Latest Module Specifications
Current Academic Year 2025 - 2026
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Description Is é bunaidhm an mhodúil seo ná comhtháthú a dhéanamh ar an taithí phraicticiúil agus an stáidéar teoiriciúil sa chlár go dtí seo. Sa mhodúl seo déanfaidh an mac léinn forbairt ar a chuid scileanna agus feasacht fiontraíochta trí dhíriú ar dheis fiontraíochta a aithint agus a fhorbairt. Déanfar é seo trí tháirge nó seirbhís a dhearadh agus a fhorbairt; fiontar nua a shamhaltú nó trí phlean fiontraíochta a fhorbairt d'eagras seachtrach. Forbróidh an mac léinn scileanna agus feasacht maidir le: taighde, measúnú, bainistíocht tionscadail, anailís agus réiteach fadhbanna. Tiocfaidh forbairt freisin ar iompar agus ar dhearcadh pearsanta an mhic léinn go háirithe trí oibriú i gcomhar le daoine eile, trí fhoghlaim neamhspleách agus trí mhachnamh ar shaincheisteanna eitice. Is modúl gníomhach é seo ina gcaithfidh mic léinn freastal ar sheimineáir, ar chruinnithe agus ar léachtaí tacaíochta an mhoduil. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Learning Outcomes 1. Rangú, measúnú agus sintéis a dhéanamh ar eolas casta ó fhoinsí éagsúla le cinntí eolacha a dhéanamh. 2. Argóintí áititheacha a fhorbairt agus a dhéanamh leis an deis fiontraiochta nó infhiontraíochta a chur i bhfeidhm. 3. Pleanáil, bainistiú agus machnamh criticiúil a dhéanamh ar a (h)obair féin agus ar obair bhuíne más ann di. 4. Cur i láthair gairmiúil a ullmhú ar an deis fiontríochta nó infhiontraíochta agus a chur i gcrích 5. Deiseanna fiontraíochta a shainaithint chun luach a chruthú. 6. Smaointe fiontraíochta nuálacha a ghiniúint. 7. Smaointe fiontraíochta a bhailíochtú. 8. Páirtithe leasmhara a shainaithint atá ábhartha do rath fiontar. 9. Inniúlacht ar phleanáil fiontair a léiriú. 10. Smaoineamh fiontraíochta a chur in iúl do pháirtithe leasmhara ábhartha. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Indicative Content and Learning Activities
Seimineáir Tacaíochta Seimineár tacaíochta i sainábháir m.sh dlí, taighde margaíochta, cuntasaíocht &rl. Meantóir Meantóireacht leanúnach le meantóirí inmheánacha agus seachtracha. Cruinnithe Seachtainiúla Cruinniú seachtainiúil ag gach buíon/mac léinn indibhidiúil leis an gcomhordaitheoir áit a bpléifear an dul chun cinn, na dúshláin agus na réitigh ar fhabhanna. Iompar agus dearcadh fiontraíoch agus proifisiúnta Forbairt ar scileanna pearsanta | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Indicative Reading List Books:
Articles: None | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Other Resources
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||