Module Specifications..
Current Academic Year 2023 - 2024
Please note that this information is subject to change.
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
None |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Description Is é cuspóir an mhodúil seo léargas leathan a thabhairt do mhic léinn ar Nuaphrós na Gaeilge trí mhionstaidéar liteartha agus teanga a dhéanamh 1) ar dhíolaim théamúil le prós-scríbhneoirí éagsúla agus 2) ar úrscéal comhaimseartha. Déanfar scileanna léitheoireachta agus léirmhínithe na mac léinn a fhorbairt trí mhionscrúdú a dhéanamh ar théama na himirce i scéalta dírbheathaisnéise agus ficsin le húdair éagsúla. Pléifear ábhar ó na mórcheantair Ghaeltachta ar fad, scrúdófar seánraí éagsúla próis, agus cuirfear na scéalta imirce i gcomhthéacs fhorbairt ghinearálta na nualitríochta. Tarraingeofar aird ar leith ar shaothar údar mar Phádraic Ó Conaire agus féachfar le saothair ó thréimhsí agus ó réigiúin éagsúla a chur i gcomparáid lena chéile. Féachfar, mar shampla, ar an earraíocht a baineadh as an mbéaloideas san úrscéal comhaimseartha agus déanfar iniúchadh ar theicnící agus stíleanna éagsúla scríbhneoireachta i saothair chruthaitheacha na Gaeilge, go háirithe an stíl a úsáidtear san úrscéal thuasluaite. Déanfar plé ar an leabhar mar scéinséir / úrscéal bleachtaireachta agus féachfar ar an chorpas de scéinséir / úrscéalta bleachtaireachta atá scríofa i nGaeilge go dtí seo. Chomh maith leis na léachtaí, beidh fáil ag na mic léinn ar raon acmhainní foghlama ilmheáin ar leathanaigh LOOP an chúrsa, ina measc scannáin faisnéise, físeáin agus acmhainní beathaisnéise. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Learning Outcomes 1. Cur síos a dhéanamh ar théama na himirce i nuaphrós na Gaeilge 2. Anailís a dhéanamh ar sheánraí éagsúla próis agus ar mhodhanna éagsúla reacaireachta. 3. Léirmheas a dhéanamh ar ábhar agus ar stíl saothair le húdair áirithe. 4. Comparáid a dhéanamh idir saothair éagsúla a cumadh faoin ábhar céanna. 5. Comparáid a dhéanamh idir taithí na mban agus taithí na bhfear ar an imirce, mar a léirítear i nuaphrós na Gaeilge í. 6. Téarmaíocht na critice liteartha a láimhseáil go tuisceanach agus go muiníneach. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Content and Learning Activities
Litríocht na hImirce agus an t-úrscéal Tairngreacht le Proinsias Mac a' BhairdDéantar mionléamh anailíseach ar théacsanna ar leith d’fhonn tuiscint ghrinn a fháil ar láimhseáil mhórthéamaí na himirce agus na deoraíochta i nuaphrós na Gaeilge. Déantar cúram ar leith de chúrsaí teanga agus stíle agus d’fhorbairt seánraí éagsúla próis (na cuimhní cinn, an aiste, an dírbheathaisnéis, an gearrscéal, an t-úrscéal). Taispeántar scannáin faisnéise a thugann léargas breise ar ábhar agus ar chúlra na dtéacsanna liteartha. Déantar staidéar ar léiriú an bhéaloidis in úrscéalta comhaimseartha na Gaeilge agus féachtar le léargas ar leith a thabhairt ar chorpas na scéinséirí sa Ghaeilge. Féachtar le stór focal na mac léinn a fhorbairt trid an mionléamh téacsúil agus trí aird a dhíriú ar théarmaí úsáideacha agus ar choincheapa úsáideacha critice agus léirmhínithe. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Reading List
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Other Resources 46060, Scannán, Bell, Desmond, 2000, Rotha Mór an tSaoil, TG4, Faction Films, 46061, Scannán, Quinn, Bob, 2002, Damhsa an Deoraí, Gael Media, 46062, Scannán, White, Johnny, 0, Pádraic Ó Conaire: ‘An Fear’, Seanchas Productions, 46063, Suíomh Idirlín, 0, ainm.ie, www.ainm.ie, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Programme or List of Programmes | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Archives: |
|