DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU
<< Back to Module List

Latest Module Specifications

Current Academic Year 2025 - 2026

Module Title Gaeilge 3
Module Code GAE1010 (ITS: FN383)
Faculty Fiontar agus Scoil na Gaeilge School Humanities & Social Sciences
NFQ level 8 Credit Rating 2.5
Description

Cúrsa ina ndéantar forbairt leanúnach ar inniúlachtaí teanga na mac léinn. Déantar scileanna cluastuisceana, léamhthuisceana agus cainte a chleachtadh sa seimineár agus dírítear ar struchtúir na teanga agus ar chúrsaí cruinnis sa léacht. Pléitear topaicí a spreagfaidh na mic léinn le machnamh a dhéanamh orthu féin mar fhoghlaimeoirí teanga, agus a chuirfidh lena dtuiscintí teangeolaíochta agus sochtheangeolaíochta mar ábhair oidí. Déantar scileanna foghlama féin-riartha a chothú sna mic léinn, a bheidh úsáideach dóibh ina saol gairmiúil, trí iad a chur ar an eolas faoi réimse leathan acmhainní foghlama digiteacha agus clóite agus deiseanna a thabhairt dóibh iad a úsáid sa seomra ranga agus taobh amuigh de le tascanna chur i gcrích. Baintear leas as ábhar dílis sna ranganna, (Mír físe, fuaime nó téacs scríofa) bunaithe ar réimse leathan topaicí, mar shampla, An Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha, An tIlteangachas, An Timpeallacht agus an Brat Glas, An Scéalaíocht agus an Drámaíocht, An Ghaeilge i gCéin, An Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht. Déantar iniúchadh ar na gnéithe seo a leanas den ghramadach go háirithe: cúrsaí comhréire, an clásal coibhneasta, an chlaoninsint, aidiachtaí, cúrsaí treise agus béime. Déantar cleachtadh freisin ar scileanna aistriúcháin, ar an nGaeilge neamhfhoirmiúil agus ar an modh ordaitheach, le béim ar leith ar theanga an tseomra ranga.

Learning Outcomes

1. Feasacht mhaith a léiriú faoi struchtúr na teanga agus faoin ngaol atá ag patrúin éagsúla lena chéile. Tarraingt ar a dtuiscint ar struchtúir na teanga chun struchtúir chruinne a chur ar fáil go leanúnach ina gcuid scríbhneoireachta agus ina gcuid cainte.
2. Tuiscint a léiriú orthu féin mar fhoghlaimeoirí agus mar ábhair oidí. Tuiscint a léiriú ar na hearráidí is coitianta a dhéanann siad sa chaint agus sa scríobh agus an dóigh le straitéisí a tharraingt chucu féin chun na hearráidí sin a sheachaint.
3. Tuiscint mhaith a léiriú ar na príomhphointí i dtéacsanna scríofa agus i dtéacsanna éisteachta a bhaineann le fearann an oideachais agus le topaicí an tsiollabais.
4. Réimse leathan stór focal agus saibhreas cainte a léiriú i dtaca le topaicí an tsiollabais agus faoi fhormhór na dtopaicí a thiocfadh chun cinn i gcomhthéacs na scoile agus ina saol gairmiúil mar mhúinteoirí.
5. Téacsanna soiléire d’ardchaighdeán, le mionsonraí cruinne, a chur ar fáil faoi rogha leathan ábhar bainteach le topaicí an tsiollabais, lena saol gairmiúil agus leis an bhfearann oideachais.
6. Déileáil le téarmaíocht na gramadaí go muiníneach cumasach agus eolas a aimsiú i bhfoinsí tagartha cuí agus leas a bhaint as acmhainní teicneolaíochta chun feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga.
7. Scileanna foghraíochta agus líofachta a chothú le taifeadadh nó cur i láthair a dhéanamh go muiníneach.


