DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU

Registry

Module Specifications

Archived Version 2018 - 2019

Module Title
Module Code
School

Online Module Resources

NFQ level 8 Credit Rating 10
Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None
Description

Is é cuspóir an mhodúil seo ná deis a thabhairt don mhac léinn eolas agus tuiscint dhomhain a fháil ar réimse ar leith de chuid na réimsí léinn a shaothraítear in Fiontar agus Scoil na Gaeilge faoi stiúir saineolaí sa réimse sin. Múinfear codanna den mhodúl i ngrúpaí beaga agus beifear ag súil leis go nglacfaidh an mac léinn páirt ghníomhach sa phlé ranga. Scríobhfaidh an mac léinn aiste nó a comhionann d'aschur acadúil bunaithe ar ábhar an mhodúil ina ndéanfaidh sé forbairt ar a chuid scileanna taighde, scríbhneoireachta agus anailíse. Is iad na hábhair/na réimsí a bhfuil súil le roghanna a chur ar fáil iontu sa bhliain acadúil 2017/18 ná: Agallamh na Seanórach; Teangacha Ceilteacha; Filíocht Nuala Ní Dhomhnaill, Bhiddy Jenkinson agus Mháire Mhac an tSaoi; An tAistriúchán agus na Meáin; Na Meáin Shóisialta agus an Ghaeilge; Eacnamaíocht/Airgeadas; Rún an Bhonnáin – Da Vinci Code na Gaeilge; Féilte traidisiúnta na bliana; Litríocht na nÓg; Amhránaíocht nuachumtha na Gaeilge; An tSochtheangeolaíocht/an Teangeolaíocht Fheidhmeach; Fiontraíocht/nuálaíocht shóisialta in earnáil dheonach na Gaeilge agus i bhforbairt na Gaeltachta; Scríbhneoireacht Sheáin Uí Ríordáin. Nóta: D'fhéadfadh athrú teacht ar na roghanna seo. D'fhéadfadh teorainn a bheith leis na roghanna a chuirfí faoi bhráid an mhic léinn de bharr an chláir ama.

Learning Outcomes

1. eolas agus tuiscint dhomhain ar réimse ar leith léinn a léiriú
2. cumas dul i ngleic le foinsí acadúla/a bhaineann le hábhar a léiriú
3. cumas a léiriú maidir le haiste fhada nó a comhionann d'aschur acadúil a chur ar fáil faoi stiúir
4. forbairt a dhéanamh ar a chruinneas sa scríobh agus i gcur i láthair téacs scríofa de réir na gcoinbhinsiún a bhaineann leis an réimse atá i gceist
5. forbairt a dhéanamh ar a chuid scileanna plé agus anailíse. Nóta: D’fhéadfadh go mbainfeadh torthaí foghlama eile le roghanna ar leith



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Lecture4Léachtaí ar mhodhanna taighde
Seminars11Seimineáir
Tutorial6Cruinnithe leis an léachtóir
Directed learning20Úsáid acmhainní agus gníomhaíochtaí ar Loop nó ar ardán ilmheáin eile, teagmháil tríd an ríomhphost leis an léachtóir, mar shampla
Independent Study120No Description
Assignment Completion89No Description
Total Workload: 250

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Assessment Breakdown
Continuous Assessment% Examination Weight%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
Reassessment Requirement
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
Unavailable
Indicative Reading List

    Other Resources

    None
    Programme or List of Programmes
    Archives: