Registry
Module Specifications
Archived Version 2023 - 2024
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Description Is é aidhm an mhodúil seo ceisteanna an dátheangachais sa duine aonair agus sa tsochaí a chíoradh. Díreofar ar úsáid agus foghlaim na Gaeilge go stairiúil agus sa lá atá inniu ann mar chás-staidéir do na feiniméin seo. Lena chois sin, pléifear bunús agus torthaí iarrachtaí éagsúla an Ghaeilge a athneartú le céad go leith bliain anuas. Trí léachtaí agus plé idirghníomhach sa rang, déanfar plé ar chúig thopaic sa chúrsa: (1) na coincheapa is lárnaí sa taighde ar an dátheangachas (idir thaighde sochtheangeolaíoch agus taighde síctheangeolaíoch); (2) an dátheangachas in Éirínn go stairiúil agus sa lá atá inniu ann; (3) ról an chórais oideachais i gcothú agus i mbuanú na Gaeilge; (4) ról na n-ealaíon dúchasach in athbheochan na teanga; (5) ionad na Gaeilge i sochaí ilteangach agus ilchultúrtha na hÉireann. Chomh maith leis na léachtaí, beidh fáil ag na mic léinn ar réimse leathan acmhainní foghlama ilmheáin ar leathanaigh LOOP an chúrsa. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Learning Outcomes 1. Ceisteanna lárnacha an dátheangachais sa duine aonair agus sa tsochaí a mheas 2. Comparáid a dhéanamh idir ról agus ionad teangacha éagsúla i sochaí na hÉireann go stairiúil agus sa lá atá inniu ann 3. Anailís a dhéanamh ar athruithe a tháinig ar phatrúin an dátheangachais in Éirinn le céad go leith bliain anuas 4. Tuiscint a léiriú ar na haidhmeanna a bhí taobh thiar de straitéisí an rialtais agus an chórais oideachais i dtaobh chur chun cinn na Gaeilge 5. Téarmaíocht an dátheangachais a thuiscint i gcomhthéacs na sochtheangeolaíochta agus na síctheangeolaíochta | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Content and
Learning Activities Léachtaí agus ceardlanna ar na hábhair seo:An dátheangachas: Sainmhínithe agus coincheapa; An dátheangachas sa duine; An dátheangachas sa phobal; Mionteangacha agus mórtheangacha ar fud an domhain; An Ghaeilge: Meathlú agus athbheochan; Sochtheangeolaíocht na Gaeilge; Teangacha sa chóras oideachais in Éirinn; Cleachtais teanga an phobail dhátheangaigh; Na healaíona traidisiúnta sa lá atá inniu ann; Ilteangachas in Éirinn | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Reading List
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Other Resources None | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Programme or List of Programmes | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Archives: |
|