Latest Module Specifications
Current Academic Year 2025 - 2026
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Description Is é cuspóir an mhodúil seo ná eolas agus tuiscint na mac léinn ar an traidisiún béil a fhorbairt trí mhionstaidéar a dhéanamh ar 1) Caitheamh Aimsire na nGael agus 2) Finscéalta osnádúrtha faoin slua sí. Díreofar ar dtús ar an tórramh mar ócáid shamplach don chaitheamh aimsire agus déanfar plé ar na cluichí a bhíodh á n-imirt ag an tórramh agus ar an gcaointeoireacht. Déanfar anailís freisin ar ghnéithe eile de na caithimh aimsire a bhíodh á gcleachtadh go forleathan ag an tórramh, ag féilte na bliana agus i ngnáthshaol na ndaoine – an amhránaíocht, an ceol, an damhsa agus an scéalaíocht. Díreofar ar aicme scéalaíochta ar leith sa phlé a dhéanfar ar an slua sí. Tabharfar léargas ar fheidhm agus ar chomhthéacs soch-chultúrtha na bhfinscéalta agus pléifear teoiricí idirnáisiúnta ina leith. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Learning Outcomes 1. 1DF135FD-606C-0001-4DB5-19B01B5098D0 2. Téarmaíocht agus teoiricí idirnáisiúnta an bhéaloidis a thuiscint agus a úsáid go cruinn. 5. 1 6. 1DF135FD-6677-0001-8D8A-73E016901E16 7. Cur síos a dheanamh ar an gcineál caitheamh aimsire a bhíodh in Éirinn sa seansaol 10. 2 11. 1DF135FD-6810-0001-8D38-18901B801A97 12. Feidhm agus comhthéacs na siamsaíochta a mhíniú 15. 3 16. 1DF135FD-6EB3-0001-4CDB-32B07FE07D30 17. Saintréithe agus comharthaí sóirt na bhfinscéalta idirnáisiúnta a aithint, a mhíniú agus a phlé. 20. 4 21. 1DF135FD-7483-0001-5FC4-12D4651C6700 22. Scéalta faoi shióga, iarlaisí agus neacha neamhshaolta eile a léamh go tuisceanach agus a léirmhíniú 25. 5 26. 1DF135FD-7A2A-0001-7CE9-13B4E20913A2 27. Tuairiscí stairiúla ar an gcreideamh sí a phlé go tuisceanach 30. 6 31. 1DF135FD-8148-0001-1F85-8BDB1BF81B60 32. Dúchas agus cultúr na tíre a phlé ar bhealach cuimsitheach 35. 7 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Indicative Content and Learning Activities
Cur síos gonta Scrúdú ar chomhthéacs caitheamh aimsire agus siamsaíochta an tórraimh; anailís ar na cluichí don tórramh; iniúchadh ar thraidisiún na caointeoireachta; mionscrúdú ar na traidisiúin a bhain le féilte na bliana; anailís ar thraidisiún na hamhránaíochta, an cheoil agus an damhsa i gcomhthéacs an tórraimh agus na bhféilte; finscéalta osnádúrtha; an slua sí; an ceol agus na sióga; an iarlais i mbéaloideas na hÉireann; fuadach sí agus fearann an tslua sí. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Indicative Reading List Books:
Articles:
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Other Resources
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||