DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU

Module Specifications..

Current Academic Year 2023 - 2024

Please note that this information is subject to change.

Module Title An Téarmeolaíocht agus an Fhoclóireacht
Module Code FN246
School 58
Module Co-ordinatorSemester 1: Gearoid O Cleircin
Semester 2: Gearoid O Cleircin
Autumn: Gearoid O Cleircin
Module TeachersUna Bhreathnach
Gearoid O Cleircin
NFQ level 8 Credit Rating 5
Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None
Repeat examination
Array
Description

Tá ceithre ghné sa mhodúl seo: 1. teoiric na téarmeolaíochta agus na foclóireachta, 2. comhthéacs na Gaeilge, 3. an comhthéacs idirnáisiúnta, agus 4. obair phraiticiúil. 1. Teoiric na téarmeolaíochta agus na foclóireachta Tabharfar léargas ar staid agus ar theoiric idirnáisiúnta an dá dhisciplín agus ar na cosúlachtaí agus na difríochtaí atá eatarthu. 2. Comhthéacs na Gaeilge Tabharfar léargas stairiúil ar fhorbairt na téarmaíochta don Ghaeilge i gcomhthéacs stádas dlíthúil na teanga agus an phleanáil chorpais. Breathnófar freisin ar fhorbairt na foclóireachta ó aimsir na hAthbheochana go dtí foclóirí nua Fhoras na Gaeilge. Leagfar béim ar leith ar acmhainní digiteacha an lae inniu amhail téarma.ie agus foclóir.ie 3. An comhthéacs idirnáisiúnta Breathnófar ar shamplaí den fhoclóireacht agus den téarmeolaíocht i gcomhthéacs teangacha eile agus tabharfar spléachadh ar sheirbhísí téarmaíochta an Aontais Eorpaigh. 4. Obair phraiticiúil Déanfar taighde praiticiúil téarmeolaíochta ar bhaisc téarmaí agus foghlaimeofar faoi uirlisí taighde ar nós bunachair téarmaíochta agus acmhainní corpais.

Learning Outcomes

1. Bunchoincheapa na téarmeolaíochta agus na foclóireachta a mhíniú (msh. coincheap, ciall, téarma, sainmhíniú).
2. Léargas stairiúil agus comhaimseartha a thabhairt ar fhorbairt na foclóireachta agus na téarmeolaíochta i gcás na Gaeilge, agus plé a dhéanamh ar na sainchonstaicí sochtheangeolaíocha agus eile a bhain/a bhaineann leis an obair sin.
3. Taighde téarmeolaíochta a dhéanamh ar bhaisc téarmaí, ag úsáid áiseanna taighde le sainmhíniú a scríobh, struchtúr coincheapa a leagan amach agus dréachtmholtaí a dhéanamh i leith téarmaí.
4. Plé a dhéanamh ar an téarmeolaíocht agus an fhoclóireacht i gcomhthéacs domhanda agus tagairt a dhéanamh do chás-staidéir ar leith.



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Lecture24Léachtanna
Independent Study51Obair sa leabharlann agus ar líne, machnamh ar an t-ábhar
Group work25Grúpobair
Assignment Completion25Ullmhúchán don mheasúnacht
Total Workload: 125

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Teoiric na téarmeolaíochta
Staidéar ar na bunchoincheapa a bhaineann léi (téarma vs focal, coincheap, sainmhíniú, srl)

Pleanáil chorpais agus ionad na téarmeolaíochta laistigh de sin
Tuiscint ar an bpleanáil corpais mar chuid den phleanáil teanga; eolas faoi theangacha eile agus na saincheisteanna a bhaineann le pleanáil corpais.

Téarmeolaíocht na Gaeilge: cúlra
Cúlra stairiúil agus sochtheangeolaíochta

Téarmeolaíocht na Gaeilge: áiseanna
Iniúchadh a dhéanamh ar fhoinsí leictreonacha agus foinsí clóite. Ceartúsáid bunachar téarmaíochta agus foclóir.

Modhanna oibre na téarmeolaíochta
Buneolas ar na modhanna taighde (bunachair sonraí; foilsiú ar líne; taighde corpais; scríobh sainmhínithe)

An téarmeolaíocht agus an eagarthóireacht
Úsáid cheart na téarmaíochta agus cáipéisí á scríobh nó á gcur in eagar.

Assessment Breakdown
Continuous Assessment50% Examination Weight50%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
Assignmentn/a50%n/a
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
This module is category 1
Indicative Reading List

  • Mac Lochlainn, A.: 2010, In Ord is in Eagar,
  • Nic Pháidín, C.: 2008, 'Corpus planning for Irish - dictionaries and terminology' in A New View of the Irish Language,
  • Ní Ghallchobhair, F.: 2003, An Téarmaíocht i gComhthéacs (ar líne)., Ar fáil ag: http://www.acmhainn.ie/coiste.htm,
  • Ní Ghearáin, H.: 2008, 'Pobal na Gaeilge agus na dictionary words: Taighde eimpíreach ar an bpleanáil téarmaíochta sa Ghaeilge', Taighde agus teagasc, iml. 6,
  • Nic Pháidín, C. & Bhreathnach, Ú.: 2008, 'Téarmaíocht na Gaeilge: turgnamh in vitro', Taighde agus Teagasc, iml. 6,
  • Wright, S.E. & Budin, G. (eag): 1997, Handbook of Terminology Management. Volume I: Basic Aspects of Terminology Management, John Benjamins, Amstardam agus Philadelphia,
  • Suonuuti, H.: 2001, Guide to Terminology, Dara heagrán, TNC, Solna, an tSualainn,
  • Mac Amhlaigh, L.: 2008, Foclóirí agus foclóirithe na Gaeilge, Cois Life, Baile Átha Cliath,
  • Mag Eacháin, C.: 2014, Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana, Cois Life, Baile Átha Cliath,
  • Ní Ghallchobhair, F: 2014, Ár dTéarmaí Féin, Cois Life, Baile Átha Cliath,
Other Resources

None
Programme or List of Programmes
BAJGBachelor of Arts (BAJG)
BAJHBachelor of Arts (BAJH)
BAJHIBachelor of Arts (BAJHI)
BAJIBachelor of Arts (BAJI)
BAJIIBachelor of Arts (BAJII)
GGBA Gnó agus Gaeilge
GIBA Gaeilge agus Iriseoireacht
GIMDBA Gaeilge, Iriseoireacht & na Meáin Dh
Date of Last Revision16-DEC-09
Archives:

My DCU | Loop | Disclaimer | Privacy Statement