DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU

Module Specifications..

Current Academic Year 2023 - 2024

Please note that this information is subject to change.

Module Title An Litríocht Chomhaimseartha
Module Code FN567
School 58
Module Co-ordinatorSemester 1: Sean Mac Risteaird
Semester 2: Sean Mac Risteaird
Autumn: Sean Mac Risteaird
Module TeachersCaitriona Ni Chleirchin
NFQ level 9 Credit Rating 10
Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None
Coursework Only
Description

An Aiteacht i Litríocht na Gaeilge: Tá borradh mór faoi na ceisteanna i dtaobh céard is inscne ann agus céard is féiniúlacht chollaíoch ann sa lá atá inniu ach is tearc é an plé a dhéantar orthu i gcomhthéacs liteartha na Gaeilge. Trí leas a bhaint as teoiric na haiteachta (queer theory), agus as teoiricí ábhartha eile, déanfar iniúchadh ar na ceisteanna seo i gcomhthéacs liteartha na teanga sa chuid seo den chúrsa. Breathnófar go príomha ar ghearrscéalta Mhichíl Uí Chonghaile, ar úrscéalta Phádraig Standúin, agus ar fhilíocht agus ar phrós Chathail Uí Shearcaigh, chun buntuiscintí a bhaineann leis na feiniméin seo a cheistiú ón mbonn aníos. Cuirfear an stair shóisialta a bhaineann le cúrsaí inscne agus leis an ngnéasacht san áireamh chun téacsanna íogaire den chineál seo a láimhseáil agus a chomhthéacsú. Déanfar mic léinn a ghríosú chun léamha pearsanta a bhunú, a shintéisiú, agus a chur i bhfeidhm ar na saothair seo go muiníneach agus iad fréamhaithe go láidir i dteoiric agus i gcritic liteartha na haiteachta. Inscne agus Gnéasacht san Fhilíocht Chomhaimseartha: Déanfar anailís sa chuid seo den mhodúl ar cheisteanna íogaire casta na féiniúlachta baininne agus ceist na hinscne san Fhilíocht Chomhaimseartha/i bhFilíocht Chomhaimseartha na mBan. Déanfar mionstaidéar ar scríbhneoireacht bhaineann na Gaeilge agus an dóigh a gcuirtear taithí na colainne baininne in iúl, agus measfar gnéithe den déghnéasachas go háirithe i bhfilíocht Bhiddy Jenkinson agus Nuala Ní Dhomhnaill. Scrúdófar feimineachas den tríú glúin ar cheist na difríochta agus ar dhíchonstruáil an déscartha atá ann idir fir agus mná. Léireofar an déghnéasachas a bhaineann lena saothair siúd nach rún scarúnach a n-aidhm ar chor ar bith agus léireofar fosta an t-animus agus an taobh fireann a bhíonn uaireanta in uachtar i sícé na bpearsana mná i bhfilíocht Nuala Ní Dhomhnaill agus i bhfilíocht Bhiddy Jenkinson.

Learning Outcomes

1. Anailís a dhéanamh ar inscne agus ar ghnéasacht i gcomhthéacs liteartha na Gaeilge
2. Príomhsmaointeoireacht na critice i dtaca le hinscne agus le gnéasacht i litríocht chomaimseartha na Gaeilge a mheas.
3. Uirlisí éagsúla léirmheastóireachta a mheas agus a chur i bhfeidhm ar théacsanna ina bpléitear le hinscne agus le gnéasacht
4. Aistí critice a fhorbairt faoi stiúir an léachtóra faoi théama na hinscne agus na gnéasachta i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge
5. An stair shóisialta a bhaineann leis an inscne agus leis an ngnéasacht a thuiscint agus na saothair liteartha a chur i gcomhthéacs na staire sin