WorkloadFull time hours per semester
TypeHoursDescription
Seminars11Seimineáir i ngrúpaí beaga. Cleachtadh cainte, éisteachta agus scríofa.
Lecture11Cúrsaí cruinnis
Independent Study22Tascanna don obair bhaile. Aiseolas agus anailís ar bhotúin sna tascanna.
Independent Study10Cleachtaí meicniúla ar leathanach Loop an chúrsa. Daingniú ar rialacha gramadaí
Independent Study8.5Acmhainní éagsúla agus léitheoireacht ar Leathanach Loop an chúrsa.
Total Workload: 62.5
Section Breakdown
CRN20471Part of TermSemester 2
Coursework0%Examination Weight0%
Grade Scale40PASSPass Both ElementsY
Resit CategoryRC1Best MarkN
Module Co-ordinatorEadaoin NI MhuircheartaighModule Teacher
Assessment Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
Oral ExaminationScrúdú cainte ar thopaicí an mhodúil.30%Sem 2 End
AssignmentTascanna scríofa, taifeadadh físe agus measúnú leanúnach ar chleachtaí gramadaí70%As required
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
RC1: A resit is available for both* components of the module.
RC2: No resit is available for a 100% coursework module.
RC3: No resit is available for the coursework component where there is a coursework and summative examination element.

* ‘Both’ is used in the context of the module having a coursework/summative examination split; where the module is 100% coursework, there will also be a resit of the assessment

Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Ábhar dílis
Spreagtar plé ar thopaicí agus ar théamaí éagsúla trí shamplaí d’ábhar dílis (ailt, físeáin, agallaimh, amhráin, srl.)

Tascanna agus cleachtaí
Baintear úsáid as cur chuige tasc-bhunaithe le scileanna cluastuisceana, labhartha, léamhthuisceana agus scríbhneoireachta a threisiú. Úsáidtear chleachtaí gramadaí sa seimineár agus ar ardán foghlama na hOllscoile le struchtúir agus ceartúsáid na Gaeilge a dhaingniú.

Indicative Reading List

Books:
  • Mac Murchaidh, Ciarán: 2016, Cruinnscrí­obh na Gaeilge, 6, Cois Life, Baile Átha Cliath,
  • Ó Dónaill, Éamonn: 2016, Gramadach gan stró, 4, Gaelchultúr, Baile Átha Cliath,
  • Marnell, Cian: 2010, Eadrainn, Cló Iar-Chonnachta, Conamara,


Articles:
None
Other Resources

  • 1: Suíomh idirlín, Leabharlann Teanga agus Foclóireachta,
  • 419555: 1, Suíomh idirlín, Siollabas Tríú Leibhéal,
  • www.teagascnagaeilge.ie: 419556, 1, Suíomh Idirlín, Foclóir nua Béarla-Gaeilge
  • www.focloir.ie: 419557, 1, Suíomh idirlín, An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta
  • www.tearma.ie: 419558, 1, Suíomh Idirlín, Multidict / Wordlink / Clilstore
  • https://multidict.net/wordlink/: 419559, 1, Suíomh Idirlín, Abair - An Sintéiseoir Gaeilge
  • https://abair.ie/ga/: 419560, 1, Suíomh Idirlín, TG4
  • www.tg4.ie: 419561, 1, Suíomh Idirlín, Raidió na Gaeltachta
  • https://www.rte.ie/radio/rnag/: 419562, 1, Suíomh Idirlín, Tuairisc - Nuachtán
  • https://tuairisc.ie/: 419563, 1, Suíomh Idirlín, Molscéal - Cartlann físe
  • https://www.molsceal.ie/: 419564, 1, Suíomh Idirlín, Nós - Iris Chultúir
  • https://nos.ie/: 419565, 1, Suíomh Idirlín, Meon Eile - Ardán ar líne
  • https://www.meoneile.ie/:

<< Back to Module List View 2024/25 Module Record for FN383