DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU
<< Back to Module List

Latest Module Specifications

Current Academic Year 2025 - 2026

Module Title Teagasc na Gaeilge 2
Module Code EDP1114 (ITS: ED9050)
Faculty DCU Institute of Education School Language, Literacy & ECE
NFQ level 9 Credit Rating 2.5
Description

Déantar breis forbartha sna ceardlanna seo ar fhorbairt scileanna litearthachta (teanga ó bhéal, léitheoireacht agus scríbhneoireacht) trí mheán na Gaeilge ar bhealach comhtháite agus cothromaithe i gcomhthéacs scoile T1 agus T2 sna meánranganna agus sna hardranganna ach go háirithe. Cuirtear béim ar leith ar thraschur scileanna atá mar bhúnus teoiriciúil do Churaclam Teanga na bunscoile agus tugtar aird ar chur chuige ilteangach d’fhonn ceiliúradh a dhéanamh ar éagsúlacht teangacha agus cultúir inár scoileanna. Tugtar aird ar theagasc fhónaic agus ar theagasc ghramadach na Gaeilge mar chur chuige le feasacht teanga na bhfoghlaimeoirí a chur chun cinn. Amharctar ar spreagadh na Gaeilge sa bhunscoil trí úsáid neamhfhoirmiúil na teanga ar bhonn uile scoile agus mar chur chuige le gluaiseacht i dtreo na Foghlama Comhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT). Cuirtear béim ar leith ar phleanáil do theagasc, foghlaim agus measúnú na Gaeilge le haird ar chur chuige atá ionchuimsitheach agus difreáilte. Tá féidearthachtaí na teicneolaíochta mar áis teagaisc agus foghlama comhtháite sna ceardlanna. Tugtar deis do na mic léinn a gcuid scileanna digiteacha a úsáid agus a fhorbairt i rith an chúrsa chun tacú le teagasc, foghlaim agus measúnú do gach foghlaimeoir. Breathnaítear ar an taighde agus teoiric a bhaineann le FCÁT chomh maith le pleanáil phraiticiúil. Tugtar tacaíocht do na mic léinn machnamh a dhéanamh ar fhorbairt an mhúinteora mar ghairmithe neamhspleácha féinmhachnamhacha agus machnamh a dhéanamh orthu féin mar fhoghlaimeoir agus teagascóir teanga ar feadh an tsaoil. Spreagtar na mic léinn le cleachtas cruthaitheach agus machnamhach a léiriú trí thascanna a roghnú agus a chruthú do theagasc, foghlaim agus measúnú na Gaeilge sa seomra ranga. Tugtar deiseanna do mhic léinn a gcuid scileanna litearthachta féin sa Ghaeilge a chleachtadh agus fheabhsú mar aon lena n-inniúlacht ó thaobh teagaisc agus measúnaithe de. Tá na gníomhaíochtaí praiticiúla i ngach ceardlann nasctha go dlúth leis an teoiric agus taighde a bhaineann le múineadh éifeachtach an dara teanga.

Learning Outcomes

1. réimse gníomhaíochtaí teagaisc, foghlama agus measúnaithe a dhearadh d’fhorbairt scileanna litearthachta sa Ghaeilge ar bhonn comhtháite agus cothromaithe a chuimsíonn teanga ó bhéal, léitheoireacht agus scríbhneoireacht i gcomhthéacs scoile T1 agus T2 sna meánranganna agus sna hardranganna ach go háirithe
2. eolas a léiriú ar fhorbairt na feasachta teanga i gcomhthéacs na fónaice agus na gramadaí agus forbairt a dhéanamh ar an n-inniúlacht féin sa Ghaeilge
3. úsáid na Gaeilge a spreagadh go neamhfhoirmiúil mar theanga chumarsáide an tseomra ranga agus trí chur chuige uile scoile a spreagann úsáid na Gaeilge mar theanga bheo chumarsáide, chomh maith le heolas a léiriú ar an taighde agus teoiric a bhaineann le FCÁT agus ceachtanna FCÁT a phleanáil
4. pleanáil do theagasc, foghlaim agus scileanna litearthachta sa Ghaeilge a fhreastalaíonn ar riachtanais foghlaimeoirí éagsúla agus a bhaineann leas as réimse áiseanna, áiseanna digiteacha san áireamh
5. gníomhaíochtaí foghlama a dhearadh d’fhonn traschur scileanna a chur chun cinn agus cur chuige ilteangach a dhíríonn aird ar na cosúlachtaí agus ar na difríochtaí idir teangacha
6. tuiscint a léiriú ar an tábhacht a bhaineanna le creat tacaíochta foghlama a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí sa dara teanga trí ionchur, idirghníomhú agus aschur ceachta agus a fhreastalaíonn ar riachtanais na bhfoghlaimeoirí uile chomh maith le machnamh a dhéanamh orthu féin mar fhoghlaimeoir agus teagascóir teanga ar feadh an tsaoil.


