Module Specifications
Academic Year 2025 - 2026
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Description Dírítear ar thaighde agus ar theoiric a bhaineann le teagasc éifeachtach an dara teanga (An Ghaeilge) agus ar an taighde is deireanaí maidir le teagasc agus foghlaim na Gaeilge sa chóras oideachais. Déantar naisc idir an taighde agus an teoiric (ionchur teanga, aschur teanga, idirghníomhú teanga) agus cleachtas gairmiúil sa seomra ranga chun barr feabhais a chur ar theagasc agus foghlaim na Gaeilge i ngach scoil. Leagtar béim ar an ról atá ag an múinteoir i gcur chun cinn na Gaeilge. Spreagtar na mic léinn le smaoineamh ar bhealaí chun meon dearfach a chothú i leith na Gaeilge agus chun deiseanna úsáide na bpáistí a mhéadú. Breathnaítear ar chuir chuige chun deiseanna cumarsáide a mhéadú sa Ghaeilge ar bhealach struchtúrtha: cur chuige tascbhunaithe, úsáid na Gaeilge go neamhfhoirmiúil agus an Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT). Amharctar ar chur i bhfeidhm praiticiúil snáithe Churaclam Teanga na Bunscoile, is iad sin an teanga ó bhéal, an léitheoireacht agus an scríbhneoireacht ar bhonn comhtháite i gcomhthéacs scoil T1 agus T2. Tugtar aird ar theagasc fhónaic agus ar theagasc ghramadach na Gaeilge i gcomhthéacs spreagadh na feasachta teanga sa churaclam. Leagtar béim ar chur chuige oideolaíoch atá ilteangach agus ionchuimsitheach. Forbraítear an t-eolas atá ag an mac léinn ar fhorbairt scileanna litearthachta sa Ghaeilge agus conas scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta a fhorbairt sa Ghaeilge i gcomhthéacsanna éagsúla teagaisc. Tugtar tacaíocht do na mic léinn machnamh a dhéanamh ar fhorbairt an mhúinteora mar ghairmithe neamhspleách féinmhachnamhach agus machnamh a dhéanamh orthu féin mar fhoghlaimeoirí agus mar theagascóirí teanga ar feadh an tsaoil. Bíonn deis ag mic léinn feabhas a chur ar a scileanna teanga féin sa Ghaeilge agus eolas a fháil ar áiseanna teagaisc agus foghlama a bheadh feiliúnach don seomra ranga. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Learning Outcomes 1. Machnamh criticiúil a dhéanamh orthu féin mar fhoghlaimeoirí agus mar theagascóirí teanga i bhfianaise an taighde atá déanta ar Theagasc na Gaeilge sa chóras oideachais agus tuiscint a fhorbairt ar ról an mhúinteora i gcur chun cinn na Gaeilge. 2. Eolas a léiriú ar an taighde agus teoiric a bhaineann leis an: cur chuige cumarsáideach, úsáid na Gaeilge go neamhfhoirmiúil, an cur chuige tascbhunaithe um theagasc teangacha agus an Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) agus ar na himpleachtaí don chleachtas. 3. Réimse gníomhaíochtaí teagaisc, foghlama agus measúnaithe a dhearadh d’fhorbairt scileanna litearthachta sa Ghaeilge ar bhonn comhtháite agus cothromaithe a chuimsíonn teanga ó bhéal, léitheoireacht agus scríbhneoireacht i gcomhthéacs scoil T1 agus T2 ó na bunranganna go dtí na meánranganna agus na hardranganna 4. Eolas a léiriú ar fhorbairt na feasachta teanga i gcomhthéacs na fónaice agus na gramadaí mar chuid de chur chuige ilteangach agus forbairt a dhéanamh ar a n-inniúlacht féin sa Ghaeilge 5. Ceachtanna teanga ó bhéal, léitheoireachta agus scríbhneoireachta a ullmhú atá bunaithe ar dhea-chleachtas, a thugann aird ar úsáid teanga agus cumas teanga a mhéadú agus a bhaineann leas as réimse áiseanna, áiseanna digiteacha san áireamh 6. Tuiscint a léiriú ar an tábhacht a bhaineann le creat tacaíochta foghlama a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí sa Ghaeilge trí ionchur, idirghníomhú teanga agus aschur teanga a éascú i gceachtanna a fhreastalaíonn ar riachtanais foghlaimeoirí éagsúla teanga. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Indicative Content and Learning Activities
Ábhar an Chúrsa Taighde Reatha ar theagasc na Gaeilge sa chóras oideachais. Teoiricí foghlama Teanga –ionchur teanga, aschur teanga agus idirghníomhú teanga Tobar dánta, rannta, amhráin Cluichí Teanga An Cur Chuige Tascbhunaithe mar chuid de chur chuige cumarsáideach le foghlaim an dara teanga a chur chun cinn – bunphrionsabail agus conas tascanna a éascú sa rang An Ghaeilge Neamhfhoirmiúil agus pleanáil d’úsáid na Gaeilge go neamhfhoirmiúil ar bhonn struchtúrtha a chuireann teanga an mhúinteora agus teanga na bpáistí san áireamh An Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) trí Ghaeilge Forbairt na Feasachta teanga – an fhónaic agus an ghramadach, an teagasc foirm-dhírithe, cur chuige ionduchtach do theagasc na gramadaí, cur chuige ilteangach Forbairt na scileanna litearthachta sna meánranganna & sna hardranganna: Cur chuige comhtháite: Forbairt scileanna teanga ó Bhéal, scileanna léitheoireachta & scileanna scríbhneoireachta Ag forbairt na scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta sa Ghaeilge: éagsúlacht seánraí, traschur scileanna, saibhriú na teanga tríd an léitheoireacht, straitéisí leis an léitheoireacht a chleachtadh sa rang, frámaí scríbhneoireachta, áiseanna léitheoireachta & scríbhneoireachta Úsáid ábhar digiteach. Pleanáil ceachtanna agus scéimeanna. Cur chuige ionchuimsitheach. Áiseanna, Scéimeanna Tacaíochta don Ghaeilge Eagrais Ghaeilge (m.sh, Gael Linn, COGG) atá ag tacú le teagasc na Gaeilge sa Bhunscoil – i gcomhthéacs scoil T1 agus T2 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Indicative Reading List Books:
Articles:
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Other Resources
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Please add teachers: Deirdre Ní Chonghaile, Máire Ní Láimhín, Jacqueline de Brún, Lorraine Ní Gháirbhíth, Sinéad Andrews | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||