DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU
<< Back to Module List

Latest Module Specifications

Current Academic Year 2025 - 2026

Module Title Teagasc na Gaeilge
Module Code EDP1066 (ITS: ED2027)
Faculty Language, Literacy & ECE School DCU Institute of Education
NFQ level 8 Credit Rating 2.5
Description

Sa mhódúl seo tugtar tacaíocht do na mic léinn machnamh a dhéanamh orthu féin mar fhoghlaimeoirí agus teagascóirí teanga ar feadh an tsaoil. Forbraítear scileanna agus tuiscint na mac léinn ar mhúineadh agus fhoghlaim an dara teanga agus tugtar deiseanna dóibh a gcuid scileanna litearthachta féin sa Ghaeilge a chleachtadh agus a fheabhsú mar aon lena n-inniúlacht ó thaobh teagaisc agus measúnaithe de. Déantar forbairt ar an obair atá déanta sa chéad bhliain ag úsáid taithí na mac léinn mar fhoghlaimeoirí teanga agus an taithí a bhí acu mar mhúinteoirí teanga ar Shochrúchán Scoile. Spreagtar iad cleachtas cruthaitheach agus machnamhach a léiriú trí thascanna a roghnú agus a chruthú do theagasc, fhoghlaim agus mheasúnú na Gaeilge sa seomra ranga. Dírítear ar Ranganna 3-6. Cuirtear béim ar fhoghlaim leanúnach na bhfoghlaimeoirí agus conas plean agus scéim do theagasc na Gaeilge a dhearadh agus a chur i bhfeidhm go héifeachtach sa seomra ranga. Leantar le hiniúchadh ar chuir chuige agus straitéisí múinte agus foghlama a mholtar i gCuraclam Teanga na Bunscoile. Déantar é seo trí úsáid a bhaint as gníomhaíochtaí cumarsáide sna ceardlanna ag díriú ar léitheoireacht agus ar scríbhneoireacht na Gaeilge, agus trí bhéim a leagan ar thraschur scileanna na bhfoghlaimeoirí. Díritear ar chur chuige cumarsáideach agus ar na himpleachtaí praiticúla do chleachtas ranga an mhúinteora agus do ghníomhaíochtaí na bhfoghlaimeoirí sa seomra ranga. Tugtar treoir do na mic léinn acmhainní a dhearadh agus a úsáid i mbealach éifeachtach chun cumarsáid na bhfoghlaimeoirí a chinntiú. Tugtar deis do na mic léinn a gcuid scileanna digiteacha a úsáid agus a fhorbairt i rith an chúrsa chun tacú le teagasc, foghlaim agus measúnú do gach foghlaimeoir. Tacaíonn an modúl seo le húsáid a bhaint as réimse áiseanna atá ar fáil go digiteach agus tá féidearthachtaí na teicneolaíochta mar áis theagaisc agus foghlama comhtháite sna ceardlanna. Bionn deiseanna ag na mic léinn an teicneolaíocht nua agus teicneolaíocht atá ag teacht chun cinn a fhiosrú. Déantar forbairt ar thuiscint na mac léinn i dtaobh Gaeilge Neamhfhoirmiúil a chur i bhfeidhm go héifeachtach sa seomra ranga.

Learning Outcomes

1. Machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama mar fhoghlaimeoirí teanga agus mar mhúinteoirí teanga agus nasc a dhéanamh le dea chleachtas múineadh agus foghlaim an dara teanga sa seomra ranga.
2. Eolas a thabhairt ar na cuir chuige is éifeachtaí do mhúineadh agus foghlaim éifeachtach an dara teangasna hard ranganna i Scoileanna T1 agus T2. Nasc a dhéanamh le teoiric agus cleachtas ranga.
3. Tuiscint a léiriú ar ghníomhaíochaí cumarsáideacha oiriúnacha a dhearadh do na hardranganna agus conas na scileanna teanga a chomhtháthú i gceacht agus i scéim leanúnach.
4. Eolas a léiriú ar na stráitéisí is éifeachtaí chun Gaeilge Neamhfhoirmiúil a chur i bhfeidhm sa seomra ranga.
5. Réimse acmhainní éifeachtachta a mheas, a dhearadh agus a úsáid i mbealach éifeachtach.
6. Taithí a fháil ar réimse seánraí léitheoireachta agus an bealach le téacsanna a úsáid sa seomra ranga i gcomhthéacs aithint focal, comhréir agus tuiscint na léitheoireachta T1 agus T2.
7. Taithí a fháil ar sheánraí scríbhneoireachta sa Ghaeilge agus an bealach le scríobh na Gaeilge a chur chun cinn sa seomra ranga.
8. Córas fuaime agus fónaice na Gaeilge a fhoghlaim agus cuir chuige éifeachtacha leis an eolas sin a chur chun cinn sa seomra ranga i gcomhthéacs na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta.


