DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU

Module Specifications..

Current Academic Year 2023 - 2024

Please note that this information is subject to change.

Module Title Gaeilge
Module Code FN275
School 58
Module Co-ordinatorSemester 1: Gearoidin Ui Laighleis
Semester 2: Caoimhe NicLochlainn
Autumn: Caoimhe NicLochlainn
Module TeachersGearoidin Ui Laighleis
Caoimhe NicLochlainn
Bernie Ní Mhuircheartaigh
Doireann Ni Ghlacain
NFQ level 8 Credit Rating 2.5
Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None
None
Description

Cúrsa teanga d'ábhair oidí sa dara bliain atá sa chúrsa seo. Is é príomhchuspóir an chúrsa ná inniúlachtaí na mac léinn a fhorbairt sa chaoi go mbeidh siad ábalta an Ghaeilge a labhairt agus a scríobh go saoráideach, go háirithe i gcomhthéacs a gcuid dualgaisí mar ábhair oidí sa seomra ranga. Cuirtear ar chumas na mac léinn an teanga a labhairt níos saoráidí fós mar theanga chaidrimh agus léinn agus í a úsáid gan mórán stró mar theanga a ngairme. Déantar leathnú ar an stór focal agus cuirtear leis an líofacht trí mheán na cainte, na léitheoireachta, na scríbhneoireachta agus na héisteachta. Féachtar le cruinneas maith a bhaint amach i dtaca le gramadach agus litriú na Gaeilge. Bainfear leas as acmhainní teicneolaíochta chun feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga. Cothóidh an cúrsa feasacht teanga agus feasacht chultúrtha na mac léinn agus cothófar foghlaimeoirí fadsaoil machnamhacha i leith na teanga. Spreagfar iad leis an nGaeilge a úsaid go neamhspleách mar theanga chaidrimh taobh amuigh de na ranganna sceidealaithe agus spreagfar féinfheasacht fhoghlama i measc na mac léinn le go bhforbrófar a scileanna machnamhacha agus criticiúla.

Learning Outcomes

1. Tuiscint mhaith a léiriú ar struchtúir na teanga agus ar an ngaol atá ag patrúin éagsúla lena chéile.
2. Tarraingt ar a thuiscint ar bhunstruchtúir na teanga chun struchtúir chruinne a chur ar fáil go réasúnta leanúnach ina chuid scríbhneoireachta agus ina chuid cainte.
3. Páirt iontach ghníomhach a ghlacadh i ngnáthchomhrá agus straitéisí a úsáid chun déileáil le heasnaimh teanga sa scríobh agus sa chaint.
4. Déileáil le téarmaíocht na gramadaí go muiníneach cumasach agus eolas a aimsiú i bhfoinsí tagartha cuí.
5. Stór focal a leathnú agus a shaibhriú i dtaca le topaicí an tsiollabais agus faoi fhormhór na dtopaicí a thiocfadh chun cinn sa chaint laethúil agus ina saol gairmiúil mar mhúinteoirí. Athrá rialta a sheachaint sa chaint agus sa scríobh.
6. Téacsanna caighdeánacha a thuiscint gan mórán stró agus tuiscint shásúil a léiriú ar réimse leathan téacsanna eile.
7. Tuiscint a léiriú ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do theangacha agus orthu féin mar fhoghaimeoirí agus mar ábhair oidí.
8. Eolas a fháil ar acmhainní teicneolaíochta chun feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga idir labhartha agus scríofa.



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Seminars22Ranganna Teagaisc
Independent Study40.5Ábhar criticiúil / aistí / suímh idirlín / ullmhúchán don scrúdú
Total Workload: 62.5

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Ábhar Táscach
Tá an cúrsa teanga seo bunaithe ar théacsanna dílse agus ar théacsanna atá cruthaithe go speisialta don ghrúpa (idir théacsanna clóite, théacsanna éisteachta agus théacsanna físe) dírithe ar thopaicí a bhfuil spéis acu iontu agus a bhaineann le saol agus timpeallacht an mhic léinn B Oid. Saol an mhic léinn; Litríocht do pháistí; faisean gasta; Iarrthóirí Tearmainn; An Soláthar Díreach; Ciníochas sa Seomra Ranga; Corpoideachas; An Phaindéim; cearta LGBQT+. Scrúdaítear gnéithe ar leith den ghramadach, de réir mar a thagann siad chun cinn sna téacsanna sin, agus déantar struchtúir ar leith agus stór focal a chleachtadh. Faoi stiúir an teagascóra ranga, tugann mic léinn faoi thascanna éagsúla teanga bunaithe ar na téacsanna seo. Pléitear agus déantar cleachtadh ar na struchtúir ghramadaí agus na réimsí foclóra a theastaíonn chun na tascanna a chur i gcrích agus oiltear an mac léinn in úsáid éifeachtach foinsí tagartha Gaeilge ar nós teanglann.ie , foinsí eolais faoin ngramadach, agus foinsí tagartha ar líne. Tugtar deiseanna don mhac léinn a scileanna cainte a chleachtadh trí obair phéire agus obair ghrúpa sa rang.

ábhar táscach
físeáín

Assessment Breakdown
Continuous Assessment40% Examination Weight60%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
Assignment4 short tasks, 2 written and two oral, one based on Gaeltacht Placement. Formative assessments-Loop Quizzes which test their knowledge of grammar and comprehension.40%n/a
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
This module is category 1
Indicative Reading List

  • Mac Murchaidh, Ciarán: 2016, Cruinnscríobh na Gaeilge, 6, Cois LIfe, Baile Átha Cliath, 9781907494765
Other Resources

50127, website, 0, www.teanglann.ie, 50128, website, 0, www.tearma.ie, 50129, website, 0, www.teagascnagaeilge.ie,
Programme or List of Programmes
BEDBachelor of Education
Archives:

My DCU | Loop | Disclaimer | Privacy Statement