Module Specifications..
Current Academic Year 2023 - 2024
Please note that this information is subject to change.
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
None |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Description Cúrsa Gaeilge do mhúinteoirí meánscoile faoi oiliúint é Teanga 2. Tá an modúl bunaithe go ginearálta ar Mheánleibhéal 2 (B2) den Fhráma Tagartha Eorpach do Theangacha (CEFR). Is é príomhaidhm an chúrsa seo ná inniúlachtaí theanga na mac léinn a fhorbairt sa chaoi go mbeidh siad ábalta an Ghaeilge a labhairt agus a scríobh go héifeachtach le go mbeidh siad in ann an Ghaeilge a theagasc ina ról mar mhúinteoirí meánscoile. Leathnaítear a stór focal agus cuirtear leis an líofacht ag díriú ar na ceithre scil teanga. Baintear leas as téacsanna dílse sna ranganna, bunaithe ar thopaicí a bhaineann le saol an mhic léinn BOid meánscoile. Féachtar ar ghnéithe ar leith den ghramadach, de réir mar a thagann siad chun cinn, sna téacsanna sin faoi stiúir an teagascóra. Déanfar foghlaimeoirí fadsaoil a chothú i gcomhthéacs an mhodúil. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Learning Outcomes 1. Tuiscint mhaith a léiriú ar struchtúir na teanga agus ar an ngaol atá ag patrúin éagsúla lena chéile. 2. Tarraingt ar a thuiscint ar bhunstruchtúir na teanga chun struchtúir chruinne a chur ar fáil go réasúnta leanúnach ina chuid scríbhneoireachta agus ina chuid cainte. 3. Páirt ghníomhach a ghlacadh i ngnáthchomhrá agus beidh roinnt straitéisí aige chun déileáil le heasnaimh teanga. 4. Déileáil le téarmaíocht na gramadaí go muiníneach cumasach agus eolas a aimsiú i bhfoinsí tagartha cuí. 5. Stór focal a leathnú agus a shaibhriú, éagsúlacht áirithe a léiriú agus athrá rialta a sheachaint sa chaint agus sa scríobh. 6. Téacsanna caighdeánacha a thuiscint gan mórán stró agus tuiscint shásúil a léiriú ar réimse leathan téacsanna eile. 7. Téacs soléite a chur ar fáil atá leagtha amach go soiléir agus a bhfuil cruinneas sásúil le sonrú air maidir le litriú, sínte fada agus ceartúsáid comharthaí poncaíochta. 8. Dul i ngleic go muiníneach leis na cineálacha téacsanna éisteachta is coitianta a thiocfaidh ina threo chomh maith le héirim téacsanna éisteachta casta a thabhairt leis. 9. A chuid deacrachtaí foghraíochta sna bunfhuaimeanna Gaeilge a aithint agus tuiscint a léiriú ar rithim nádúrtha na Gaeilge. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Content and Learning Activities
Gnéithe teanga a phléitear i rith an mhodúilAn Aimsir Fháistineach; An Modh Coinníollach; Má agus Dá; An Saorbhriathar; Na Briathra agus na hAimsirí; Réamhfhocail; Forainmneacha Réamhfhoclacha; Inscne an Ainmfhocail; An Tuiseal Ginideach; Díochlaontaí an Ainmhfhocail; Tuiseal Gindeach Uatha agus Iolra; Réamhfhocail agus Forainmneacha Réamhfhoclacha; Uimhreacha: Bunuimhreacha, Uimhreacha Pearsanta agus Orduimhreacha | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Reading List
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Other Resources 48835, Suíomh gréasáin, 0, Teanglann.ie: Leabharlann teanga agus foclóireachta, www.teanglann.ie, 48836, Suíomh gréasáin, 0, Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge, www.tearma.ie, 48837, Suíomh gréasáin, 0, Foclóir.ie: An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge, www.focloir.ie, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Programme or List of Programmes
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Archives: |
|