DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU

Module Specifications..

Current Academic Year 2023 - 2024

Please note that this information is subject to change.

Module Title Nuaphrós na Gaeilge
Module Code FN312A
School 58
Module Co-ordinatorSemester 1: Eadaoin Ni Mhuircheartaigh
Semester 2: Gearoidin Ui Laighleis
Autumn: Eadaoin Ni Mhuircheartaigh
Module TeachersGearoidin Ui Laighleis
Eadaoin Ni Mhuircheartaigh
NFQ level 8 Credit Rating 5
Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None
Repeat examination
Description

Is é cuspóir an mhodúil seo léargas leathan a thabhairt do mhic léinn ar Nuaphrós na Gaeilge trí mhionstaidéar liteartha agus teanga a dhéanamh 1) ar dhíolaim théamúil le prós-scríbhneoirí éagsúla agus 2) ar shaothar na scríbhneoirí Conallacha, Séamus Ó Grianna agus Seosamh Mac Grianna. Déanfar scileanna léitheoireachta agus léirmhínithe na mac léinn a fhorbairt trí mhionscrúdú a dhéanamh ar théama na himirce i scéalta dírbheathaisnéise agus ficsin le húdair éagsúla. Pléifear ábhar ó na mórcheantair Ghaeltachta ar fad, scrúdófar seánraí éagsúla próis, agus cuirfear na scéalta imirce i gcomhthéacs fhorbairt ghinearálta na nualitríochta. Tarraingeofar aird ar leith ar shaothar údar mar Phádraic Ó Conaire agus féachfar le saothair ó thréimhsí agus ó réigiúin éagsúla a chur i gcomparáid lena chéile. Déanfar scrúdú comparáideach ar shaothar na nGriannach, mar léiriú ar threochtaí éagsúla aeistéitice sa nuaphrós. Déanfar iniúchadh ar chúinsí sóisialta agus cultúrtha na saothar agus ar chúlra agus ar chomhthéacs beathaisnéiseach na n-údar. Chomh maith leis na léachtaí, beidh fáil ag na mic léinn ar raon acmhainní foghlama ilmheáin ar leathanaigh LOOP an chúrsa, ina measc scannáin faisnéise, físeáin agus acmhainní beathaisnéise.

Learning Outcomes

1. Cur síos a dhéanamh ar théama na himirce i nuaphrós na Gaeilge
2. Anailís a dhéanamh ar sheánraí éagsúla próis agus ar mhodhanna éagsúla reacaireachta.
3. Léirmheas a dhéanamh ar ábhar agus ar stíl saothair le húdair áirithe.
4. Comparáid a dhéanamh idir saothair éagsúla a cumadh faoin ábhar céanna.
5. Comparáid a dhéanamh idir taithí na mban agus taithí na bhfear ar an imirce, mar a léirítear i nuaphrós na Gaeilge í.
6. Téarmaíocht na critice liteartha a láimhseáil go tuisceanach agus go muiníneach.



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Lecture24Lecture
Independent Study101No Description
Total Workload: 125

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Litríocht na hImirce agus Saothar na nGriannach
Déantar mionléamh anailíseach ar théacsanna ar leith d’fhonn tuiscint ghrinn a fháil ar láimhseáil mhórthéamaí na himirce agus na deoraíochta i nuaphrós na Gaeilge. Déantar cúram ar leith de chúrsaí teanga agus stíle agus d’fhorbairt seánraí éagsúla próis (na cuimhní cinn, an aiste, an dírbheathaisnéis, an gearrscéal, an t-úrscéal). Taispeántar scannáin faisnéise a thugann léargas breise ar ábhar agus ar chúlra na dtéacsanna liteartha. Déantar staidéar comparáideach ar shaothar na nGriannach, Séamas agus Seosamh, an bheirt scríbhneoirí is tabhachtaí i gCúige Uladh san fhichiú haois. Féachtar le léargas ar leith a thabhairt ar chúlra sóisialta agus cultúrtha shaothar na beirte agus ar a dtábhacht i bhforbairt an nuaphróis i gcoitinne. Féachtar le stór focal na mac léinn a fhorbairt trid an mionléamh téacsúil agus trí aird a dhíriú ar théarmaí úsáideacha agus ar choincheapa úsáideacha critice agus léirmhínithe.

