agus aistriúcháin; mionscrúdú ar riachtanais an lucht léitheoireachta; anailís ar na feidhmeanna oideachasúla a bhaineann le litríocht na n-óg; iniúchadh ar mhodhanna inste na dtéacsanna éagsúla, ar luachanna aeistéitiúla na saothar, agus ar an idé-eolaíocht atá taobh thiar díobh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Reading List
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Other Resources None | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Programme or List of Programmes
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Archives: |
|