DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU

Module Specifications..

Current Academic Year 2023 - 2024

Please note that this information is subject to change.

Module Title Cruthaitheacht agus Cruthú an Nuaphróis
Module Code FN551
School 58
Module Co-ordinatorSemester 1: Gearoidin Ui Laighleis
Semester 2: Gearoidin Ui Laighleis
Autumn: Gearoidin Ui Laighleis
Module TeachersGearoidin Ui Laighleis
Caoimhe NicLochlainn
NFQ level 9 Credit Rating 10
Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None
None
Description

Is é cuspóir an mhodúil seo grinnscrúdú a dhéanamh ar fhorbairt an nuaphróis chruthaithigh ón 20ú céad i leith agus cleachtadh a thabhairt do na mic léinn ar chineálacha éagsúla téacsanna a mheas agus a léirmhíniú. Scrúdófar cuid de na ceisteanna critice is tábhachtaí a bhain le forbairt na prós-scríbhneoireachta, An Gúm agus an pobal léitheoireachta, agus mar a chuaigh cúinsí sochtheangeolaíochta i bhfeidhm ar chúrsaí teanga agus foirme. Déanfar athbhreithniú ar stair an leabhair agus tabharfar dúshlán na seantuiscintí a bhíodh sa dioscúrsa traidisiúnta. Déanfar iniúchadh ar cheisteanna tábhachtacha faoi na spriocléitheoirí, faoi mhargadh na leabhar Gaeilge agus faoi nósanna léitheoireachta sa teanga. Déanfar critic ar shaothair thábhachtacha chomhaimseartha chomh maith le saothair le húdair chanónacha ar nós Phádraic Uí Chonaire agus Mháirtín Uí Chadhain. Pléifear na hiarrachtaí a rinneadh ficsean “éadrom” a chruthú i nGaeilge (scéalta bleachtaireachta, scéinséirí agus scéalta grá san áireamh), agus rianófar éabhlóid na dtéacsanna atá dírithe ar phobal léitheoireachta faoi leith, mar shampla, daoine óga nó foghlaimeoirí fásta.

Learning Outcomes

1. Anailís a dhéanamh ar fhorbairt an nuaphróis chruthaithigh sa Ghaeilge.
2. Cineálacha éagsúla saothair a mheas agus a chur i gcomparáid lena chéile.
3. Téarmaíocht na critice liteartha a úsáid agus a mheas go tuisceanach.
4. Anailís théacsúil a dhéanamh ar shaothair ar leith.
5. Athbhreithniú a dhéanamh ar an chomhthéacs ina gcruthaítear agus ina léitear litríocht na Gaeilge.



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Lecture24Léachtaí
Independent Study200Léitheoireacht ar théacsanna lárnacha
Online activity26Obair ar na hacmhainní ar leathanach LOOP an chúrsa
Total Workload: 250

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Cur síos gonta
Scrúdófar forbairt an úrscéil Ghaeilge mar sheánra nua-aoiseach ó thús an fichiú haois nuair a foilsíodh céadúrscéalta na Gaeilge, mar shampla, Deoraíocht (1910) le Pádraic Ó Conaire, anuas go dtí an ficsean comhaimseartha sa lá atá inniu ann. Rianófar tábhacht clasaicí mar An Béal Bocht (1941) agus Cré na Cille (1949) agus measfar tábhacht shaothair Chathail Uí Shándair, Phádraig Uí Shiochfhradha agus údair eile i gcruthú litríocht na n-óg. Déanfar anailís ar fheidhm agus ar ábhar na n-úrscéalta éadroma. Scrúdófar na díospóireachtaí critice timpeall ar cheist an réalachais shóisialta agus léireofar na straitéisí a bhíonn ag prós-scríbhneoirí na Gaeilge le dul i ngleic leis an réaltacht shochtheangeolaíoch agus le riachtanais na spriocléitheoirí.

