DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU

Module Specifications..

Current Academic Year 2023 - 2024

Please note that this information is subject to change.

Module Title Bainistíocht Acmhainní Daonna
Module Code FN229
School 58
Module Co-ordinatorSemester 1: Emer Ni Bhradaigh
Semester 2: Emer Ni Bhradaigh
Autumn: Emer Ni Bhradaigh
Module TeachersEmer Ni Bhradaigh
Sean O hAdhmaill
NFQ level 8 Credit Rating 5
Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None
None
Array
Description

Is é aidhm an mhodúil seo ná léargas a thabhairt do mhic léinn ar bhainistíocht acmhainní daonna agus ar an dúshlán atá i saol oibre na linne seo d'fhostóirí, do bhainisteoirí, d'fhostaithe agus d'fhiontraithe. Gheobhaidh mic léinn léargas freisin ar na saincheisteanna a bhaineann le caidreamh tionscail in Éirinn. Foghlaimeoidh mic léinn mar gheall ar phríomhchoincheapa na bainistíochta acmhainní daonna agus conas iad a chur i bhfeidhm i gcásanna ar leith. Beidh orthu rólghlacadh a dhéanamh in idirbheartaíocht, in earcú agus forbairt foirne, ó thaobh an fhostóra agus an fhostaí de. Beidh ar mhic léinn réamhobair a dhéanamh do gach léacht agus seimineár.

Learning Outcomes

1. Na saincheisteanna reatha i ndisciplín bhainistíocht acmhainní daonna a mhíniú agus a chur i gcomparáid.
2. An litríocht chuí sa disciplín a aithint agus a chur i bhfeidhm le ceisteanna bainistíocht acmhainní daonna i samplaí ar leith a réiteach.
3. Comparáid a dhéanamh idir an dá thaobh i bpróiseas idirbheartaíochta agus páirt eolasach a ghlacadh sa phróiseas úd.
4. Anailís a dhéanamh ar phróiseas earcaíochta agus forbartha foirne.
5. Na dúshláin a bhaineann le polasaithe agus cleachtais don bhainistíocht acmhainní daonna a aithint agus a shárú. Conas polasaithe den saghas seo a dhearadh agus a chur i bhfeidhm.
6. Sonrú agus tomhas a dhéanamh ar inniúlachtaí
7. Tábhacht sláinte agus sabháilteachta san ionad oibre a aithint agus na dea-chleachtais ábhartha a mhíniú



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Lecture10Léacht
Seminars10Seimineár
Debate4Díospóireacht
Group work10Obair ghrúpa ar idirbheartaíocht
Independent Study91Foghlaim neamhspleách
Total Workload: 125

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Teoiricí agus ról na bainistíochta acmhainní daonna
Stair, forás agus príomh-shaincheisteanna na bainistíochta acmhainní daonna

Earcú, roghnú, forbairt agus measúnú foirne
Dea-chleachtas in earcú, roghnú, forbairt agus measúnú foirne san earnáil phríobháideach agus phoiblí

Caidreamh tionscail
Caidreamh tionscail in Éirinn - cleachtais agus geallshealbhóirí - ceardchumainn, fostóirí agus an rialtas

Idirbheartaíocht
Idirbheartaíocht tionscail i ngach réimse den bhainistíocht acmhainní daonna

Straitéis agus Acmhainní Daonna
Ról acmhainní daonna i bhforbairt straitéise

Assessment Breakdown
Continuous Assessment100% Examination Weight0%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
AssignmentAssignment100%n/a
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
This module is category 1
Indicative Reading List

  • Gunnigle, Patrick, Noreen Heraty & Michael Morley: 2006, Human Resource Management in Irish Organisations: practice and perspective, 6th, Gill and Macmillan, Dublin, 0717139336
  • Gunnigle, Patrick, Joseph Wallace & Gerard V. McMahon: 2004, Industrial Relations in Ireland, Gill and Macmillan, Dublin, 0717135748
  • Reardon, Kathleen Kelley: 2004, Becoming a Skilled Negotiator, John Wiley & Sons, New Jersey, 0471429694
Other Resources

None
Programme or List of Programmes
GGBA Gnó agus Gaeilge
Date of Last Revision27-JAN-12
Archives:

My DCU | Loop | Disclaimer | Privacy Statement