Module Specifications..
Current Academic Year 2023 - 2024
Please note that this information is subject to change.
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
None |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Description Is é cuspóir an mhodúil go bhfaigheadh an mac léinn léargas ar litríocht na Gaeilge sa 17ú agus san 18ú haois trí grinnstaidéar a dhéanamh ar dhánta agus saothair phróis le mórscríbhneoirí na tréimhse. Déanfar mionanailís ar na téacsanna ó thaobh na teanga agus na foirme. Pléifear na húdair agus na téamaí atá faoi chaibidil acu i gcomhthéacs chultúr agus shaol sóisialta na hÉireann ag an am ar scríobhadh iad. Díreofar ar na téacsanna ar leibhéil éagsúla d'fhonn scileanna léitheoireachta agus anailíse na mac léinn ar litríocht na tréimhse seo a fhorbairt. Gheobhaidh an mac léinn tuiscint ar an athrú a tháinig ar an litríocht i dtús an 17ú haois agus ar na cúinsí soch-chultúrtha ba chionsiocair leis. Pléifear an chaoi ar fhreagair lucht léinn na Gaeilge d’imeachtaí móra polaitíochta na linne. Déanfaidh na mic léinn iniúchadh ar athmhúnlú an traidisiúin liteartha san 18ú haois agus gheobhaidh sé / sí tuiscint ar bhisiúlacht agus cruthaitheacht na bhfilí sa tréimhse sin. Gheobhaidh sé / sí deis chomh maith dul i ngleic leis an bplé scoláiriúil atá déanta ar litríocht na tréimhse seo agus leis an taighde atá déanta ar an tréimhse seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Learning Outcomes 1. Téacsanna liteartha ón 17ú agus ón 18ú haois a léamh go héifeachtach 2. Saintréithe teanga fhilíocht an 17ú agus an 18ú haois a anailísiú. 3. Buntréithe meadarachta, friotail, agus stíle fhilíocht an 17ú agus an 18ú haois a shainaithint. 4. Forbairt théamúil litríocht an 17ú agus an 18ú haois a rianú. 5. Cúlra agus comhthéacs polaitiúil agus soch-chultúrtha litríocht an 17ú agus an 18ú haois a léiriú. 6. Dul i ngleic leis an litríocht scoláiriúil agus acadúil faoin ábhar is í a phlé i gcomhthéacs teoiricí liteartha ábharacha. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Content and Learning Activities
Litríocht na Gaeilge 1600-1800Grinnstaidéar ar litríocht agus phrós na tréimhse 1600-1800; oiliúint ar théacsanna samplacha ón tréimhse a léamh go héifeachtach ó thaobh ábhair, téamaí, agus foirme; treoir don taighde scoláiriúil faoin litríocht seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Reading List
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Other Resources None | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Programme or List of Programmes
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Archives: |
|