DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU

Module Specifications..

Current Academic Year 2023 - 2024

Please note that this information is subject to change.

Module Title Teanga 1
Module Code FN160
School 58
Module Co-ordinatorSemester 1: Sean Mac Risteaird
Semester 2: Sean Mac Risteaird
Autumn: Sean Mac Risteaird
Module TeachersSean Mac Risteaird
NFQ level 8 Credit Rating 10
Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None
Repeat examination
Description

Cúrsa Gaeilge do mhúinteoirí meánscoile faoi oiliúint é Teanga 1. Tá an modúl bunaithe go ginearálta ar Mheánleibhéal 2 (B2) den Fhráma Tagartha Eorpach do Theangacha (CEFR). Déantar na ceithre scil teanga a chleachtadh agus a fhorbairt trí thascanna ranga, obair neamhspleách, agus obair bhaile. Baintear leas as téacsanna dílse sna seimineáir theanga bunaithe ar réimse leathan topaicí a bhaineann le saol agus le sainspéiseanna na mac léinn. Le linn an chúrsa cothaítear foghlaimeoirí fadsaoil machnamhacha i leith na teanga. Cuirtear le heolas na mac léinn ar na téarmaí gramadaí, ar fhoghraíocht na Gaeilge, agus ar theanga chuidiúil don seomra ranga chun cumas cumarsáide an mhic léinn a fhorbairt agus a spreagfaidh féinfheasacht foghlama. Déantar foclóir na mac léinn a shaibhriú trí chleachtaí cluastuisceana, léamhthuisceana, agus trí chleachtaí meicniúla gramadaí. Déantar iniúchadh ar na gnéithe seo a leanas den ghramadach go háirithe: an modh ordaitheach; réamhfhocail shimplí; na tuisil; an chopail, i measc gnéithe eile le go mbeidh na hábhair oidí in ann an Ghaeilge a úsáid go héifeachtach sa seomra ranga. Baintear úsáid as míreanna éisteachta agus físe le cur le scileanna éisteachta agus le scileanna tuisceana na mac léinn anuas ar chleachtaí idirghníomhacha ar Loop chun bunscileanna teanga a chleachtadh agus a fhorbairt. Cuirtear san áireamh na riachtanais shainiúla teanga atá ag múinteoirí meánscoile faoi oiliúint agus déantar gach iarracht freastal ar na riachtanais sin i gcaitheamh an mhodúil.

Learning Outcomes

1. Feasacht bhunúsach a léiriú faoi struchtúr na teanga go ginearálta agus faoin ngaol atá ag patrúin éagsúla lena chéile.
2. Tuiscint a léiriú ar na hearráidí is coitianta a dhéanann siad sa chaint agus sa scríobh agus an dóigh le straitéisí a tharraingt chucu féin chun na hearráidí sin a sheachaint.
3. Tarraingt ar a dtuiscint ar bhunstruchtúir na teanga chun struchtúir chruinne a chur ar fáil go réasúnta leanúnach ina gcuid scríbhneoireachta agus ina gcuid cainte.
4. Tuiscint a léiriú ar na príomhphointí i dtéacsanna scríofa caighdeánacha agus i dtéacsanna éisteachta a bhaineann le fearann an oideachais agus le topaicí an tsiollabais.
5. Réimse leathan stór focal agus saibhreas cainte a léiriú i dtaca le topaicí an tsiollabais agus faoi fhormhór na dtopaicí a thiocfadh chun cinn sa chaint laethúil.
6. Téacsanna soiléire le mionsonraí cruinne a chur ar fáil faoi rogha leathan ábhar bainteach le topaicí an tsiollabais, lena réimse spéise agus leis an bhfearann oideachais.



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Lecture44Seimineáir teanga
Independent Study100Obair bhaile
Independent Study70Obair ar na hacmhainní ar leathanach LOOP an chúrsa
Independent Study36Ullmhú don scrúdú cainte
Total Workload: 250

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Gnéithe teanga a phléitear i rith an mhodúil
An tAinmfhocal; An Tuiseal Ainmneach (ainmfhocal agus aidiacht); An Tuiseal Ginideach a aithint; An Réamhfhocal; An Modh Ordaitheach; An Aimsir Ghnáthláithreach; An Aimsir Fháistineach; An Tuiseal Ginideach (athruithe tosaigh); Téarmaí gramadaí;  An Chopail; Cúrsaí foghraíochta; Tréithe phríomhchanúintí na Gaeilge; Saibhriú foclóra.

Assessment Breakdown
Continuous Assessment50% Examination Weight50%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
PortfolioFillteán foghlama20%As required
Oral ExaminationScrúdú cainte30%Sem 2 End
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
This module is category 1
Indicative Reading List

  • Mac Murchaidh, Ciarán: 2016, Cruinnscríobh na Gaeilge, 6, Cois Life, Baile Átha Cliath,
  • Ó Dónaill, Éamonn: 2016, Gramadach gan Stró, 4, Gaelchultúr, Baile Átha Cliath,
Other Resources

59335, Suíomh gréasáin, 0, Teanglann.ie: Leabharlann teanga agus foclóireachta, www.teanglann.ie, 59336, Suíomh gréasáin, 0, Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge, www.tearma.ie, 59337, Suíomh gréasáin, 0, Foclóir.ie: An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge, www.focloir.ie,
Programme or List of Programmes
BEDLANBachelor of Ed. in Gaeilge and FR/GE/SP
Archives:

My DCU | Loop | Disclaimer | Privacy Statement