DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU
<< Back to Module List

Latest Module Specifications

Current Academic Year 2025 - 2026

Module Title Teagasc na Gaeilge
Module Code EDP1023 (ITS: ED3056)
Faculty DCU Institute of Education School Language, Literacy & ECE
NFQ level 8 Credit Rating 2.5
Description

Dírítear ar thaighde agus ar theoiric a bhaineann le teagasc éifeachtach an dara teanga (An Ghaeilge) agus ar an taighde is deireanaí maidir le teagasc agus foghlaim na Gaeilge sa chóras oideachais. Déantar naisc idir an taighde agus an teoiric (ionchur teanga, aschur teanga, idirghníomhú teanga) agus cleachtas gairmiúil sa seomra ranga chun barr feabhais a chur ar theagasc agus foghlaim na Gaeilge i ngach scoil. Leagtar béim ar an ról atá ag an múinteoir i gcur chun cinn na Gaeilge. Spreagtar na mic léinn le smaoineamh ar bhealaí chun meon dearfach a chothú i leith na Gaeilge agus chun deiseanna úsáide na bpáistí a mhéadú. Breathnaítear ar chuir chuige chun deiseanna cumarsáide a mhéadú sa Ghaeilge ar bhealach struchtúrtha: cur chuige tascbhunaithe, úsáid na Gaeilge go neamhfhoirmiúil agus an Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT). Amharctar ar chur i bhfeidhm praiticiúil snáithe Churaclam Teanga na Bunscoile, is iad sin an teanga ó bhéal, an léitheoireacht agus an scríbhneoireacht ar bhonn comhtháite i gcomhthéacs scoil T1 agus T2. Tugtar aird ar theagasc fhónaic agus ar theagasc ghramadach na Gaeilge i gcomhthéacs spreagadh na feasachta teanga sa churaclam. Leagtar béim ar chur chuige oideolaíoch atá ilteangach agus ionchuimsitheach. Forbraítear an t-eolas atá ag an mac léinn ar fhorbairt scileanna litearthachta sa Ghaeilge agus conas scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta a fhorbairt sa Ghaeilge i gcomhthéacsanna éagsúla teagaisc. Tugtar tacaíocht do na mic léinn machnamh a dhéanamh ar fhorbairt an mhúinteora mar ghairmithe neamhspleách féinmhachnamhach agus machnamh a dhéanamh orthu féin mar fhoghlaimeoirí agus mar theagascóirí teanga ar feadh an tsaoil. Bíonn deis ag mic léinn feabhas a chur ar a scileanna teanga féin sa Ghaeilge agus eolas a fháil ar áiseanna teagaisc agus foghlama a bheadh feiliúnach don seomra ranga.

Learning Outcomes

1. 1E497517-2B01-0001-848E-A9A01024155D
2. Réimse gníomhaíochtaí teagaisc, foghlama agus measúnaithe a dhearadh d’fhorbairt scileanna litearthachta sa Ghaeilge ar bhonn comhtháite agus cothromaithe a chuimsíonn teanga ó bhéal, léitheoireacht agus scríbhneoireacht i gcomhthéacs scoile T1 agus T2 ó na bunranganna go dtí na meánranganna agus na hardranganna
5. 1
6. 1E497517-3150-0001-8DA4-B36019DA19A4
7. Eolas a léiriú ar fhorbairt na feasachta teanga i gcomhthéacs na fónaice agus na gramadaí mar chuid de chur chuige ilteangach agus forbairt a dhéanamh ar a n-inniúlacht féin sa Ghaeilge
10. 2
11. 1E497517-4281-0001-B5C1-1B4B11F21104
12. Ceachtanna teanga ó bhéal, léitheoireachta agus scríbhneoireachta a ullmhú atá bunaithe ar dhea-chleachtas agus a thugann aird shonrach ar thraschur scileanna thar theangacha agus a bhaineann leas as réimse áiseanna, áiseanna digiteacha san áireamh
15. 3
16. 1E497517-5008-0001-A7B1-AA1179905700
17. Eolas a léiriú ar an taighde agus teoiric a bhaineann leis an gcur chuige cumarsáideach, leis an gcur chuige tascbhunaithe agus leis an bhFoghlaim Chomháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) agus ar na himpleachtaí don chleachtas.
20. 4
21. 1E497517-5985-0001-D226-1900123D86D0
22. Machnamh a dhéanamh orthu féin mar fhoghlaimeoirí agus mar theagascóirí agus machnamh criticiúil a dhéanamh ar ar dtaithí teagaisc i bhfianaise an taighde atá déanta ar Theagasc na Gaeilge sa bhunscoil.
25. 5
26. 1E497517-62CF-0001-DEA8-76F03F8B1ED6
27. Tuiscint a léiriú ar an tábhacht a bhaineann le creat tacaíochta foghlama a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí sa dara teanga trí ionchur, idirghníomhú agus aschur teanga a eascú i gceachtanna a fhreastalaíonn ar riachtanais foghlaimeoirí éagsúla teanga.
30. 6


WorkloadFull time hours per semester
TypeHoursDescription
Independent Study24Ullmhú don scrúdú
Independent Study26.5Foghlaim Neamhspleách
Lecture12No Description
Total Workload: 62.5
Section Breakdown
CRN20266Part of TermSemester 2
Coursework0%Examination Weight100%
Grade Scale40PASSPass Both ElementsN
Resit CategoryRC1Best MarkN
Module Co-ordinatorAisling NI DhiorbhainModule Teacher
Assessment Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
Formal ExaminationScrúdú aon uair an chloig100%End-of-Semester
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
RC1: A resit is available for both* components of the module.
RC2: No resit is available for a 100% coursework module.
RC3: No resit is available for the coursework component where there is a coursework and summative examination element.

