DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU

Module Specifications..

Current Academic Year 2023 - 2024

Please note that this information is subject to change.

Module Title An Traidisiún Béil
Module Code FN554
School 58
Module Co-ordinatorSemester 1: Eadaoin Ni Mhuircheartaigh
Semester 2: Eadaoin Ni Mhuircheartaigh
Autumn: Eadaoin Ni Mhuircheartaigh
Module TeachersSile Denvir
Eadaoin Ni Mhuircheartaigh
NFQ level 9 Credit Rating 10
Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None
Coursework Only
Description

Is é cuspóir an mhodúil seo ná eolas agus tuiscint na mac léinn ar thraidisiún béil na Gaeilge a fhorbairt trí mhionstaidéar a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla de thraidisiún béalaireachta na Gaeilge. Scrúdófar ealaín na scéalaíochta agus na hamhránaíochta Gaeilge, agus measfar teoiricí idirnáisiúnta ina leith. Fiosrófar ceisteanna a bhaineann le seandacht an bhéaloidis chomh maith le ceisteanna comhaimseartha faoin nua-chumadóireacht agus cur i láthair na n-ealaíon béil sa lá atá inniu ann. Déanfar scagadh ar chúlra, ar fhorás agus ar chothú na n-ealaíon béil mar thaispeántais agus ar na heagraíochtaí ba mhó a d'fhéach le stáitsiú na n-ealaíon béil a chur chun cinn san fhichiú haois. Déanfar scileanna éisteachta agus anailíse na mac léinn a fhorbairt trí éisteacht le taifeadtaí fuaime de scéalta agus d’amhráin agus gheobhaidh na mic léinn tuiscint ar chleachtais bheo na béalaireachta. Bainfear leas as acmhainní digiteacha agus déanfaidh na mic léinn iniúchadh ar leith ar ábhar cartlainne ó dúchas.ie agus joeheaney.org ina gcuid foghlama.

Learning Outcomes

1. Cur síos agus scagadh a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla de thraidisiún béalaireachta na Gaeilge.
2. Teoiricí idirnáisiúnta faoin ealaín bhéil a mheas.
3. Tréithe éagsúla a bhaineann le traidisiún na hamhránaíochta agus na scéalaíochta a aithint, a thuiscint agus a mhíniú.
4. Anailís a dhéanamh ar fhorbairtí éagsúla a tháinig ar thraidisiún na n-ealaíon béil san fhichiú haois.
5. Cumas anailíse ar an ábhar a thaispeáint.



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Fieldwork96Léitheoireacht sheachtainiúil ar théacsanna lárnacha
Assignment Completion58Ullmhú don mheasúnú
Lecture24léachtaí
Independent Study72Foghlaim Fhéinriartha
Total Workload: 250

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Ábhar
Déanfar scagadh ar choincheapa a bhaineann leis an mbéaloideas agus breathnófar ar bhailiú an bhéaloidis agus na n-amhrán in Éirinn. Déanfar anailís ar theoiricí idirnáisiúnta i leith na scéalaíochta agus na hamhránaíochta. Rianófar forbairtí a tháinig ar thaibhléiriú na n-ealaíon béil, ó aimsir na hAthbheochana go dtí an lá atá inniu ann. Bainfear leas as acmhainní digiteacha agus ábhar cartlainne.

Assessment Breakdown
Continuous Assessment100% Examination Weight0%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
Essayn/a100%n/a
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
This module is category 1
Indicative Reading List

  • Briody, M.: 2007, The Irish Folklore Commission: 1935-1970, Finnish Literature Society, Helsinki,
  • Denvir, S.: 2020, Tom a’ tSeoighe: Amhráin, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán,
  • Ennis, S.: 2007, Mise an Fear Ceoil: Séamus Ennis, Dialann Taistil 1942-1946, Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán,
  • Finnegan, R.,: 1992, Oral Traditions and the Verbal Arts: A Guide to Research Practices., Routledge, London,
  • Ní Mhuircheartaigh, É.: 2021, Ar an Imeall i lár an Domhain: Ag Trasnú Tairseacha Staire, Teanga, Litríochta agus Cultúir, ‘Idir Seánraí: An Seanchaí ar an ardán agus ‘stáitsiú’ na scéalaíochta’, Leabhar Breac, Indreabhán,
  • Ó Conghaile, M., Ó Tuairisc, L., Ó Ceannabháin, P. (eag.): 2013, Leabhar Mór na nAmhrán., Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán,
  • Ó Giolláin, D.: 2000, Locating Irish Folklore: Tradition, Modernity, Identity., Cork University Press, Cork,
  • Ó Giolláin, D.: 2005, An Dúchas agus an Domhan., Cork University Press, Corcaigh,
  • Ó Laoire, L., and Williams, S.: 2010, ) Bright Star of the West: Joe Heaney, Irish Song Man., Oxford University Press, Oxford,
  • Ó Súilleabháin, D.: 1984, Scéal an Oireachtais 1897-1924, An Clóchomhar Tta., Baile Átha Cliath,
  • Zimmermann, G.D.: 2001, The Irish Storyteller, Four Courts Press, Dublin,
Other Resources

49212, Website, 0, Cartlann Joe Éinniú, https://www.joeheaney.org/, 49213, Website, 0, Dúchas - Tionscadal Digitithe Chnuasach Bhéaloideas Éireann, www.duchas.ie,
Programme or List of Programmes
MAHGMA i Léann na Gaeilge
Archives:

My DCU | Loop | Disclaimer | Privacy Statement