Module Specifications.
Current Academic Year 2024 - 2025
All Module information is indicative, and this portal is an interim interface pending the full upgrade of Coursebuilder and subsequent integration to the new DCU Student Information System (DCU Key).
As such, this is a point in time view of data which will be refreshed periodically. Some fields/data may not yet be available pending the completion of the full Coursebuilder upgrade and integration project. We will post status updates as they become available. Thank you for your patience and understanding.
Date posted: September 2024
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
None |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Description Sa bhaile agus i gcéin: An duine, an dúchas agus an díláithriú i ndrámaíocht agus scannánaíocht na Gaeilge. Is é cuspóir an mhodúil seo ná léargas a thabhairt ar ealaíona drámatúla na Gaeilge, idir shean agus nua, trí mhionstaidéar a dhéanamh ar dhrámaí stáitse agus ar scannáin chomhaimseartha. Déanfar eolas agus tuiscint na mac léinn ar an drámaíocht a fhorbairt trí staidéar a dhéanamh ar dhrámaí le húdair aitheanta (mar shampla Antoine Ó Flatharta, Joe Steve Ó Neachtain, Celia de Fréine). Déanfar plé ar ábhar agus ar stíl na ndrámaí agus, trí mheán an phlé seo, cothófar scileanna léitheoireachta agus léirmhínithe na mac léinn. Déanfar anailís ar leith ar an ‘mbaile’ mar choincheap agus ar an dúchas agus an díláithriú sna saothair seo. Bainfear úsáid as acmhainní teicneolaíochta agus cuirfidh mic léinn Ríomhphunann le chéile. Beidh an téama céanna lárnach sa phlé agus san anailís a dhéanfar ar scannáin chomhaimseartha agus beidh deis ag mic léinn comparáid a dhéanamh eatarthu. I measc na scannán a bheidh faoi chaibidil beidh Kings (2007), Song of Granite (2017), Arracht (2019). Pléifear an borradh atá faoi thionscal scannánaíochta na Gaeilge agus an t-athshaothrú a dhéantar ar ábhar ón traidisiún béil (an amhránaíocht/ an scéalaíocht) ar scáileán na linne seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Learning Outcomes 1. Drámaí Gaeilge a phlé agus a léirmhíniú. 2. Páirt ghníomhach a ghlacadh in obair ghrúpa. 3. Anailís a dhéanamh ar théama na himirce i saothair éagsúla agus scileanna léirmheastóireachta a chleachtadh. 4. Comparáid a dhéanamh idir drámaí agus scannáin le húdair éagsúla agus téamaí gaolmhara a aithint agus a phlé. 5. Sainréimse téarmaíochta na drámaíochta agus na scannánaíochta a úsáid go cruinn. 6. Scileanna machnamhacha agus criticiúla a fhorbairt | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Content and Learning Activities
DrámaíochtPlé ar dhrámaí ar leith le drámadóirí éagsúla. Deiseanna plé agus anailís i ngrúpaí beaga. Beidh ceangal teamúil idir na saothair éagsúla.ScannánaíochtPléifear scannáin nua-aimseartha agus forbairtí nuálacha sna taibhealaíona. Leanfar leis an gcur chuige teamúil agus beidh deiseanna plé ag mic léinn. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Reading List
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Other Resources 45277, Suíomh idirlín/website, TG4, 0, Suíomh idirlín TG4/ TG4 Television station website, www.tg4.ie, 45278, Website, 0, Playography Ireland, http://www.irishplayography.com/, 51641, Film, Collins, P., 2017, Song of Granite, 51642, Film, Collins, T., 2007, Kings, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||