Assessment Breakdown
Continuous Assessment100% Examination Weight0%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
Digital Projectsuíomh gréasáin / aistí100%n/a
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
This module is category 1
Indicative Reading List

  • Adams, Róisín, Claire Marie Dunne & Caoimhe Nic Lochlainn (eag.): 2014, Thar an Tairseach: Aistí ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg, LeabhairCOMHAR, Baile Átha Cliath,
  • Coilféir, Máirtín (eag.): 2020, An Scéim: An Gúm 1926-2016, An Gúm, Baile Átha Cliath,
  • Delap, Breandán: 1993, Úrscéalta Stairiúla na Gaeilge, An Clóchomhar, Baile Átha Cliath,
  • Doherty, Ronan, Brian Ó Conchubhair & Philip O’Leary: 2017, Úrscéalta na Gaeilge, Cló Iar-Chonnacht, An Spidéal,
  • Markus, Nic Eoin, Ní Mhuircheartaigh, Ó Conchubhair & Ó Liatháin (eag.): 2021, Ar an imeall i lár an domhain: Ag trasnú tairseacha staire, teanga, litríochta agus cultúir, Leabhar Breac, Indreabhán,
  • Ní Dhonnchadha, Aisling: 1981, An Gearrscéal sa Ghaeilge 1898-1940, An Clóchomhar, Baile Átha Cliath,
  • Ní Dhonnchadha, Aisling (eag.): 2006, An Prós Comhaimseartha: Léachtaí Cholm Cille xxxvi, An Sagart, Maigh Nuad,
  • Ní Mhianáin, Róisín (eag.): 2003, Idir Lúibíní: Aistí ar an léitheoireacht agus ar an litearthacht, Cois Life, Baile Átha Cliath,
  • Nic Eoin, Máirín: 2005, Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge, Cois Life, Baile Átha Cliath,
  • Máirín Nic Eoin & Mícheal Briody (eag.): 2020, Cumadóireacht Uí Chadhain, Leabhar Breac, Indreabhán,
  • Nic Lochlainn, Caoimhe & Ríona Nic Congáil (eag.): 2013, Laethanta Gréine & Oícheanta Sí: Aistí ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg, LeabhairCOMHAR, Baile Átha Cliath,
  • Ó Fiannachta, Pádraig (eag.): 1991, An tÚrscéal sa Ghaeilge: Léachtaí Cholm Cille XXI, An Sagart, Maigh Nuad,
  • Ó hÉigeartaigh, Cian & Aoileann Nic Gearailt: 2014, Sáirséal & Dill 1947-1981: Scéal Foilsitheora, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán,
  • O’Leary, Philip: 2004, Gaelic Prose in the Irish Free State 1922-1939, University College Dublin Press, Dublin,
  • O’Leary, Philip: 2010, Irish Interior: Keeping Faith with the Past in Gaelic Prose 1940-1951, University College Dublin Press, Dublin,
  • O’Leary, Philip: 2011, Writing Beyond the Revival: Facing the Future in Gaelic Prose 1940-1951, University College Dublin Press, Dublin,
  • Titley, Alan: 1991, An tÚrscéal Gaeilge, An Clóchomhar, Baile Átha Cliath,
  • Uí Laighléis, Gearóidín: 2017, Gallán an Ghúim, Coiscéim, Baile Átha Cliath,
  • Uí Laighléis, Gearóidín: 2003, Seán Mac Maoláín agus Ceart na Gaeilge, Cois Life, Baile Átha Cliath,
Other Resources

55132, Acmhainní ar Líne, 0, www.ainm.ie, 55133, Acmhainní ar Líne, 0, www.clubleabhar.com, 55134, Acmhainní ar Líne, 0, www.imram.ie, 55135, Acmhainní ar Líne, 0, www.litriocht.com,
Programme or List of Programmes
MAHGMA i Léann na Gaeilge
Archives:

My DCU | Loop | Disclaimer | Privacy Statement