* ‘Both’ is used in the context of the module having a coursework/summative examination split; where the module is 100% coursework, there will also be a resit of the assessment

Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Ábhar an Chúrsa
Taighde Reatha ar theagasc na Gaeilge sa chóras oideachais. Teoiricí foghlama Teanga –ionchur teanga, aschur teanga agus idirghníomhú teanga Tobar dánta, rannta, amhráin Cluichí Teanga An Cur Chuige Tascbhunaithe mar chuid de chur chuige cumarsáideach le foghlaim an dara teanga a chur chun cinn – bunphrionsabail agus conas tascanna a éascú sa rang An Ghaeilge Neamhfhoirmiúil agus pleanáil d’úsáid na Gaeilge go neamhfhoirmiúil ar bhonn struchtúrtha a chuireann teanga an mhúinteora agus teanga na bpáistí san áireamh An Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) trí Ghaeilge Forbairt na Feasachta teanga – an fhónaic agus an ghramadach, an teagasc foirm-dhírithe, cur chuige ionduchtach do theagasc na gramadaí, cur chuige ilteangach Forbairt na scileanna litearthachta sna meánranganna & sna hardranganna: Cur chuige comhtháite: Forbairt scileanna teanga ó Bhéal, scileanna léitheoireachta & scileanna scríbhneoireachta Ag forbairt na scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta sa Ghaeilge: éagsúlacht seánraí, traschur scileanna, saibhriú na teanga tríd an léitheoireacht, straitéisí leis an léitheoireacht a chleachtadh sa rang, frámaí scríbhneoireachta, áiseanna léitheoireachta & scríbhneoireachta Úsáid ábhar digiteach. Pleanáil ceachtanna agus scéimeanna. Cur chuige ionchuimsitheach. Áiseanna, Scéimeanna Tacaíochta don Ghaeilge Eagrais Ghaeilge (m.sh, Gael Linn, COGG) atá ag tacú le teagasc na Gaeilge sa Bhunscoil – i gcomhthéacs scoil T1 agus T2

Indicative Reading List

Books:
  • Bower, K. Gary N. Chambers,Do Coyle,Russell Cro: 0, Curriculum Integrated Language Teaching, 9781108687867
  • Burke, P., Ní Dhiorbháin, A., Ó Duibhir, P., Nic Craith, D., Ó Breacháin, C., Ahern, P., Ní Dhubhghaill, E., & English, A.: 2025, Teagasc agus foghlaim na Gaeilge sna scoileanna Meán-Bhéarla: Tuairimí na bpáistí, na ndaoine Óga, na dtuismitheoirí, na múinteoirí, agus na múinteoirí faoi oiliúint., Roinn Oideachais agus Óige,
  • Cummins, J. P.: 2021, Rethinking the education of multilingual learners: A critical analysis of theoretical concepts, Multilingual Matters,
  • East, M.: 2021, Foundational Principles of Task-Based Language Teaching, Routledge, 198, 9781003039709
  • Fitzpatrick, T., Morris, S., Clark, T., Mitchell, R., Needs, J., Tanguay, E. and Tovey, B: 2018, Rapid Evidence Assessment: Effective Second Language Teaching Approaches and Methods., Welsh Government, GSR report number 31/2018,
  • Flynn, C.J.: 0, Foghlaim an Dara Teanga, 9781784441784
  • Little, D., Kirwan, D.: 2019, Engaging with Linguistic Diversity, Bloomsbury Publishing, 217, 9781350072046
  • Ní Dhiorbháin, A: 2025, Bain Súp As! Treoir maidir le múineadh na Gramadaí, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta,
  • Ní Dhiorbháin, A., Burke, P., Ó Duibhir, P., Nic Craith, D., Ó Breacháin, C., Ahern, P., Ní Dhubhghaill, E., & English, A.: 2025, Teagasc agus Foghlaim na Gaeilge sna Scoileanna Meán-Bhéarla: Léirbhreithniú ar an Litríocht agus Tuairimí na bPáirtithe Leasmhara Náisiúnta., An Roinn Oideachais agus Óige,


Articles:
  • Ní Chróinín, D., Ní Mhurchú, S., & Ó Ceallaigh, T. J.: 0, Off-balance: The integration of physical education content learning and Irish language learning in English-medium primary schools in Ireland,, Education 3-13: Contemporary Issues in International Primary Physical Education,, 44(5),
Other Resources

  • 1: Suíomh idirlín, CNCM, 2019, Curaclam Teanga na Bunscoile,
  • 421759: 1, Suíomh idirlín, An Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Áiseanna Bunscoile,
  • https://www.cogg.ie/aiseanna-bunscoile/: 421760, 1, Suíomh Idirlín, CNCM, Ábhair Thacaíochta do Mhúinteoirí
  • https://curriculumonline.ie/getmedia/c81ff35c-04d4-4b61-8c1e-e2ce28629577/PLC-Support-Materials_All-Strands-GAE.pdf:
Please add teachers: Deirdre Ní Chonghaile, Máire Ní Láimhín, Jacqueline de Brún, Lorraine Ní Gháirbhíth, Sinéad Andrews

<< Back to Module List View 2024/25 Module Record for EDP1023