WorkloadFull time hours per semester
TypeHoursDescription
Seminars52Seminars/workshops 2 hours per week, duration of semester, Individual, pair-work and group-work to encourage language use and practice, 22 hours. Readings based on seminars and preparation for seminars, about 20 hours Assessment preparation, around 10 hours
Total Workload: 52
Section Breakdown
CRN10403Part of TermSemester 1
Coursework0%Examination Weight0%
Grade Scale40PASSPass Both ElementsY
Resit CategoryRC1Best MarkN
Module Co-ordinatorJacqueline de BrúnModule TeacherAisling NI Dhiorbhain, Deirdre NI Chonghaile, Lorraine NI Ghairbhith
Assessment Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
AssignmentIn-class assignment15%n/a
AssignmentPleanáil: Scéim leanúnach agus áiseanna85%Sem 1 End
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
RC1: A resit is available for both* components of the module.
RC2: No resit is available for a 100% coursework module.
RC3: No resit is available for the coursework component where there is a coursework and summative examination element.

* ‘Both’ is used in the context of the module having a coursework/summative examination split; where the module is 100% coursework, there will also be a resit of the assessment

Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Múineadh agus foghlaim an dara teanga
Múineadh agus foghlaim an dara teanga; • Taithí foghlama na mac léinn; • Taithí na mac léinn ar Shocrúchán Scoile; dea chleachtas ranga; • Cur chuige cumarsáideach; • Scileanna litearthachta; éisteacht, labhairt, léitheoireacht agus scríbhneoireacht; • Straitéis mhúineadh agus foghlama; • Foghlaim leanúnach (plean seachtainiúil); • Acmhainní do mhúineadh na Gaeilge i Scoileanna T1 agus T2; • Curaclam Teanga na Bunscoile (CNCM, 2019); • Forbairt na scileanna litearthachta i Scoileanna T1 agus T2; • Feasacht fóineolaíochta; • Gaeilge Neamhfhoirmiúil

Indicative Content
• Múineadh agus foghlaim an dara teanga; • Taithí foghlama na mac léinn; • Taithí na mac leinn ar Shochrúchán Scoile; dea chleachtas ranga; • Cur chuige cumarsáideach; • Scileanna litearthachta; éisteacht, labhairt, léitheoireacht agus scríbhneoireacht; • Straitéis mhúineadh agus foghlama; • Foghlaim leanúnach (plean seachtainiúil); • Acmhainní do mhúineadh na Gaeilge i Scoileanna T1 agus T2; • Curaclam Teanga na Bunscoile (CNCM, 2015); • Forbairt na scileanna litearthachta i Scoileanna T1 agus T2; • Feasacht fóineolaíochta; • Gaeilge Neamhfhoirmiúil.

Indicative Reading List

Books:
  • Stenson, N. & Hickey, T.: 2019, Tuiscint ar Litriú na Gaeilge, COGG, Dublin,


Articles:
  • Fountas, G. & Pinnell, S.: 2012, Guided Reading: The Romance and the Reality, The Reading Teacher, Volume 66, Issue 4, 268, https://doi.org/10.1002/TRTR.01123, 506682
  • 2009: Learning to Read in Irish and English, COGG, Academia, 506683, 1
  • Seánraí Scríbhneoireachta: Ábhair Tacaíochta, 506684, 1, NCCA
  • Ábhar Tacaíochta: 506685, 1, NCCA, 0
  • 506686: 1, Hickey, T., 2006, The Emergent Reader of Irish: Promoting Real Recognition of the Most Useful Words, Literacy and Language Learning: Reading in a First or Second Language, 23,
Other Resources

None

<< Back to Module List View 2024/25 Module Record for ED2027