DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU
<< Back to Module List

Latest Module Specifications

Current Academic Year 2025 - 2026

Module Title Gaeilge mar Bhunábhar
Module Code CUS1025 (ITS: FN155)
Faculty Fiontar agus Scoil na Gaeilge School Humanities & Social Sciences
NFQ level 8 Credit Rating 5
Description

Is modúl é seo a dhíríonn ar na healaíona béil sa Ghaeilge (an scéalaíocht thraidisiúnta agus an amhránaíocht thraidisiúnta) agus ar fheidhm agus ar úsáid na Litríochta do Pháistí. Díreofar ar an scéalaíocht thraidisiúnta agus ar an amhránaíocht thraidisiúnta agus ar ábhar gaolmhar eile chun deis a thabhairt do mhic léinn eolas a chur ar an réimse tábhachtach seo i dtraidisiún na Gaeilge agus na hÉireann. Pléifear an comhthéacs soch-chultúrtha a bhaineann le hábhar atá oiriúnach do mhúineadh na Gaeilge sa bhunscoil. Tabharfar léargas ar an Litríocht do Pháistí mar áis teagaisc i múineadh na Gaeilge, áis a fhorbraíonn scileanna léitheoireachta agus scileanna teanga na bpáistí scoile. Déanfar mionscrúdú ar riachtanais an lucht léitheoireachta, agus déanfar anailís ar na feidhmeanna oideachasúla a bhaineann le litríocht na n-óg. Déanfar iniúchadh ar mhodhanna inste na dtéacsanna éagsúla, ar luachanna aeistéitiúla na saothar, agus ar an idé-eolaíocht atá taobh thiar díobh.

Learning Outcomes

1. Tuiscint a léiriú ar an gcomhthéacs as a n-eascraíonn litríocht Ghaeilge na n-óg
2. Saintréithe na n-ealaíona béil a aithint ar scéalta, ar rannta, ar amhráin agus ar ghnéithe eile den traidisiún.
3. Anailís a dhéanamh ar an léargas a fhaightear ar shaol an pháiste in ealaíona béil na Gaeilge agus i litríocht chomhaimseartha do pháistí
4. Tuiscint a léiriú ar an leas a d’fhéadfaí a bhaint as an litríocht agus as na healaíona béil i múineadh na Gaeilge sa bhunscoil.
5. Bheith ábalta scileanna anailíse a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ar ábhar ón traidisiún béil


WorkloadFull time hours per semester
TypeHoursDescription
Lecture22Léachtaí
Independent Study52Foghlaim neamhspleách
Assignment Completion51Léitheoireacht ar théacsanna lárnacha agus ullmhúchán don mheasúnú
Total Workload: 125
Section Breakdown
CRN10951Part of TermSemester 1 & 2
Coursework0%Examination Weight0%
Grade Scale40PASSPass Both ElementsY
Resit CategoryRC1Best MarkN
Module Co-ordinatorCaoimhe Nic LochlainnModule TeacherDeirdre Nic Mhathuna, Sile Denvir
Assessment Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
Essayn/a50%n/a
Projectn/a50%n/a
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
RC1: A resit is available for both* components of the module.
RC2: No resit is available for a 100% coursework module.
RC3: No resit is available for the coursework component where there is a coursework and summative examination element.

* ‘Both’ is used in the context of the module having a coursework/summative examination split; where the module is 100% coursework, there will also be a resit of the assessment

Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Cur síos gonta
Iniúchadh ar chúlra, ar chomhthéacs, ar thréithe agus ar theicnící na hamhránaíochta traidisiúnta; mionscrúdú ar na hamhráin ghrá, na hamhráin oibre agus amhráin faoi bháid; iniúchadh ar na lúibíní mar chuid lárnach den traidisiún béil; cúlra & comhthéacs na scéalaíochta traidisiúnta; an óige sa scéalaíocht thraidisiúnta; scrúdú ar luachanna an phobail sa scéalaíocht; seachadadh an traidisiúin béil; mionléamh ar théacsanna éagsúla atá dírithe ar pháistí bunscoile, idir phictiúrleabhair, fhilíocht, úrscéalta agus aistriúcháin; mionscrúdú ar riachtanais an lucht léitheoireachta; anailís ar na feidhmeanna oideachasúla a bhaineann le litríocht na n-óg; iniúchadh ar mhodhanna inste na dtéacsanna éagsúla, ar luachanna aeistéitiúla na saothar, agus ar an idé-eolaíocht atá taobh thiar díobh.

Indicative Reading List

Books:
  • Almqvist, Bo & Ó Cathasaigh, Roibeard (eag.): 2002, Ó Bhéal Bhab: Cnuas-scéalta Bhab Feiritéar, Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán,
  • Ó Conghaile, Mícheál, Ó Tuairisc, Lochainn, Ó Ceannabháin, Peadar: 2024, Leabhar Mór na nAmhrán, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán,
  • Adams, Róisí­n, Dunne, Claire Marie & Nic Lochlainn, Caoimhe (eag.): 2014, Thar an Tairseach: Aistí ar Litrí­ocht agus ar Chultúr na nÓg, LeabhairCOMHAR, Baile Átha Cliath,
  • Nic Congáil, Rí­ona (eag.): 2012, Codladh Céad Bliain: Cnuasach Aistí­ ar Litrí­ocht na nÓg, LeabhairCOMHAR, Baile Átha Cliath,
  • Nic Lochlainn, Caoimhe agus Nic Congáil, Rí­ona (eag.): 2013, Laethanta Gréine & Oí­cheanta Sí­: Aistí­ ar Litrí­ocht agus ar Chultúr na nÓg, LeabhairCOMHAR, Baile Átha Cliath,
  • Ó Sé, Caoimhín: 2001, Traidisiún na Scéalaíochta i gCorca Dhuibhne, Coiscéim, Baile Átha Cliath,
  • Ó Cathasaigh, Roibeard (eag.): 2003, Scéilín ó Bhéilín, Aonad Forbartha Curaclaim & Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Luimneach & Baile an Fheirtéaraigh,


Articles:
  • Uí Ógáin, Ríonach: 1999, '"In Aghaidh Farraige agus Feothain": Amhráin Mholta Bád ó Chonamara', Léachtaí Cholm Cille: Foinn agus Fonnadóirí, 29, 522912
  • 2022: 'Litríocht na nÓg, 1900-2022', ComharTaighde, 8, 522913, 1
  • 'Exploring decolonial spaces in Irish-Language youth literature': Irish Studies Review, 33, Uimh 2,
Other Resources

  • 1: Website, TG4, Cartlann Sean-nóis TG4,
  • 419526: 1, Website, Ní Mhuircheartaigh, Éadaoin, 2019, "Na Bailitheoirí Béaloidis",
  • https://www.ainm.ie/diolamai/bailitheoiri-bealoidis/:

<< Back to Module List View 2024/25 Module Record for FN155