Registry
Module Specifications
Archived Version 2023 - 2024
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Description Is é cuspóir an mhodúil ná anailís a dhéanamh ar fhorbairt na dialainne liteartha sa Ghaeilge. Scagfar réamhtheachtaithe na dialainne mar aon le samplaí luatha den seánra ar nós Imeacht na nIarlaí le Tadhg Ó Cianáin agus Cinnlae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin. Díreofar go háirithe ar shaothair ón 20ú haois i leith agus cleachtadh á thabhairt do mhic léinn ar chineálacha éagsúla téacsanna a léamh agus a léirmhíniú. Measfar cuid de na ceisteanna critice is tábhachtaí a bhaineann leis an seánra i litríocht an domhain mar aon le forbairt na dialainne sa Ghaeilge anuas go dtí an lá inniu, agus díreofar aird ar shaothair thábhachtacha chomhaimseartha. Mar eiseamláir, beifear ag féachaint ar dhialanna Sheáin Uí Ríordáin, atá i gcartlann UCD i bhfoirm neamhfhoilsithe, rud a thabharfaidh deis do mhic léinn féachaint ar chuid den phrós-scríbhneoireacht is úire agus is fearr dá bhfuil againn sa Ghaeilge. Ina dhiaidh sin, beidh an modúl dírithe ar iarrachtaí nua-aimseartha sa seánra a chuimsíonn an taisteal agus an machnamh domhain pearsanta ó leithéidí Dhómhnaill Mhic Shíthigh, Mhíchíl de Barra, Liam Uí Mhuirthile agus Liam Mhic Cóil. Scagfar dialanna a scríobh mná, go háirithe cín lae Eibhlín Ní Shúilleabháin, agus déanfar iniúchadh ar na cúiseanna nach bhfuil dialanna na mban níos flúirsí sa Ghaeilge. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Learning Outcomes 1. Anailís a dhéanamh ar fhorbairt na dialainne liteartha sa Ghaeilge 2. An dialann mar sheánra idirnáisiúnta a rianadh 3. Téarmaíocht na critice liteartha a úsáid go tuisceanach 4. Anailís théacsúil a dhéanamh ar shaothair Ghaeilge ar leith 5. An comhthéacs ina gcruthaítear agus ina léitear litríocht na Gaeilge a mheas | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Content and
Learning Activities An Dialann agus an DuineMeasfar forbairt na dialainne sa Ghaeilge ar an modúl seo. Tosnófar le samplaí stairiúla mar léirithe ionadaíocha ar an seánra. Rianófar critic na dialainne mar sheánra, agus léireofar an comhthéacs idirnáisiúnta i stair na féinscríbhneoireachta. Ina dhiaidh sin, beifear ag díriú go príomha ar dhialanna liteartha Gaeilge ón 20 haois anuas go dtí an lá inniu, ag féachaint ar mhórscríbhneoirí na Gaeilge ar nós Thomáis Uí Chriomhthain agus Sheáin Uí Ríordáin, agus ag díriú airde ar scríbhneoirí ban ar nós Eilbhlín Ní Shúilleabháin. Faoi dheireadh an chúrsa beidh deis ag mic léinn samplaí a léamh ó na dialanna is úire agus is déanaí dá bhfuil againn, ó leithéidí Liam Uí Mhuirthile, agus Mhic Cóil, mar shampla. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Reading List
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Other Resources None | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Programme or List of Programmes | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Archives: |
|