Registry
Module Specifications
Archived Version 2020 - 2021
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Description Sa mhodúl seo gheobhaidh na mic léinn tuiscint ar bhunphrionsabail an taighde corpais i gcomhthéacs na Gaeilge. Ar dtús, pléifear an teoiric a bhaineann le corpas a fhorbairt; ansin scrúdófar na corpais Ghaeilge atá ar fáil. Sa chuid seo den mhodúl gheofar spléachadh ar cheisteanna maidir le formáidí, ionchódú, cóipcheart, ceadúnais, cothromú agus anótáil. Ina dhiaidh sin, scrúdófar modheolaíochtaí taighde foclóireachta agus téarmeolaíochta (e.g. roghnú comhlogaíochtaí agus samplaí úsáide) a bhaineann leas as corpais, agus déanfar cleachtadh ar chuid de na modheolaíochtaí seo. Sa chuid seo den mhodúl gheofar taithí phraiticiúil ar chórais chuardaigh corpais a úsáid. Ar deireadh, díreofar ar mhodhanna taighde corpais a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar theanga agus ar úsáid teanga. Sa chuid seo den mhodúl rachfar i ngleic le modhanna chun staitisticí minicíochta úsáide a bhaint as corpas chun anailís chainníochtúil agus cháilíochtúil a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den teanga (e.g. moirfeolaíocht, comhréir, séimeantaic). | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Learning Outcomes 1. Cur síos a dhéanamh ar acmhainní corpais na Gaeilge. 2. Sonraí teangeolaíochta a bhailiú as corpas le córais cuardaigh corpais. 3. Cnuasach léacsach (foclóireachta nó téarmaíochta) a chruthú bunaithe ar shonraí as corpas Gaeilge. 4. Ceist taighde teangeolaíochta a ullmhú lena scrúdú i gcorpas. 5. Anailís teangeolaíochta corpas-bhunaithe a dhéanamh ar ghné den Ghaeilge. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Content and
Learning Activities Coincheapa na teangeolaíochta corpaisTéacschomharthaí, leamaí, ranna cainte, comhlogaíocht, comhchordachtaí, n-graim, etc.Uirlisí corpaisGaois, AntConc, uirlisí NLP, sloinn rialta, etc.Corpais oscailte agus dúnta na GaeilgePrionsabail an taighde thurgnamhaighAnailísí agus taighde corpaisSamplaí ón nGaeilge agus ó theangacha eile.Anailís léacsachFoclóireacht agus téarmeolaíocht.Anailís ar éagsúlachtaí díoscúrsa na GaeilgeAnailís theangeolaíoch | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Reading List
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Other Resources 43774, Website, 0, Gaois, https://www.gaois.ie/ga/, 43775, Website, 0, Terminologue.org, https://www.terminologue.org/, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Programme or List of Programmes | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Archives: |
|