Latest Module Specifications
Current Academic Year 2025 - 2026
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Description Cúrsa tacaíochta ina ndéantar scileanna teanga na mac léinn (éisteacht, labhairt, léamh agus scríobh) a chleachtadh agus a fhorbairt trí thascanna ranga agus obair neamhspleách rialta a chuirfidh lena n-inniúlacht sa teanga. Baintear leas as ábhar dílis sna ranganna, bunaithe ar na topaicí seo a leanas: ‘Ag Teacht go dtí an Coláiste’, ‘Lóistín ar an gCampas’, ‘Mic léinn Mheiriceánacha’, ‘Aiste a scríobh’, ‘An Aimsir Ghnáthláithreach’, ‘Cúrsaí Gaeltachta’, ‘Oireachtas na Gaeilge’ agus ‘Téacsanna Fóin’. Cuirtear le heolas na mac léinn ar na téarmaí gramadaí, ar fhoghraíocht na Gaeilge, ar na canúintí, agus déantar foclóir na mac léinn a shaibhriú trí chleachtaí cluastuisceana, léamhthuisceana agus trí chleachtaí meicniúla gramadaí. Déantar iniúchadh breise ar na gnéithe seo a leanas den ghramadach go háirithe: na tuisil, an chopail, aimsirí na mbriathra. Baintear úsáid as míreanna éisteachta agus físe agus litríocht do pháistí agus d’fhoghlaimeoirí le cur le scileanna éisteachta, le scileanna tuisceana agus le scileanna labhartha agus scríofa na mac léinn, agus cuirtear lena gcuid eolais ar an chultúr a bhaineann leis an teanga. Spreagfar na mic léinn le machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama ar feadh an tsaoil. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Learning Outcomes 1. Feasacht bhunúsach a léiriú faoi struchtúr na teanga go ginearálta agus faoin ngaol atá ag patrúin éagsúla lena chéile. 2. Tuiscint a léiriú ar na hearráidí is coitianta a dhéanann siad sa chaint agus sa scríobh agus an dóigh le straitéisí a tharraingt chucu féin chun na hearráidí sin a sheachaint. 3. Tarraingt ar a dtuiscint ar bhunstruchtúir na teanga chun struchtúir chruinne a chur ar fáil go réasúnta leanúnach ina gcuid scríbhneoireachta agus ina gcuid cainte. 4. Réimse leathan stór focal agus saibhreas cainte a léiriú i dtaca le topaicí an tsiollabais agus faoi fhormhór na dtopaicí a thiocfadh chun cinn sa chaint laethúil. 5. Téacsanna caighdeánacha a bhaineann le topaicí an tsiollabais a thuiscint gan mórán stró agus dul i mbun sruthléitheoireachta agus sracléitheoireachta chomh maith le grinnléitheoireacht. 6. Tuiscint a léiriú ar thábhacht na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta sa dara teanga, agus spleáchadh a dhéanamh ar théacsanna oiriúnacha Gaeilge do pháistí bunscoile. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Indicative Content and Learning Activities
Error parsing Indicative Content: Control character error, possibly incorrectly encoded - 3 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Indicative Reading List Books:
Articles: None | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Other Resources None | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ED1019 Please add Aisling Ní Dhíorbháin, Máire Ní Láimhín, Jacqueline de Brún and Lorraine Ní Ghairbhith | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||