WorkloadFull time hours per semester
TypeHoursDescription
Workshop20Ceardlanna dhá uair an chloig Rannpháirtíocht inranga agus arlíne
Assignment Completion20Obair ar an tionscadal
Independent Study22.5Foghlaim Neamhspleách
Total Workload: 62.5
Section Breakdown
CRN10432Part of TermSemester 1
Coursework100%Examination Weight0%
Grade Scale40PASSPass Both ElementsN
Resit CategoryRC1Best MarkN
Module Co-ordinatorAisling NI DhiorbhainModule Teacher
Assessment Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
AssignmentTionscadal: Cuid A - Alt dírithe ar thaighde, ar theoiric agus ar chleachtas dírithe ar ábhar ó na ceardlanna80%n/a
ParticipationRannpháirtíocht i dtascanna inranga agus ar líne20%n/a
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
RC1: A resit is available for both* components of the module.
RC2: No resit is available for a 100% coursework module.
RC3: No resit is available for the coursework component where there is a coursework and summative examination element.

* ‘Both’ is used in the context of the module having a coursework/summative examination split; where the module is 100% coursework, there will also be a resit of the assessment

Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Indicative Content
Curaclam Comhtháite Teanga agus Traschur scileanna thar theangacha

Forbairt na scileanna litearthachta sna meánranganna & sna hardranganna ar bhonn comhtháite agus ar bonn cothromaithe– Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht & Scríbhneoireacht

Forbairt na scileanna léitheoireachta sna meánranganna agus sna hardranganna- traschur scileanna, seánraí leitheoireachta, straitéisí theagasc na léitheoireachta, áiseanna don léitheoireacht Ghaeilge

Forbairt na scileanna scríbhneoireachta sna meánranganna agus sna hardranganna- traschur scileanna, seánraí scríbhneoireachta, próiseas na scríbhneoireachta, frámaí scríbhneoireachta, áiseanna don scríbhneoireacht Ghaeilge

Forbairt na Feasachta Teanga – An Teagasc Foirm-Dhírithe – ceachtanna gramadaí agus fónaice, cur chuige ionduchtach do theagasc na gramadaí, cur chuige ilteangach – difríochtaí agus cosúlachtaí idir teangacha

Úsáid na Teicneolaíochta – áiseanna digiteacha – foghlaim teanga dhigiteach cluiche bhunaithe

Gaeilge neamhfhoirmiúil – Speagadh na Gaeilge ar bhonn uile scoile, Timpeallacht shaibhir ábhar i bprionta – cur chuige ilteangach, Ag tógáil ar an nGaeilge neamhfhoirmiúil i dtreo FCÁT

An Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) – teoiric agus taighde a bhaineann le FCÁT, pleanáil do cheachtanna FCÁT

Taighde ar Theagasc na Gaeilge agus impleachtaí don seomra ranga le béim ar cheachtanna cumarsáideacha teanga agus teanga ó bhéal

Pleanáil do Theagasc, Foghlaim agus Measúnú na Gaeilge – pleanáil don socrúchán scoile, pleanáil don difreálú - cur chuige ionchuimsitheach

Indicative Reading List

Books:
  • Flynn, C. J.: 2021, Foghlaim an Dara Teanga: Modhanna agus Tascanna sa Seomra Ranga, Cló-Iarchonnacht, Indreabhán, 9781784441784
  • Harris, J., & Ó Duibhir, P.: 2011, Múineadh Éifeachtach an Dara Teanga: Sintéis ar Thaighde, CNCM, Baile Átha Cliath,
  • Cameron, L.: 2001, Teaching Languages to Young Learners, Cambridge University Press, Cambridge, 9780511733109
  • Kim Bower,Gary N. Chambers,Do Coyle,Russell Cross: 2020, Curriculum Integrated Language Teaching, Cambridge University Press, Cambridge, 9781108687867
  • Fitzpatrick, T., Morris, S., Clark, T., Mitchell, R., Needs, J., Tanguay, E. and Tovey, B: 2018, Rapid Evidence Assessment: Effective Second Language Teaching Approaches and Methods., Welsh Government, GSR report number 31/2018,
  • Stenson, N. & Hickey, T.: 2019, Tuiscint ar litriú na Gaeilge: Lámhleabhar do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta., Baile Átha Cliath,
  • Ioannou-Georgiou, S., & Pavlou, P.: 2011, Guidelines for CLIL implementation in primary and pre-primary education, Comhairle na hEorpa,


Articles:
  • Ní Chróinín, D., Ní Mhurchú, S., & Ó Ceallaigh, T. J.: 2016, Off-balance: The integration of physical education content learning and Irish language learning in English-medium primary schools in Ireland, Education 3-13: Contemporary Issues in International Primary Physical Education, 44(5), 566-5, 65935
  • 2016: An maith leat an Ghaeilge? An analysis of variation in primary pupils’ attitudes to Irish in the growing up in Ireland study., International Journal of Bilingual Education and Bilingualism, 0,,
Other Resources

  • Website: CNCM, 2019, Curaclam Teanga na Bunscoile, https://www.curriculumonline.ie/Primary/Curriculum-Areas/Primary-Language/?lang=ga-ie
  • Website: CNCM, 2019, Support Materials for Teachers: Curaclam Teanga na Bunscoile, https://curriculumonline.ie/Primary/Curriculum-Areas/Primary-Language/Resources/Support-Materials/All-Strands-PLC-Support-Materials.pdf?ext=.pdf
  • Website: COGG, Acmhainní Bunscoile Gaeilge, COGG, https://www.cogg.ie/gaeilge/

<< Back to Module List View 2024/25 Module Record for EDP1114