DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU
<< Back to Module List

Latest Module Specifications

Current Academic Year 2025 - 2026

Module Title Scileanna Teanga: Cumarsáid Dhigiteach & Eagar
Module Code GAE1018 (ITS: FN370)
Faculty Fiontar agus Scoil na Gaeilge School Humanities & Social Sciences
NFQ level 8 Credit Rating 10
Description

Is é aidhm an mhodúil seo ná forbairt a dhéanamh ar chumas Gaeilge na mac léinn agus a dtuiscint ar an teanga go ginearálta a leathnú, go speisialta a dtuiscint ar an ngramadach agus ar an eagarthóireacht. Foghlaimeoidh na mic léinn faoi cheartúsáid na hacmhainní teanga atá ar fáil ar an idirlíon. Forbrófar cumas scríbhneoireachta, cluastuisceana, labhartha agus eagarthóireachta na mac léinn trí ghníomhaíochtaí foghlama ina mbainfear úsáid as téacsanna éisteachta, físe, agus léitheoireachta ar líne chomh maith le tascanna atá dírithe ar chruinneas sa scríbhneoireacht agus sa chaint. Beidh ar mhic léinn anailís a dhéanamh ar a gcuid oibre féin bunaithe ar aiseolas ón teagascóir. Foghlaimeoidh na mic léinn conas taifead a choinneáil ar na botúin choitianta a dhéanann siad sa scríobh agus sa chaint. Beidh ar mhic léinn moltaí a dhéanamh maidir le conas na laigí ina gcuid oibre a réiteach.

Learning Outcomes

1. Cruinneas gramadaí: Léiriú ar chruinneas maith agus ar úsáid inniúil foinsí gramadaí agus téarmaíochta agus léiriú ar chruinneas i leith topaicí gramadaí an tsiollabais.
2. Stór focal: Forbairt ar shainstór focal i réimsí ar nós: gnó, polaitíocht agus cúrsaí reatha, mar shampla.
3. Léamhthuiscint: Pointí ábhartha eolais a bhaint agus a mheas as téacsanna caighdeánacha a bhaineann le topaicí an tsiollabais nó le cúrsaí reatha.
4. Cluastuiscint: Aithint agus plé ar na príomhphointí i dtéacsanna éisteachta a bhaineann le topaicí an tsiollabais nó le cúrsaí reatha agus sin a dhéanamh i gcás phríomhchanúintí na Gaeilge.
5. Scríbhneoireacht: Mionsonraí cruinne a chur ar fáil i scríbhinn ar chúrsaí reatha nó ar thopaic éigin ar an siollabas.
6. Caint & foghraíocht: Mionsonraí cruinne a chur ar fáil ó bhéal ar chúrsaí reatha nó ar thopaic éigin ar an siollabas.


WorkloadFull time hours per semester
TypeHoursDescription
Independent Study20Éisteacht nó léitheoireacht neamhspleách as ábhar sna meáin Ghaeilge
Assignment Completion60Tascanna scríofa
Assignment Completion60Tascanna labhartha
Directed learning10Quizeanna ar Moodle
Independent Study10Uasdátú ar an ngluais d'fhocail nua
Independent Study60Dialann foghlama
Independent Study30Staidéar
Total Workload: 250
Section Breakdown
CRN11394Part of TermSemester 1, 2 & 3
Coursework0%Examination Weight0%
Grade ScalePASS/FAILPass Both ElementsY
Resit CategoryRC2Best MarkN
Module Co-ordinatorColm O'CiardubhainModule TeacherEadaoin NI Mhuircheartaigh
Assessment Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
PortfolioBailiúchán de na tascanna scríofa bhí le déanamh i gcaitheamh an tseimeastair.30%Week 1
PortfolioBailiúchán de na tascanna labhartha bhí le déanamh i gcaitheamh an tseimeastair.25%Week 1
PortfolioGluais d’fhocail nua a d’fhoghlaim an mac léinn i rith an tseimeastair.10%Week 1
Reflective journalCur síos ar thascanna an chúrsa agus anailís ar an aiseolas ón teagascóir.20%Week 1
Short Answer QuestionsQuizeanna rialta thopaicí gramadaí an tsiollabais.15%n/a
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
RC1: A resit is available for both* components of the module.
RC2: No resit is available for a 100% coursework module.
RC3: No resit is available for the coursework component where there is a coursework and summative examination element.