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Lecture24Léachtaí
Independent Study96Dul i ngleic le foinsí tagartha, mar aon le léitheoireacht agus staidéar neamhspleách
Independent Study60Obair ar na hacmhainní ar leathanach LOOP an mhodúil
Assignment Completion70Obair ar an mheasúnú
Total Workload: 250

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Inscne & Gnéasacht
Is í sprioc an mhodúil a chur ar chumas na mac léinn scileanna criticiúla a bhaineann le téama na hinscne agus na gnéasachta i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge a chothú. Beidh dhá ghné i gceist leis an modúl seo: An Aiteacht i Litríocht na Gaeilge (1993-2020) agus Inscne agus Gnéasacht san Fhilíocht Chomhaimseartha. Déanfar staidéar ar scata scríbhneoirí liteartha agus critice sa mhodúl seo a phléann leis na téamaí thuas. Beidh dhá aiste chritice le scríobh ag mic léinn faoi stiúir an léachtóra le deis a thabhairt dóibh plé leis na réimsí seo a leanas: coincheap na hinscne agus na gnéasachta i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge; scileanna critice agus léirmheastóireachta a fhorbairt; modhanna teoirice a scagadh agus a chur i bhfeidhm.

Assessment Breakdown
Continuous Assessment100% Examination Weight0%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
EssayAiste100%As required
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
This module is category 1
Indicative Reading List

  • James Doan, Frank Sewell: 2002, On the Side of Light, Arlen House, 9781903631300
  • Biddy Jenkinson: 2000, Rogha dánta, Stylus Publishing, LLC., 9781859182468
  • Hannah McCann,Whitney Monaghan: 2019, Queer Theory Now, Red Globe Press, 9781352007848
  • Máire Mhac an tSaoi, Máire O'Brien: 2014, An Paróiste Míorúilteach, Cló Iar-Chonnacht, 9781847173003
  • Máire Ní Annracháin, Bríona Nic Dhiarmada: 1998, Téacs agus comhthéacs, Cork University Press, 9781859180518
  • Nuala Ní Dhomhnaill: 1993, Pharaoh's Daughter, Wake Forest University Press, 9780916390532
  • Nuala Ní Dhomhnaill,Paul Muldoon: 2007, The Fifty Minute Mermaid, Gallery Books, 9781852353759
  • Rióna Ní Fhrighil: 2008, Briathra, Béithe agus Banfhilí: Filíocht Eavan Boland agus Nuala Ní Dhomhnaill, An Clóchomhar, Baile Átha Cliath,
  • Rióna Ní Fhrighil: 2010, Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge, Cois Life, Baile Átha Cliath,
  • Máirín Nic Eoin: 1998, B'ait leo bean, Clochomhar Tta, 9780903758949
  • Micheál Ó Conghaile: 1999, Sna Fir, Cló Iar-Chonnacht, 9781902420202
  • Cathal Ó Searcaigh: 2019, Teach an Gheafta, Leabhar Breac, 978-1-9099907
  • Pádraig De Paor: 2005, Na Buachaillí Dána, An Clóchomhar, 9780903758598
  • Pádraig Standún: 1993, Cion Mná, Clo Iar-Chonnachta, 9781874700067
  • Nikki Sullivan: 2003, A Critical Introduction to Queer Theory, Edinburgh University Press, 9780748615971
  • Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, Róisín Ní Ghaibhí, Pádraig Ó Liatháin: 2021, Ó Chleamairí go Ceamaraí Drámaíocht agus Taibhealaíona na Gaeilge faoi chaibidil, Cló Léann na Gaeilge, Baile Átha Cliath, 978-1-9196013
  • Cathal Ó Searcaigh: 2018, The View from the Glen, Onslaught, 9781912111541
  • Colin R. Johnson,Brian J. Gilley: 2016, Queering the Countryside, NYU Press, 9781479880584
Other Resources

None
Programme or List of Programmes
MAHGMA i Léann na Gaeilge
Archives:

My DCU | Loop | Disclaimer | Privacy Statement