DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU

Registry

Module Specifications

Archived Version 2017 - 2018

Module Title Téarmeolaíocht na Gaeilge
Module Code FN246A
School 58

Online Module Resources

Module Co-ordinatorDr Gearóid Ó CleircínOffice NumberLG12
NFQ level 8 Credit Rating 5
Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None
Description

Tá trí ghné d’obair na téarmeolaíochta i gceist: teoiric na téarmeolaíochta, an Ghaeilge agus an téarmeolaíocht, agus an téarmeolaíocht phraiticiúil. Teoiric na téarmeolaíochta: Tabharfar léargas ar staid agus ar theoiric idirnáisiúnta sa disciplín laistigh de phleanáil chorpas teanga. Pléifear pleanáil, taighde, caighdeánú, dáileadh, agus ionphlandú, le samplaí as tíortha eile. An Ghaeilge agus an téarmeolaíocht: Tabharfar léargas stairiúil ar fhorbairt na téarmaíochta don Ghaeilge, agus díreofar ar na struchtúir riaracháin agus acadúla don obair sin. Breathnófar ar mhodheolaíocht na téarmeolaíochta don Ghaeilge, idir chleachtais chumtha téarmaí agus forbairt réimsí agus bailiúchán áirithe. Pléifear tionscadail éagsúla téarmeolaíochta, go háirithe na tionscadail náisiúnta agus idirnáisiúnta atá faoi stiúir Fiontar. An téarmeolaíocht phraiticiúil Déanfar obair phraiticiúil ar an téarmeolaíocht agus tabharfar traenáil ar úsáid áiseanna taighde ar nós bunachair téarmaíochta, corpais, agus cuimhní aistriúcháin. Déanfar taighde samplach ar bhaisc téarmaí. Tabharfar tuiscint ar cheartúsáid na téarmaíochta in obair aistriúcháin agus scríbhneoireachta.

Learning Outcomes

1. Bunchoincheapa na téarmeolaíochta a mhíniú (msh. coincheap, struchtúr coincheapa, téarma, téarmeolaíocht, sainmhíniú).
2. Léargas stairiúil agus comhaimseartha a thabhairt ar fhorbairt na foclóireachta agus na téarmeolaíochta i gcás na Gaeilge, agus plé a dhéanamh ar na sainchonstaicí sochtheangeolaíocha agus eile a bhain/a bhaineann leis an obair sin.
3. Taighde téarmeolaíochta a dhéanamh ar bhaisc téarmaí, ag úsáid áiseanna taighde le sainmhíniú a scríobh, struchtúr coincheapa a leagan amach agus dréachtmholtaí a dhéanamh i leith téarmaí.
4. Idirdhealú a dhéanamh ar an saintéarmaíocht chuí bunaithe ar an dtaighde
5. Buneagar a chur ar théacs



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Lecture24Léachtanna
Independent Study51Obair sa leabharlann agus ar líne, machnamh ar an t-ábhar
Group work25Grúpobair
Assignment Completion25Ullmhúchán don mheasúnacht
Total Workload: 125

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Teoiric na téarmeolaíochta
Staidéar ar na bunchoincheapa a bhaineann léi (téarma vs focal, coincheap, sainmhíniú, srl)

Pleanáil chorpais agus ionad na téarmeolaíochta laistigh de sin
Tuiscint ar an bpleanáil corpais mar chuid den phleanáil teanga; eolas faoi theangacha eile agus na saincheisteanna a bhaineann le pleanáil corpais.

Téarmeolaíocht na Gaeilge: cúlra
Cúlra stairiúil agus sochtheangeolaíochta

Téarmeolaíocht na Gaeilge: áiseanna
Iniúchadh a dhéanamh ar fhoinsí leictreonacha agus foinsí clóite. Ceartúsáid bunachar téarmaíochta agus foclóir.

Modhanna oibre na téarmeolaíochta
Buneolas ar na modhanna taighde (bunachair sonraí; foilsiú ar líne; taighde corpais; scríobh sainmhínithe)

An téarmeolaíocht agus an eagarthóireacht
Úsáid cheart na téarmaíochta agus cáipéisí á scríobh nó á gcur in eagar.

Assessment Breakdown
Continuous Assessment100% Examination Weight0%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
Reassessment Requirement
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
Unavailable
Indicative Reading List

  • Mac Lochlainn, A.: 2010, In Ord is in Eagar,
  • Nic Pháidín, C.: 2008, 'Corpus planning for Irish - dictionaries and terminology' in A New View of the Irish Language,
  • Ní Ghallchobhair, F.: 2003, An Téarmaíocht i gComhthéacs (ar líne)., Ar fáil ag: http://www.acmhainn.ie/coiste.htm,
  • Ní Ghearáin, H.: 2008, 'Pobal na Gaeilge agus na dictionary words: Taighde eimpíreach ar an bpleanáil téarmaíochta sa Ghaeilge', Taighde agus teagasc, iml. 6,
  • Nic Pháidín, C. & Bhreathnach, Ú.: 2008, 'Téarmaíocht na Gaeilge: turgnamh in vitro', Taighde agus Teagasc, iml. 6,
  • Wright, S.E. & Budin, G. (eag): 1997, Handbook of Terminology Management. Volume I: Basic Aspects of Terminology Management, John Benjamins, Amstardam agus Philadelphia,
  • Suonuuti, H.: 2001, Guide to Terminology, Dara heagrán, TNC, Solna, an tSualainn,
Other Resources

None
Programme or List of Programmes
GGBA Gnó agus Gaeilge
Archives: