Module Specifications..
Current Academic Year 2023 - 2024
Please note that this information is subject to change.
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
None Array |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Description Tá trí ghné i gceist sa mhodúl seo: 1) teoiric na téarmeolaíochta, 2) an fhoclóireacht agus an téarmeolaíocht i gcás na Gaeilge, agus 3) an téarmeolaíocht phraiticiúil. Teoiric na téarmeolaíochta: Tabharfar léargas ar stair agus ar theoiric na téarmeolaíochta i gcomhthéacs idirnáisiúnta. Pléifear pleanáil, taighde, caighdeánú, dáileadh, agus ionphlandú, le samplaí as tíortha eile. An fhoclóireacht agus an téarmeolaíocht i gcás na Gaeilge: Tabharfar léargas stairiúil ar fhorbairt na téarmaíochta teicniúla sa Ghaeilge agus ar ról na bhfoclóirí agus na bhfoclóirithe san obair. Breathnófar ar mhodheolaíocht na téarmeolaíochta don Ghaeilge, idir chleachtais chumtha téarmaí agus forbairt réimsí agus bailiúchán áirithe. Pléifear tionscadail éagsúla téarmeolaíochta agus foclóireachta, go háirithe na hacmhainní digiteacha téarma.ie agus foclóir.ie. An téarmeolaíocht phraiticiúil: Déanfar obair phraiticiúil ar an téarmeolaíocht agus tabharfar traenáil ar úsáid áiseanna taighde ar nós bunachair téarmaíochta agus corpais. Déanfar taighde samplach ar bhaisc téarmaí i réimse teicniúil áirithe. . Tabharfar tuiscint ar cheartúsáid na téarmaíochta in obair aistriúcháin agus scríbhneoireachta. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Learning Outcomes 1. Bunchoincheapa na téarmeolaíochta a mhíniú (msh. coincheap, struchtúr coincheapa, téarma, téarmeolaíocht, sainmhíniú). 2. Léargas stairiúil agus comhaimseartha a thabhairt ar fhorbairt na foclóireachta agus na téarmeolaíochta i gcás na Gaeilge, agus plé a dhéanamh ar na sainchonstaicí sochtheangeolaíocha agus eile a bhain/a bhaineann leis an obair sin. 3. Taighde téarmeolaíochta a dhéanamh ar bhaisc téarmaí, ag úsáid áiseanna taighde le sainmhíniú a scríobh, struchtúr coincheapa a leagan amach agus dréachtmholtaí a dhéanamh i leith téarmaí. 4. Idirdhealú a dhéanamh ar an saintéarmaíocht chuí bunaithe ar an dtaighde 5. Buneagar a chur ar théacs | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Content and Learning Activities
Teoiric na téarmeolaíochtaStaidéar ar na bunchoincheapa a bhaineann léi (téarma vs focal, coincheap, sainmhíniú, srl)Pleanáil chorpais agus ionad na téarmeolaíochta laistigh de sinTuiscint ar an bpleanáil corpais mar chuid den phleanáil teanga; eolas faoi theangacha eile agus na saincheisteanna a bhaineann le pleanáil corpais.Téarmeolaíocht agus foclóireacht na Gaeilge: cúlraCúlra stairiúil agus sochtheangeolaíochtaTéarmeolaíocht agus foclóireacht na Gaeilge: áiseannaIniúchadh a dhéanamh ar fhoinsí téarmaíochta comhaimseartha. Ceartúsáid bunachar téarmaíochta agus foclóirí.Modhanna oibre na téarmeolaíochtaScrúdú ar na céimeanna oibre i dtionscadal téarmeolaíochta (bunachair sonraí; foilsiú ar líne; taighde corpais; scríobh sainmhínithe) | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Reading List
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Other Resources None | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Programme or List of Programmes
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Date of Last Revision | 05-OCT-10 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Archives: |
|