DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU
<< Back to Module List

Latest Module Specifications

Current Academic Year 2025 - 2026

Module Title Language (Gaeilge)
Module Code EDP1113 (ITS: ED9046)
Faculty Language, Literacy & ECE School DCU Institute of Education
NFQ level 9 Credit Rating 2.5
Description

Clúdaítear sa mhodúl seo an teoiric is ábhartha do Churaclam Teanga na Bunscoile agus do Mhúineadh Éifeachtach na Gaeilge. Ullmhaítear na mic léinn le tabhairt faoi theagasc na Gaeilge go héifeachtach ag úsáid scéalaíocht, fíorleabhar, filíocht, drámaíocht, agallamh mar ionchur d’imirt I rólanna agus cluichí teanga. Déantar naisc idir thaighde, theoiric agus chleachtas na mac léinn sa seomra ranga bunscoile. Dírítear ar theoiricithe a bhaineann leis an gcur chuige cumarsáideach agus le traschur scileanna thar theangacha, óna n-eascraíonn an réasúnaíocht do Churaclam Teanga na Bunscoile. Cuirtear samplaí praiticiúla ar fáil do na mic léinn d’impleachtaí na dteoiricithe siúd ar a gcleachtas ranga – m.sh struchtúr an cheachta Gaeilge; gníomhaíochtaí cumarsáideacha sa ranga; traschur scileanna i gcomhthéacs na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta; agus spreagadh na feasachta teanga thar theangacha. Déantar spleáchadh ar thaighde a bhaineann le Teagasc na Gaeilge sa bhunscoil, agus spreagtar na mic léinn le machnamh a dhéanamh ar conas barr feabhais a chur ar theagasc na Gaeilge sna scoileanna, trína gcleachtas féin mar mhúinteoirí Gaeilge. Tabharfar faoi phleanáil ghearrthréimhseach don Ghaeilge freisin. Tugtar deis do na mic léinn a gcuid scileanna digiteacha a úsáid agus a fhorbairt i rith an chúrsa chun tacú le teagasc, foghlaim agus measúnú do gach foghlaimeoir. Tugtar tacaíocht do na mic léinn machnamh a dhéanamh ar fhorbairt an mhúinteora mar ghairmí neamhspleách féinmhachnamhach agus machnamh a dhéanamh orthu féin mar fhoghlaimeoir agus teagascóir teanga ar feadh an tsaoil. Spreagtar na mic léinn le cleachtas cruthaitheach agus machnamhach a léiriú trí thascanna a roghnú agus a chruthú do theagasc, foghlaim agus measúnú na Gaeilge sa seomra ranga. Tugtar deiseanna do mhic léinn a gcuid scileanna litearthachta féin sa Ghaeilge a chleachtadh agus a fheabhsú mar aon lena n-inniúlacht ó thaobh teagaisc agus measúnaithe de. Tá na gníomhaíochtaí praiticiúla i ngach ceardlann nasctha go dlúth leis an teoiric agus taighde a bhaineann le múineadh éifeachtach an dara teanga.

Learning Outcomes

1. Réimse gníomhaíochtaí teagaisc, foghlama agus measúnaithe a dhearadh d’fhorbairt scileanna litearthachta sa Ghaeilge ar bhonn comhtháite agus cothromaithe a chuimsíonn teanga ó bhéal, léitheoireacht agus scríbhneoireacht i gcomhthéacs scoile T1 agus T2 sna bunranganna ach go háirithe
2. Naisc a dhéanamh idir an teoiric a bhaineann le traschur scileanna thar theangacha agus gníomhaíochtaí praiticiúla sa seomra ranga ag baint leasa as réimse áiseanna,cinn dhigiteacha san áireamh
3. Tuiscint ar na nithe seo: sealbhú, teagasc agus foghlaim na chéad agus dara teanga agus ceachtanna cumarsáideacha teanga a phleanáil bunaithe ar an taighde agus teoiric ar mhúineadh go cumarsáideach sa dara teanga.
4. Moltaí a dhéanamh do dhea-chleachtas teagaisc atá bunaithe ar an teoiric agus ar an taighde cuí.
5. Forbairt ar a n-inniúlacht féin sa Ghaeilge maraon le machnamh a dhéanamh orthu féin mar fhoghlaimeoir agus mar theagascóir ar feadh an tsaoil
6. Tuiscint a léiriú ar thábhacht na litearthachta éiritheach maraon le fónaic na Gaeilge, agus tabhairt faoi phleanáil ghearrthréimhseach don Ghaeilge do gach foghlaimeoir


WorkloadFull time hours per semester
TypeHoursDescription
Workshop22Ceardlanna dhá uair an chloig
Assignment Completion15.5Obair ar an tionscadal
Independent Study20Foghlaim neamhspleách
Online activity5Tascanna ar líne
Total Workload: 62.5
Section Breakdown
CRN10431Part of TermSemester 1
Coursework0%Examination Weight0%
Grade Scale40PASSPass Both ElementsY
Resit CategoryRC1Best MarkN
Module Co-ordinatorLorraine NI GhairbhithModule Teacher
Assessment Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
AssignmentTionscadal: Cuid A - Scéim do rang amháin naíonáin – R275%n/a
AssignmentCuid B - Alt le léamh (an teoiric)5%n/a
ParticipationRannpháirtíocht20%n/a
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
RC1: A resit is available for both* components of the module.
RC2: No resit is available for a 100% coursework module.
RC3: No resit is available for the coursework component where there is a coursework and summative examination element.

* ‘Both’ is used in the context of the module having a coursework/summative examination split; where the module is 100% coursework, there will also be a resit of the assessment

Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Indicative Content
• Múineadh Éifeachtach Teangacha de réir Churaclam Teanga na Bunscoile; • Na straitéisí eagsúla do mhúineadh agus d’fhoghlaim na scileanna teanga: scéalaíocht agus úsáid fíorleabhar, filíocht, drámaíocht, agallamh mar ionchur d’imirt i rólanna, cluichí teanga; • Teanga ó bhéal agus an Ghaeilge neamhfhoirmiúil sa seomra ranga agus sa scoil; • Léitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge go cumarsáideach; • Pleanáil ghearrthréimhseach don Ghaeilge sa bhunscoil; • Teoiricithe Sealbhaithe agus Foghlama an Dara Teanga; • Fónaic na Gaeilge; • Traschur scileanna thar theangacha.

Indicative Reading List

Books:
  • Jim Cummins: 2021, Rethinking the Education of Multilingual Learners: Acritical analysis of theoretical concepts, First, Multilingual Matters, UK,
  • L. Cameron: 2005, Teaching languages to young learners, Cambridge University Press, Cambridge,
  • John Harris agus Pádraig Ó Duibhir: 2011, Múineadh éifeachtach teangacha. Sintéis ar thaighde. : CNCM. Ar fáil ag:, CNCM, Baile Átha Cliath,


Articles:
None
Other Resources

  • 1: website, J de Brún, 2016, Fónaic, Baile Átha Cliath,

<< Back to Module List View 2024/25 Module Record for ED9046