Module Specifications.
Current Academic Year 2024 - 2025
All Module information is indicative, and this portal is an interim interface pending the full upgrade of Coursebuilder and subsequent integration to the new DCU Student Information System (DCU Key).
As such, this is a point in time view of data which will be refreshed periodically. Some fields/data may not yet be available pending the completion of the full Coursebuilder upgrade and integration project. We will post status updates as they become available. Thank you for your patience and understanding.
Date posted: September 2024 No Banner module data is available
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
None |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Description Cúrsa ina ndéantar forbairt leanúnach ar inniúlachtaí teanga na mac léinn. Déantar scileanna cluastuisceana, léamhthuisceana agus cainte a chleachtadh sa seimineár agus dírítear ar struchtúir na teanga agus ar chúrsaí cruinnis sa léacht. Pléitear topaicí a spreagfaidh na mic léinn le machnamh a dhéanamh orthu féin mar fhoghlaimeoirí teanga, agus a chuirfidh lena dtuiscintí teangeolaíochta agus sochtheangeolaíochta mar ábhair oidí. Déantar scileanna foghlama féin-riartha a chothú sna mic léinn, a bheidh úsáideach dóibh ina saol gairmiúil, trí iad a chur ar an eolas faoi réimse leathan acmhainní foghlama digiteacha agus clóite agus deiseanna a thabhairt dóibh iad a úsáid sa seomra ranga agus taobh amuigh de le tascanna chur i gcrích. Baintear leas as ábhar dílis sna ranganna, (Mír físe, fuaime nó téacs scríofa) bunaithe ar réimse leathan topaicí, mar shampla, An Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha, An tIlteangachas, An Timpeallacht agus an Brat Glas, An Scéalaíocht agus an Drámaíocht, An Ghaeilge i gCéin, An Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht. Déantar iniúchadh ar na gnéithe seo a leanas den ghramadach go háirithe: cúrsaí comhréire, an clásal coibhneasta, an chlaoninsint, aidiachtaí, cúrsaí treise agus béime. Déantar cleachtadh freisin ar scileanna aistriúcháin, ar an nGaeilge neamhfhoirmiúil agus ar an modh ordaitheach, le béim ar leith ar theanga an tseomra ranga. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Learning Outcomes 1. Feasacht mhaith a léiriú faoi struchtúr na teanga agus faoin ngaol atá ag patrúin éagsúla lena chéile. Tarraingt ar a dtuiscint ar struchtúir na teanga chun struchtúir chruinne a chur ar fáil go leanúnach ina gcuid scríbhneoireachta agus ina gcuid cainte. 2. Tuiscint a léiriú orthu féin mar fhoghlaimeoirí agus mar ábhair oidí. Tuiscint a léiriú ar na hearráidí is coitianta a dhéanann siad sa chaint agus sa scríobh agus an dóigh le straitéisí a tharraingt chucu féin chun na hearráidí sin a sheachaint. 3. Tuiscint mhaith a léiriú ar na príomhphointí i dtéacsanna scríofa agus i dtéacsanna éisteachta a bhaineann le fearann an oideachais agus le topaicí an tsiollabais. 4. Réimse leathan stór focal agus saibhreas cainte a léiriú i dtaca le topaicí an tsiollabais agus faoi fhormhór na dtopaicí a thiocfadh chun cinn i gcomhthéacs na scoile agus ina saol gairmiúil mar mhúinteoirí. 5. Téacsanna soiléire d’ardchaighdeán, le mionsonraí cruinne, a chur ar fáil faoi rogha leathan ábhar bainteach le topaicí an tsiollabais, lena saol gairmiúil agus leis an bhfearann oideachais. 6. Déileáil le téarmaíocht na gramadaí go muiníneach cumasach agus eolas a aimsiú i bhfoinsí tagartha cuí agus leas a bhaint as acmhainní teicneolaíochta chun feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga. 7. Scileanna foghraíochta agus líofachta a chothú le taifeadadh nó cur i láthair a dhéanamh go muiníneach. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Content and Learning Activities
Ábhar dílisSpreagtar plé ar thopaicí agus ar théamaí éagsúla trí shamplaí d’ábhar dílis (ailt, físeáin, agallaimh, amhráin, srl.)Tascanna agus cleachtaíBaintear úsáid as cur chuige tasc-bhunaithe le scileanna cluastuisceana, labhartha, léamhthuisceana agus scríbhneoireachta a threisiú. Úsáidtear chleachtaí gramadaí sa seimineár agus ar ardán foghlama na hOllscoile le struchtúir agus ceartúsáid na Gaeilge a dhaingniú. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Reading List
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Other Resources 55346, Suíomh idirlín, 0, Leabharlann Teanga agus Foclóireachta, www.teanglann.ie, 55347, Suíomh idirlín, 0, Siollabas Tríú Leibhéal, www.teagascnagaeilge.ie, 55348, Suíomh Idirlín, 0, Foclóir nua Béarla-Gaeilge, www.focloir.ie, 55349, Suíomh idirlín, 0, An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta, www.tearma.ie, 55350, Suíomh Idirlín, 0, Multidict / Wordlink / Clilstore, https://multidict.net/wordlink/, 55351, Suíomh Idirlín, 0, Abair - An Sintéiseoir Gaeilge, https://abair.ie/ga/, 55352, Suíomh Idirlín, 0, TG4, www.tg4.ie, 55353, Suíomh Idirlín, 0, Raidió na Gaeltachta, https://www.rte.ie/radio/rnag/, 55354, Suíomh Idirlín, 0, Tuairisc - Nuachtán, https://tuairisc.ie/, 55355, Suíomh Idirlín, 0, Molscéal - Cartlann físe, https://www.molsceal.ie/, 55356, Suíomh Idirlín, 0, Nós - Iris Chultúir, https://nos.ie/, 55357, Suíomh Idirlín, 0, Meon Eile - Ardán ar líne, https://www.meoneile.ie/, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||