Assessment Breakdown
Continuous Assessment100% Examination Weight0%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
Essayn/a100%n/a
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
This module is category 1
Indicative Reading List

  • Mac Grianna, Seosamh: 2004, Mo bhealach féin, An Gúm, Baile Átha Cliath,
  • Ní Dhonnchadha, Aisling & Máirín Nic Eoin: 2008, Ar an gCoigríoch: Díolaim Litríochta ar Scéal na hImirce, Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán,
  • Ó Grianna, Séamas: 2002, Cith is Dealán, Coiscéim, Baile Átha Cliath,
  • Cowley, Ultan: 2001, The Men who Built Britain: A History of the Irish Navvy, Wolfhound Press, Dublin,
  • de Brún, Fionntán: 2003, Seosamh Mac Grianna An Mhéin Rúin, An Clóchomhar Tta., Baile Átha Cliath,
  • De Mórdha, Mícheál: 2011, Imirce agus Imigéin: Ceiliúradh an Bhlascaoid 3, Coiscéim, Baile Átha Cliath,
  • Diner, Hasia: 1983, Erin’s Daughters in America: Irish immigrant women in the nineteenth century, John Hopkins University Press, Baltimore,
  • Dunne, Catherine: 2006, An Unconsidered People: The Irish in London, New Island, Dublin,
  • Harte, Liam: 2009, The Literature of the Irish in Britain: Autobiography and Memoir, 1725-2001 (, Palgrave Macmillan, London,
  • Kiberd, Declan: 1993, Idir dhá Chultúr, ‘Pádraic Ó Conaire agus Cearta an Duine’, Coiscéim, Baile Átha Cliath,
  • Mac an Bheatha, Proinsias: 1970, Seosamh Mac Grianna agus cúrsaí eile, Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, Baile Átha Cliath,
  • Mac Congáil, Nollaig (eag.): 1994, Rí Éigeas na nGael: Léachtaí Cuimhneacháin ar Sheosamh Mac Grianna, Coiscéim, Baile Átha Cliath,
  • Ní Dhonnchadha, Aisling: 2002, Idir Dhúchas agus Dualgas: Staidéar ar Charachtair Mhná sa Ghearrscéal Gaeilge 1940-1990, An Clóchomhar, Baile Átha Cliath,
  • Nic Eoin, Máirín: 2005, Trén bhfearann breac, “Idir Dhá Shaol”: An Díláithriú Cultúir agus Téama na Deoraíochta, Cois Life, Baile Átha Cliath,
  • Ó Broin, Tomás: 1984, Saoirse Anama Uí Chonaire, T. O'Broin, Gaillimh,
  • Ó Muirí, Pól: 1999, Flight of Shadow, Lagan Press, Belfast,
  • Ó Muirí, Pól: 2007, Seosamh Mac Grianna: Míreanna Saoil, Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán,
  • O’Leary, Philip: 2004, Gaelic Prose in the Irish Free State 1922-1939, University College Dublin Press, Dublin,
  • O’Leary, Philip: 1994, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 1881-1921: Ideology and Innovation, Pennsylvania State University Press, Pennsylvania,
  • Riggs, Pádraigín: 1994, Pádraic Ó Conaire: Deoraí, An Clóchomhar, Baile Átha Cliath,
Other Resources

48593, Scannán, Bell, Desmond, 2000, Rotha Mór an tSaoil, TG4, Faction Films, 48594, Scannán, Quinn, Bob, 2002, Damhsa an Deoraí, Gael Media, 48595, Scannán, White, Johnny, 0, Pádraic Ó Conaire: ‘An Fear’, Seanchas Productions, 48596, Suíomh Idirlín, 0, ainm.ie, www.ainm.ie,
Programme or List of Programmes
GGBA Gnó agus Gaeilge
Archives:

My DCU | Loop | Disclaimer | Privacy Statement