DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU

Registry

Module Specifications

Archived Version 2022 - 2023

Module Title
Module Code
School

Online Module Resources

NFQ level 8 Credit Rating 2.5
Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None
Description

Sa mhódúl seo tugtar tacaíocht do na mic léinn machnamh a dhéanamh orthu féin mar fhoghlaimeoirí agus teagascóirí teanga ar feadh an tsaoil. Forbraítear scileanna agus tuiscint na mac léinn ar mhúineadh agus fhoghlaim an dara teanga agus tugtar deiseanna dóibh a gcuid scileanna litearthachta féin sa Ghaeilge a chleachtadh agus a fheabhsú mar aon lena n-inniúlacht ó thaobh teagaisc agus measúnaithe de. Déantar forbairt ar an obair atá déanta sa chéad bhliain ag úsáid taithí na mac léinn mar fhoghlaimeoirí teanga agus an taithí a bhí acu mar mhúinteoirí teanga ar Shochrúchán Scoile. Spreagtar iad cleachtas cruthaitheach agus machnamhach a léiriú trí thascanna a roghnú agus a chruthú do theagasc, fhoghlaim agus mheasúnú na Gaeilge sa seomra ranga. Dírítear ar Ranganna 3-6. Cuirtear béim ar fhoghlaim leanúnach na bhfoghlaimeoirí agus conas plean cuimsitheach seachtainiúil do theagasc na Gaeilge a dhearadh agus a chur i bhfeidhm go héifeachtach sa seomra ranga. Leantar le hiniúchadh ar chuir chuige agus straitéisí múinte agus foghlama a mholtar i gCuraclam Teanga na Bunscoile. Déantar é seo trí úsáid a bhaint as gníomhaíochtaí cumarsáide sna ceardlanna agus trí bhéim a leagan ar thraschur scileanna na bhfoghlaimeoirí. Díritear ar chur chuige cumarsáideach agus ar na himpleachtaí praiticúla do chleachtas ranga an mhúinteora agus do ghníomhaíochtaí na bhfoghlaimeoirí sa seomra ranga. Tugtar treoir do na mic léinn acmhainní a dhearadh agus a úsáid i mbealach éifeachtach chun cumarsáid na bhfoghlaimeoirí a chinntiú. Tugtar deis do na mic léinn a gcuid scileanna digiteacha a úsáid agus a fhorbairt i rith an chúrsa chun tacú le teagasc, foghlaim agus measúnú do gach foghlaimeoir. Tacaíonn an modúl seo le húsáid a bhaint as réimse áiseanna atá ar fáil go digiteach agus tá féidearthachtaí na teicneolaíochta mar áis teagaisc agus foghlama comhtháite sna ceardlanna. Bionn deiseanna ag na mic léinn an teicneolaíocht nua agus teicneolaíocht atá ag teacht chun cinn a fhiosrú. Déantar forbairt ar thuiscint na mac léinn i dtaobh Gaeilge Neamhfhoirmiúil a chur i bhfeidhm go héifeachtach sa seomra ranga.

Learning Outcomes

1. Machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama mar fhoghlaimeoirí teanga agus mar mhúinteoirí teanga agus nasc a dhéanamh le dea chleachtas múineadh agus foghlaim an dara teanga sa seomra ranga.
2. Eolas a thabhairt ar na cuir chuige is éifeachtaí do mhúineadh agus foghlaim éifeachtach an dara teangasna hard ranganna i Scoileanna T1 agus T2. Nasc a dhéanamh le teoiric agus cleachtas ranga.
3. Tuiscint a léiriú ar gníomhaíochaí cumarsáideacha oiriúnacha a dhearadh do na hardranganna agus conas na scileanna teanga a chomhtháthú i gceacht agus thar seachtain iomlán.
4. Eolas agus tuiscint a léiriú ar phleanáil leanúnach agus plean seachtainiúil éifeachtach a dhearadh.
5. Eolas a léiriú ar na stráitéisí is éifeachtaí chun Gaeilge Neamhfhoirmiúil a chur i bhfeidhm sa seomra ranga.
6. Réimse acmhainní éifeachtachta a mheas, a dhearadh agus a úsáid i mbealach éifeachtach.



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Seminars52Seminars/workshops 2 hours per week, duration of semester, Individual, pair-work and group-work to encourage language use and practice, 22 hours. Readings based on seminars and preparation for seminars, about 20 hours Assessment preparation, around 10 hours
Total Workload: 52

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Múineadh agus foghlaim an dara teanga
Múineadh agus foghlaim an dara teanga; • Taithí foghlama na mac léinn; • Taithí na mac léinn ar Shocrúchán Scoile; dea chleachtas ranga; • Cur chuige cumarsáideach; • Scileanna litearthachta; éisteacht, labhairt, léitheoireacht agus scríbhneoireacht; • Straitéis mhúineadh agus foghlama; • Foghlaim leanúnach (plean seachtainiúil); • Acmhainní do mhúineadh na Gaeilge i Scoileanna T1 agus T2; • Curaclam Teanga na Bunscoile (CNCM, 2019); • Forbairt na scileanna litearthachta i Scoileanna T1 agus T2; • Feasacht fóineolaíochta; • Gaeilge Neamhfhoirmiúil

Indicative Content
• Múineadh agus foghlaim an dara teanga; • Taithí foghlama na mac léinn; • Taithí na mac leinn ar Shochrúchán Scoile; dea chleachtas ranga; • Cur chuige cumarsáideach; • Scileanna litearthachta; éisteacht, labhairt, léitheoireacht agus scríbhneoireacht; • Straitéis mhúineadh agus foghlama; • Foghlaim leanúnach (plean seachtainiúil); • Acmhainní do mhúineadh na Gaeilge i Scoileanna T1 agus T2; • Curaclam Teanga na Bunscoile (CNCM, 2015); • Forbairt na scileanna litearthachta i Scoileanna T1 agus T2; • Feasacht fóineolaíochta; • Gaeilge Neamhfhoirmiúil.

Assessment Breakdown
Continuous Assessment% Examination Weight%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
Reassessment Requirement
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
Unavailable
Indicative Reading List

  • Stenson, N. & Hickey, T.: 2019, Tuiscint ar Litriú na Gaeilge, COGG, Dublin,
Other Resources

None
Programme or List of Programmes
Archives: