DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU

Module Specifications..

Current Academic Year 2023 - 2024

Please note that this information is subject to change.

Module Title Scéal na Gaeilge 2
Module Code FN162
School 58
Module Co-ordinatorSemester 1: Sean Mac Risteaird
Semester 2: Sean Mac Risteaird
Autumn: Sean Mac Risteaird
Module TeachersMícheál J Ó Meachair
NFQ level 8 Credit Rating 5
Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None
None
Description

Is éard atá i gceist le Scéal na Gaeilge 2 ná forbairt níos doimhne ar phríomhthéamaí Scéal na Gaeilge 1 i Seimeastar 1. Tabharfar léargas do na mic léinn ar fhorbairtí agus ar ghluaiseachtaí éagsúla a d’imir tionchar ar athbheochan agus athneartú na Gaeilge, go háirithe sa 20/21 haois. I measc na dtopaicí a phléifear sna mhodúl seo, tá: idé-eolaíochtaí agus gluaiseachtaí móra domhanda a d’imir tionchar ar athbheochan agus cur chun cinn na Gaeilge; reachtaíocht, beartais agus pleanáil teanga an Stáit ó 1922 i leith; seirbhísí poiblí i nGaeilge stair agus staid reatha na meán cumarsáide Gaeilge (irisí, nuachtáin, seirbhísí raidió agus teilifíse, agus na meáin shóisialta); Téamaí agus tábhacht litríocht chomhaimseartha na Gaeilge. Beifear ag súil le mic léinn páirt ghníomhach a ghlacadh i léachtaí an modúil seo, leitheoireacht rialta a dhéanamh ar na topaicí a phléitear sna léachtaí agus scilleann taighde a úsáid chun tascanna éagsúla an mhodúil a chur i gcrích.

Learning Outcomes

1. Cur síos ar oidhreacht chultúrtha is liteartha bheo na Gaeilge.
2. Scéal phríomh-mheáin chlóite na Gaeilge a rianú, a rangú agus a mheas.
3. Scéal bhunú agus fhorbairt sheirbhísí raidió agus teilifíse na Gaeilge a rianú agus a mheas.
4. Sainmhíniú a thabhairt ar an gcritic liteartha agus plé ar stair na léirmheastóireacht sa Ghaeilge a ríomh ó aimsir na hathbheochana.
5. Cur síos agus plé ar mhórshaothar agus ar mhórscríbhneoirí na Gaeilge ón 20ú haois ar aghaidh.
6. Measúnú agus anailís a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge sna meáin chumarsáide nua: foilseacháin ar líne, an bhlagadóireacht, na meáin shóisialta.



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Lecture22No Description
Independent Study55No Description
Independent Study48No Description
Total Workload: 125

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Scéal na meán clóite
Plé agus anailís ar scéal na meán clóite sa Ghaeilge

Iriseoireacht chlóite na Gaeilge san am i láthair
Anailís ar chineálacha éagsúla scríbhneoireachta sa nuachtán (m.s. www.tuairisc.ie; nós.ie)

An Ghaeilge i gcúrsaí raidió san am i láthair
Plé ar staid reatha Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, agus ar ionad na Gaeilge ar stáisiúin eile (m.s. RTÉ; BBC)

Scéal na teilifíse
Plé ar ionad na Gaeilge i gcúrsaí teilifíse agus ar bhunú agus ar fhorbairt TG4

An Ghaeilge i gcúrsaí teilifíse san am i láthair
Plé ar staid reatha TG4 agus ar ionad na Gaeilge ar stáisiúin eile (m.s. RTÉ; BBC)

An Ghaeilge agus na meáin shóisialta
Plé agus anailís ar úsáid na Gaeilge sna meáin shóisialta

Mórshaothair liteartha na Gaeilge ón 20ú haois ar aghaidh.
Plé agus anailís ar mhórshaothair liteartha na Gaeilge ón 20ú haois ar aghaidh.

Léirmheastóireacht agus Critic
Plé ar stair na léirmheastóireachta liteartha sa Ghaeilge ón 20ú haois ar aghaidh.

Scileanna léitheoireachta agus an ghrinnléitheoireacht
Plé ar conas téacs a léamh agus anailís ar scileanna éagsúla léirmheastóireachta.

Assessment Breakdown
Continuous Assessment100% Examination Weight0%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
EssayBeidh dhá aiste 1000 - 1200 focal le scríobh don mhodúl seo.100%n/a
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
This module is category 1
Indicative Reading List

  • Edited by Mike Cormack and Niamh Hourigan.: 2007, Minority language media concepts, critiques, and case studies, Multilingual Matters Ltd.,
  • Breandán Delap: 2012, Ar an taifead: fís, fuaim, focal, 2, Cois Life,
  • Williams, J. E. Caerwyn (John Ellis Caerwyn), and Mairin. Ni Mhuiriosa: 1979, Traidisiun Liteartha Na nGael, Clochomhar,
  • Dáithí de Mórdha: 2022, Raidió na Gaeltachta: Cultúr & Pobal, Cló Iar-Chonnacht,
  • O'Doherty, Ó Conchubhair, O'Leary: 2017, Úrscéalta na Gaeilge, Cló Iar-Chonnacht, 9781784441708
  • Ní Fhrighil, Ríona., Róisín. Ní Ghairbhí, agus Máirín Nic Eoin: 2010, Filíocht chomhaimseartha na Gaeilge, Cois Life,
  • Aisling Ní Dhonnchadha: 1981, An Gearrscéal Sa Ghaeilge, Clóchomhar,
  • Phillip O'Leary agus Brian Ó Conchubhair: 2022, Drámaíocht na Gaeilge ón Dara Coghadh Domhanda ar Aghaidh, Cló Iar-Chonnacht,
  • Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, Pádraig Ó Liatháin, agus Róisín Ní Ghairbhí: 2021, Ó Chleamairí Go Ceamaraí, Cló Léann na Gaeilge, 9781919601335
  • Máire Ní Annracháin agus Bríona Nic Dhiarmada: 1998, Téacs agus Comhthéacs: Gnéithe de Chritic na Gaeilge, Cló Ollscoile Chorcaí,
Other Resources

None
Programme or List of Programmes
BAJHBachelor of Arts (BAJH)
BAJIBachelor of Arts (BAJI)
GGBA Gnó agus Gaeilge
Archives:

My DCU | Loop | Disclaimer | Privacy Statement