Module Specifications..
Current Academic Year 2024 - 2025
Please note that this information is subject to change.
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Repeat examination |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Description Is é cuspóir an mhodúil seo léargas leathan a thabhairt do mhic léinn ar Nuaphrós na Gaeilge trí mhionstaidéar liteartha agus teanga a dhéanamh 1) ar dhíolaim théamúil le prós-scríbhneoirí éagsúla agus 2) ar shaothar na scríbhneoirí Conallacha, Séamus Ó Grianna agus Seosamh Mac Grianna. Déanfar scileanna léitheoireachta agus léirmhínithe na mac léinn a fhorbairt trí mhionscrúdú a dhéanamh ar théama na himirce i scéalta dírbheathaisnéise agus ficsin le húdair éagsúla. Pléifear ábhar ó na mórcheantair Ghaeltachta ar fad, scrúdófar seánraí éagsúla próis, agus cuirfear na scéalta imirce i gcomhthéacs fhorbairt ghinearálta na nualitríochta. Tarraingeofar aird ar leith ar shaothar údar mar Phádraic Ó Conaire agus féachfar le saothair ó thréimhsí agus ó réigiúin éagsúla a chur i gcomparáid lena chéile. Déanfar scrúdú comparáideach ar shaothar na nGriannach, mar léiriú ar threochtaí éagsúla aeistéitice sa nuaphrós. Déanfar iniúchadh ar chúinsí sóisialta agus cultúrtha na saothar agus ar chúlra agus ar chomhthéacs beathaisnéiseach na n-údar. Chomh maith leis na léachtaí, beidh fáil ag na mic léinn ar raon acmhainní foghlama ilmheáin ar leathanaigh LOOP an chúrsa, ina measc scannáin faisnéise, físeáin agus acmhainní beathaisnéise. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Learning Outcomes 1. Cur síos a dhéanamh ar théama na himirce i nuaphrós na Gaeilge 2. Anailís a dhéanamh ar sheánraí éagsúla próis agus ar mhodhanna éagsúla reacaireachta. 3. Léirmheas a dhéanamh ar ábhar agus ar stíl saothair le húdair áirithe. 4. Comparáid a dhéanamh idir saothair éagsúla a cumadh faoin ábhar céanna. 5. Comparáid a dhéanamh idir taithí na mban agus taithí na bhfear ar an imirce, mar a léirítear i nuaphrós na Gaeilge í. 6. Téarmaíocht na critice liteartha a láimhseáil go tuisceanach agus go muiníneach. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Content and Learning Activities
Litríocht na hImirce agus Saothar na nGriannachDéantar mionléamh anailíseach ar théacsanna ar leith d’fhonn tuiscint ghrinn a fháil ar láimhseáil mhórthéamaí na himirce agus na deoraíochta i nuaphrós na Gaeilge. Déantar cúram ar leith de chúrsaí teanga agus stíle agus d’fhorbairt seánraí éagsúla próis (na cuimhní cinn, an aiste, an dírbheathaisnéis, an gearrscéal, an t-úrscéal). Taispeántar scannáin faisnéise a thugann léargas breise ar ábhar agus ar chúlra na dtéacsanna liteartha. Déantar staidéar comparáideach ar shaothar na nGriannach, Séamas agus Seosamh, an bheirt scríbhneoirí is tabhachtaí i gCúige Uladh san fhichiú haois. Féachtar le léargas ar leith a thabhairt ar chúlra sóisialta agus cultúrtha shaothar na beirte agus ar a dtábhacht i bhforbairt an nuaphróis i gcoitinne. Féachtar le stór focal na mac léinn a fhorbairt trid an mionléamh téacsúil agus trí aird a dhíriú ar théarmaí úsáideacha agus ar choincheapa úsáideacha critice agus léirmhínithe. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Reading List
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Other Resources 48593, Scannán, Bell, Desmond, 2000, Rotha Mór an tSaoil, TG4, Faction Films, 48594, Scannán, Quinn, Bob, 2002, Damhsa an Deoraí, Gael Media, 48595, Scannán, White, Johnny, 0, Pádraic Ó Conaire: ‘An Fear’, Seanchas Productions, 48596, Suíomh Idirlín, 0, ainm.ie, www.ainm.ie, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Programme or List of Programmes
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Archives: |
|