Module Specifications.
Current Academic Year 2024 - 2025
All Module information is indicative, and this portal is an interim interface pending the full upgrade of Coursebuilder and subsequent integration to the new DCU Student Information System (DCU Key).
As such, this is a point in time view of data which will be refreshed periodically. Some fields/data may not yet be available pending the completion of the full Coursebuilder upgrade and integration project. We will post status updates as they become available. Thank you for your patience and understanding.
Date posted: September 2024
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Coursework Only Array |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Description Is é aidhm an mhodúil seo ná forbairt a dhéanamh ar chumas Gaeilge na mac léinn agus a dtuiscint ar an teanga go ginearálta a leathnú, go speisialta a dtuiscint ar an ngramadach agus ar an eagarthóireacht. Foghlaimeoidh na mic léinn faoi cheartúsáid na hacmhainní teanga atá ar fáil ar an idirlíon. Forbrófar cumas scríbhneoireachta, cluastuisceana, labhartha agus eagarthóireachta na mac léinn trí ghníomhaíochtaí foghlama ina mbainfear úsáid as téacsanna éisteachta, físe, agus léitheoireachta ar líne chomh maith le tascanna atá dírithe ar chruinneas sa scríbhneoireacht agus sa chaint. Beidh ar mhic léinn anailís a dhéanamh ar a gcuid oibre féin bunaithe ar aiseolas ón teagascóir. Foghlaimeoidh na mic léinn conas taifead a choinneáil ar na botúin choitianta a dhéanann siad sa scríobh agus sa chaint. Beidh ar mhic léinn moltaí a dhéanamh maidir le conas na laigí ina gcuid oibre a réiteach. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Learning Outcomes 1. Cruinneas gramadaí: Léiriú ar chruinneas maith agus ar úsáid inniúil foinsí gramadaí agus téarmaíochta agus léiriú ar chruinneas i leith topaicí gramadaí an tsiollabais. 2. Stór focal: Forbairt ar shainstór focal i réimsí ar nós: gnó, polaitíocht agus cúrsaí reatha, mar shampla. 3. Léamhthuiscint: Pointí ábhartha eolais a bhaint agus a mheas as téacsanna caighdeánacha a bhaineann le topaicí an tsiollabais nó le cúrsaí reatha. 4. Cluastuiscint: Aithint agus plé ar na príomhphointí i dtéacsanna éisteachta a bhaineann le topaicí an tsiollabais nó le cúrsaí reatha agus sin a dhéanamh i gcás phríomhchanúintí na Gaeilge. 5. Scríbhneoireacht: Mionsonraí cruinne a chur ar fáil i scríbhinn ar chúrsaí reatha nó ar thopaic éigin ar an siollabas. 6. Caint & foghraíocht: Mionsonraí cruinne a chur ar fáil ó bhéal ar chúrsaí reatha nó ar thopaic éigin ar an siollabas. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Content and Learning Activities
Cruinneas gramadaíDíriú ar théarmaíocht agus ar rialacha a bhaineann le gramadach na Gaeilge go speisialta ar na topaicí seo a leanas: an briathar sa chlásal coibhneasta, foirmeacha na copaile, an forainm, agus an briathar saor. Beidh an cruinneas gramadaí á thástáil san obair scríofa agus labhartha agus beidh quizeanna rialta le déanamh ar thopaicí gramadaí an tsiollabais.Stór focalLeathnú agus saibhriú stór focal trí théacsanna molta an tsiollabais a léamh, éisteacht le cláir nuachta Gaeilge agus trí éisteacht go neamhspleách le Raidió na Gaeltachta. Beidh ar mhic léinn taifead rialta á choinneáil ar na téarmaí nua a fhoghlaimíonn siad.LéamhthuiscintDéanfar léitheoireacht neamhspleách agus léitheoireacht atá leagtha amach mar chuid den siollabas beidh ar mhic léinn agus achoimre ó bhéal nó i scríbhinn a sholáthar ar an ábhar sin.CluastuiscintFeabhsú cluastuisceana trí éisteacht leis na téacsanna éisteachta molta agus trí éisteacht go neamhspleách le Raidió na Gaeltachta agus le TG4 ar líne agus achoimre ó bhéal nó i scríbhinn a sholáthar ar an ábhar sin.ScríbhneoireachtPortfóilió a chur le chéile ina mbeidh aistriúcháin, aistí agus achoimrí i scríbhinn bunaithe ar thopaicí an tsiollabais, ar an nuacht nó ar chúrsaí reatha.Caint & foghraíochtPortfóilió a chur le chéile ina mbeidh ar aistriúcháin agus achoimrí ó bhéal bunaithe ar thopaicí an tsiollabais, ar an nuacht nó ar chúrsaí reatha.FéinmheasúnúBeidh ar mhic léinn dialann foghlama a choinneáil ina mbeidh cur síos ar na tascanna a bhí le déanamh acu chomh maith le hanailís ar an aiseolas ón teagascóir. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Reading List
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Other Resources 46667, 0, An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta, http://www.focal.ie, 46668, 0, An Bunachar Náisiúnta Logainmneacha, http://www.logainm.ie, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||