DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU

Module Specifications..

Current Academic Year 2023 - 2024

Please note that this information is subject to change.

Module Title Gaeilge 4
Module Code FN431
School 58
Module Co-ordinatorSemester 1: Trevor Herbert
Semester 2: Trevor Herbert
Autumn: Trevor Herbert
Module TeachersGearoidin Ui Laighleis
Trevor Herbert
NFQ level 8 Credit Rating 2.5
Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None
Coursework Only
Description

Sa chúrsa seo, déantar scileanna teanga uile na mac léinn (éisteacht, labhairt, léamh agus scríobh), mar aon lena dtuiscint ar shuíomh agus ar ról na Gaeilge agus an dátheangachais sa scoil a chleachtadh agus a fhorbairt trí thascanna ranga, obair neamhspleách agus obair bhaile rialta. Le linn an chúrsa cothaítear foghlaimeoirí fadsaoil machnamhacha i leith na teanga agus tugtar uirlisí dóibh le foghlaim féinriartha a chothú iontu. Baintear úsáid as ábhar dílis sna ranganna, bunaithe ar réimse leathan topaicí, mar shampla: Cearta Teanga; Cleachtas Dátheangach sa Bhunscoil; Logainmneacha; agus Saintéarmaíocht an oideachais. Cuirtear le heolas na mac léinn ar théarmaíocht na gramadaí agus ar réimsí éagsúla teanga chun a gcumas cumarsáide a fhorbairt agus chun féinfheasacht foghlama a spreagadh. Leis an gceangal idir an seomra ranga agus an saol taobh amuigh den scoil a shoiléiriú, úsáidtear ábhar agus cleachtaí a chuirfear le tuiscint na mac léinn ar an tábhacht a bhaineann le beartais teanga agus fachtóirí sochtheangeolaíochta i gcomhthéacs na scoile agus na sochaí go ginearálta. Lena chois sin, déantar foclóir na mac léinn a shaibhriú trí úsáid a bhaint as cleachtaí éisteachta, cleachtaí léitheoireachta agus cleachtaí meicniúla gramadaí sna ranganna. Cuideoidh gnéithe éagsúla an chúrsa leis na hábhair oidí an Ghaeilge a úsáid go héifeachtach ina saol gairmiúil.

Learning Outcomes

1. feasacht ag ardleibhéal a léiriú faoi struchtúr na teanga go ginearálta agus faoin ngaol atá ag patrúin éagsúla lena chéile
2. tarraingt ar a bhfeasacht teanga chun struchtúir chruinne a chur ar fáil go leanúnach ina gcuid scríbhneoireachta agus ina gcuid cainte
3. tuiscint chruinn a léiriú ar théacsanna scríofa agus ar théacsanna éisteachta a bhaineann le fearann an oideachais, leis an tsochtheangeolaíocht agus le topaicí an tsiollabais
4. úsáid chruinn a bhaint as réimse leathan stór focal agus saibhreas cainte agus iad ag scríobh nó ag caint faoi thopaicí an tsiollabais, faoi chomhthéacs an oideachais agus faoi fhormhór na dtopaicí a thiocfadh chun cinn sa chaint laethúil
5. scileanna taighde agus scileanna teanga (idir labhartha agus scríofa) a úsáid chun cur i láthair cruinn a dhéanamh ar ábhar sainspéise a bhaineann le fearann an oideachais
6. téacsanna soiléire le mionsonraí cruinne a chur ar fáil faoi rogha leathan ábhar bainteach le topaicí an tsiollabais, lena réimse spéise agus leis an bhfearann oideachais



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Tutorial22No Description
Independent Study103No Description
Total Workload: 125

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Ábhar dílis
Spreagtar plé ar thopaicí agus ar théamaí éagsúla trí shamplaí d’ábhar dílis (ailt, físeáin, agallaimh, amhráin, srl.)

Tascanna agus cleachtaí
Baintear úsáid as cur chuige tasc-bhunaithe le scileanna cluastuisceana, labhartha, léamhthuisceana agus scríbhneoireachta a threisiú. Úsáidtear chleachtaí gramadaí sa seimineár agus ar ardán foghlama na hOllscoile le struchtúir agus ceartúsáid na Gaeilge a dhaingniú.

Assessment Breakdown
Continuous Assessment100% Examination Weight0%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
AssignmentTascanna scríofa, taifeadadh físe agus measúnú leanúnach ar chleachtaí gramadaí100%n/a
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
This module is category 1
Indicative Reading List

  • Mac Murchaidh, Ciarán: 2016, Cruinnscríobh na Gaeilge, 6 Ed, Cois Life, Baile Átha Cliath,
Other Resources

52509, Suíomh gréasáin, 0, An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta, www.tearma.ie, 52510, Suíomh gréasáin, 0, Leabharlann Teanga agus Foclóireachta, www.teanglann.ie,
Programme or List of Programmes
BEDBachelor of Education
Archives:

My DCU | Loop | Disclaimer | Privacy Statement