* ‘Both’ is used in the context of the module having a coursework/summative examination split; where the module is 100% coursework, there will also be a resit of the assessment

Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Cruinneas gramadaí
Díriú ar théarmaíocht agus ar rialacha a bhaineann le gramadach na Gaeilge go speisialta ar na topaicí seo a leanas: an briathar sa chlásal coibhneasta, foirmeacha na copaile, an forainm, agus an briathar saor. Beidh an cruinneas gramadaí á thástáil san obair scríofa agus labhartha agus beidh quizeanna rialta le déanamh ar thopaicí gramadaí an tsiollabais.

Stór focal
Leathnú agus saibhriú stór focal trí théacsanna molta an tsiollabais a léamh, éisteacht le cláir nuachta Gaeilge agus trí éisteacht go neamhspleách le Raidió na Gaeltachta. Beidh ar mhic léinn taifead rialta á choinneáil ar na téarmaí nua a fhoghlaimíonn siad.

Léamhthuiscint
Déanfar léitheoireacht neamhspleách agus léitheoireacht atá leagtha amach mar chuid den siollabas beidh ar mhic léinn agus achoimre ó bhéal nó i scríbhinn a sholáthar ar an ábhar sin.

Cluastuiscint
Feabhsú cluastuisceana trí éisteacht leis na téacsanna éisteachta molta agus trí éisteacht go neamhspleách le Raidió na Gaeltachta agus le TG4 ar líne agus achoimre ó bhéal nó i scríbhinn a sholáthar ar an ábhar sin.

Scríbhneoireacht
Portfóilió a chur le chéile ina mbeidh aistriúcháin, aistí agus achoimrí i scríbhinn bunaithe ar thopaicí an tsiollabais, ar an nuacht nó ar chúrsaí reatha.

Caint & foghraíocht
Portfóilió a chur le chéile ina mbeidh ar aistriúcháin agus achoimrí ó bhéal bunaithe ar thopaicí an tsiollabais, ar an nuacht nó ar chúrsaí reatha.

Féinmheasúnú
Beidh ar mhic léinn dialann foghlama a choinneáil ina mbeidh cur síos ar na tascanna a bhí le déanamh acu chomh maith le hanailís ar an aiseolas ón teagascóir.

Indicative Reading List

Books:
  • Rannóg an Aistriúcháin: 1958, Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil, Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath,
  • Mac Murchaidh, C.: 2016, Cruinnscríobh na Gaeilge, 6, Cois Life Teoranta, Baile Átha Cliath,
  • Ó Tuathail, É., Ó Baoill, D.: 1992, Úrchúrsa Gaeilge, Institiúid Teangeolaíochta Éireann, Baile Átha Cliath,
  • Mac Lochlainn, A.: 2000, Cuir Gaeilge air : comhairle agus cleachtadh san aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge, Cois Life Teoranta, Baile Átha Cliath,
  • Ó Dónail, N.: 1977, Foclóir Gaeilge-Béarla, An Gúm, Baile Átha Cliath,
  • Mac Lochlainn, A: 2010, In ord is in eagar, Cois Life Teoranta, Baile Átha Cliath,


Articles:
None
Other Resources

  • 0: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta, http://www.focal.ie, 46668,
  • 0: An Bunachar Náisiúnta Logainmneacha, http://www.logainm.ie,

<< Back to Module List View 2024/25 Module Record for FN370