DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU

Module Specifications..

Current Academic Year 2023 - 2024

Please note that this information is subject to change.

Module Title An Nuafhilíocht 2
Module Code FN253
School 58
Module Co-ordinatorSemester 1: Caitriona Ni Chleirchin
Semester 2: Caitriona Ni Chleirchin
Autumn: Caitriona Ni Chleirchin
Module TeachersCaitriona Ni Chleirchin
Sean Mac Risteaird
NFQ level 8 Credit Rating 5
Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None
None
Beidh ar na mic léinn a dteipeann orthu sa mhodúl athscrúdú a dhéanamh i gcaitheamh an tsamhraidh.
Description

Is é cuspóir an mhodúil seo ná eolas agus tuiscint na mac léinn ar nuafhilíocht na Gaeilge a fhorbairt trí mhionstaidéar liteartha agus teanga a dhéanamh ar chnuasach téamúil le filí comhaimseartha éagsúla. Déanfar scileanna léitheoireachta agus léirmhínithe na mac léinn a fhorbairt trí mhionstaidéar a dhéanamh ar dhánta le filí éagsúla ar théamaí óige, grá agus caidrimh agus trí scrúdú ar leith a dhéanamh ar shaothar roinnt nuafhilí, e.g. Biddy Jenkinson, Nuala Ní Dhomhnaill agus Seán Ó Riordáin. Chomh maith leis na léachtaí, beidh fáil ag na mic léinn ar raon leathan acmhainní foghlama ilmheáin ar leathanaigh LOOP an chúrsa, ina measc aonaid mheasúnaithe teanga agus foclóra CLILSTORE, scannáin faisnéise, físeáin de na filí agus acmhainní beathaisnéise. Beifear ag súil go bhfreastalóidh mic léinn ar na léachtaí; go léifidh siad go cúramach an téacs lárnach 'Gaolta Gairide' agus aon téacs eile a chuirtear ar fáil le linn léachtaí an chúrsa; go rachaidh siad i ngleic le roinnt den ábhar critice a luaifear sa leabharliosta agus sna léachtaí; agus go mbainfear úsáid rialta as na hacmhainní foclóra ag www.CLILSTORE.net agus as na sainacmhainní foghlama (idir fhíseáin, chomhaid fuaime, agus chleachtaí tuisceana agus teanga) atá curtha ar fáil ar shuíomh LOOP/ MOODLE an chúrsa mar thaca don léitheoireacht.

Learning Outcomes

1. Dánta le filí comhaimseartha na Gaeilge a léamh go tuisceanach agus a léirmhíniú
2. Meafair, stór focal agus córas íomháineachais na ndánta a mhíniú agus a phlé
3. Ábhar ó thraidisiún liteartha agus ó thraidisiún béil na Gaeilge atá ar chúl dánta comhaimseartha a aithint agus a phlé
4. Eolas beathaisnéisiúil agus stairiúil a láimhseáil go tuisceanach
5. Téamaí na ndánta a cheangal le hábhar ó chúrsaí eile atá ar siúl ag na mic léinn (mar shampla, cúrsaí san Oideachas, sa tSíceolaíocht, sa Stair, sa Bhéarla nó i bhForbairt an Duine)
6. Téarmaí na critice liteartha a láimhseáil go cruinn



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Lecture24No Description
Independent Study50Léitheoireacht
Online activity51• Obair ar na hacmhainní ar leathanach LOOP an mhodúil
Total Workload: 125

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Assessment Breakdown
Continuous Assessment0% Examination Weight100%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
This module is category 1
Indicative Reading List

    Other Resources

    None
    Programme or List of Programmes
    BAJHBachelor of Arts (BAJH)
    BAJIBachelor of Arts (BAJI)
    GGBA Gnó agus Gaeilge
    Archives:

    My DCU | Loop | Disclaimer | Privacy Statement