DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU
<< Back to Module List

Latest Module Specifications

Current Academic Year 2025 - 2026

Module Title Gaeilge
Module Code GAE1006 (ITS: FN275)
Faculty Fiontar agus Scoil na Gaeilge School Humanities & Social Sciences
NFQ level 8 Credit Rating 2.5
Description

Cúrsa teanga d'ábhair oidí sa dara bliain atá sa chúrsa seo. Is é príomhchuspóir an chúrsa ná inniúlachtaí na mac léinn a fhorbairt sa chaoi go mbeidh siad ábalta an Ghaeilge a labhairt agus a scríobh go saoráideach, go háirithe i gcomhthéacs a gcuid dualgaisí mar ábhair oidí sa seomra ranga. Cuirtear ar chumas na mac léinn an teanga a labhairt níos saoráidí fós mar theanga chaidrimh agus léinn agus í a úsáid gan mórán stró mar theanga a ngairme. Déantar leathnú ar an stór focal agus cuirtear leis an líofacht trí mheán na cainte, na léitheoireachta, na scríbhneoireachta agus na héisteachta. Féachtar le cruinneas maith a bhaint amach i dtaca le gramadach agus litriú na Gaeilge. Bainfear leas as acmhainní teicneolaíochta chun feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga. Cothóidh an cúrsa feasacht teanga agus feasacht chultúrtha na mac léinn agus cothófar foghlaimeoirí fadsaoil machnamhacha i leith na teanga. Spreagfar iad leis an nGaeilge a úsaid go neamhspleách mar theanga chaidrimh taobh amuigh de na ranganna sceidealaithe agus spreagfar féinfheasacht fhoghlama i measc na mac léinn le go bhforbrófar a scileanna machnamhacha agus criticiúla.

Learning Outcomes

1. Tuiscint mhaith a léiriú ar struchtúir na teanga agus ar an ngaol atá ag patrúin éagsúla lena chéile.
2. Tarraingt ar a thuiscint ar bhunstruchtúir na teanga chun struchtúir chruinne a chur ar fáil go réasúnta leanúnach ina chuid scríbhneoireachta agus ina chuid cainte.
3. Páirt iontach ghníomhach a ghlacadh i ngnáthchomhrá agus straitéisí a úsáid chun déileáil le heasnaimh teanga sa scríobh agus sa chaint.
4. Déileáil le téarmaíocht na gramadaí go muiníneach cumasach agus eolas a aimsiú i bhfoinsí tagartha cuí.
5. Stór focal a leathnú agus a shaibhriú i dtaca le topaicí an tsiollabais agus faoi fhormhór na dtopaicí a thiocfadh chun cinn sa chaint laethúil agus ina saol gairmiúil mar mhúinteoirí. Athrá rialta a sheachaint sa chaint agus sa scríobh.
6. Téacsanna caighdeánacha a thuiscint gan mórán stró agus tuiscint shásúil a léiriú ar réimse leathan téacsanna eile.
7. Tuiscint a léiriú ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do theangacha agus orthu féin mar fhoghaimeoirí agus mar ábhair oidí.
8. Eolas a fháil ar acmhainní teicneolaíochta chun feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga idir labhartha agus scríofa.


WorkloadFull time hours per semester
TypeHoursDescription
Seminars22Ranganna Teagaisc
Independent Study40.5Ábhar criticiúil / aistí / suímh idirlín / ullmhúchán don scrúdú
Total Workload: 62.5
Section Breakdown
CRN10726Part of TermSemester 1 & 2
Coursework0%Examination Weight0%
Grade Scale40PASSPass Both ElementsY
Resit CategoryRC1Best MarkN
Module Co-ordinatorCaoimhe Nic LochlainnModule TeacherGearóidín Uí Laighléis
Assessment Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
Assignment3 thasc i rith na bliana: tasc amháin scríofa sa rang agus dhá thasc labhartha mar fhíseáin = 30% 10 quiz Loop bunaithe ar ghnéithe den ghramadach a chlúdaítear ar an chúrsa = 10%40%n/a
Formal ExaminationScrúdú scríofa ag deireadh na bliana60%End-of-Semester
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
RC1: A resit is available for both* components of the module.
RC2: No resit is available for a 100% coursework module.
RC3: No resit is available for the coursework component where there is a coursework and summative examination element.

* ‘Both’ is used in the context of the module having a coursework/summative examination split; where the module is 100% coursework, there will also be a resit of the assessment

Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Ábhar Táscach
Tá an cúrsa teanga seo bunaithe ar théacsanna dílse agus ar théacsanna atá cruthaithe go speisialta don ghrúpa (idir théacsanna clóite, théacsanna éisteachta agus théacsanna físe) dírithe ar thopaicí a bhfuil spéis acu iontu agus a bhaineann le saol agus timpeallacht an mhic léinn B Oid., mar shampla, saol an mhic léinn; litríocht do pháistí; faisean gasta; Iarrthóirí Tearmainn. Scrúdaítear gnéithe ar leith den ghramadach, de réir mar a thagann siad chun cinn sna téacsanna sin, agus déantar struchtúir ar leith agus stór focal a chleachtadh. Faoi stiúir an teagascóra, tugann mic léinn faoi thascanna éagsúla teanga bunaithe ar na téacsanna seo. Pléitear agus déantar cleachtadh ar na struchtúir ghramadaí agus na réimsí foclóra a theastaíonn chun na tascanna a chur i gcrích agus oiltear an mac léinn in úsáid éifeachtach foinsí tagartha Gaeilge ar nós teanglann.ie, foinsí eolais faoin ngramadach, agus foinsí tagartha ar líne. Tugtar deiseanna don mhac léinn a scileanna cainte a chleachtadh trí obair phéire agus obair ghrúpa sa rang.

Indicative Reading List

Books:
  • Ciarán Mac Murchaidh: 0, Cruinnscríobh Na Gaeilge, 6, Cois Life, Baile Átha Cliath, 9781907494765


Articles:
None
Other Resources

  • 1: website, www.teanglann.ie,
  • 419567: 1, website, www.tearma.ie,
  • 419581: 1, website,
  • www.focloir.ie:

<< Back to Module List View 2024/25 Module Record for FN275