DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU
<< Back to Module List

Latest Module Specifications

Current Academic Year 2025 - 2026

Module Title Cruinneas sa Ghaeilge
Module Code GAE1012 (ITS: FN550)
Faculty Fiontar agus Scoil na Gaeilge School Humanities & Social Sciences
NFQ level 9 Credit Rating 10
Description

Is é cuspóir an mhodúil seo ná eolas agus tuiscint an mhic léinn ar an nGaeilge a fhorbairt le gur féidir leis/léi an teanga a úsáid go saoráideach agus go cruinn i réimse leathan suíomhanna agus gairmeacha le Gaeilge. Chuige sin, díreofar ar chruinnúsáid na Gaeilge idir scileanna scríbhneoireachta, labhartha, léitheoireachta agus éisteachta. Cuirfear raon leathan míreanna gramadaí i láthair sna seimineáir le cur ar chumas an mhic léinn díriú ar aon bhearnaí atá ina c(h)uid eolais agus tuisceana orthu. Déanfar mionscagadh ar fhoinsí, idir théacsanna scríofa agus thaifeadtaí fuaime agus físe, agus forbrófar cruinneas foghraíochta an mhic léinn. Cuirfidh sé/sí lena c(h)uid eolais agus lena c(h)uid scileanna sna réimsí seo trí pháirt a ghlacadh i bplé ranga, in anailís ar théacsanna agus ar thaifeadtaí agus in obair ghníomhach eile. Leagfar béim ar úsáid éifeachtach agus chruinn a bhaint as réimse acmhainní teanga digiteacha atá ríthábhachtach dóibh siúd a bhíonn ag feidhmiú sa saol gairmiúil trí Ghaeilge ar nós: téarma.ie, foclóir.ie, na hacmhainní foclóireachta, an bunachar gramadaí agus an bunachar foghraíochta ar teanglann.ie agus Corpas na Gaeilge Comhaimseartha ar gaois.ie

Learning Outcomes

1. Eolas agus tuiscint an-mhaith a léiriú ar ghramadach na Gaeilge.
2. Téarmaíocht na gramadaí a láimhseáil go muiníneach cumasach.
3. Úsáid éifeachtach a bhaint as acmhainní teanga, go háirithe as foclóirí, bunachair téarmaíochta agus leabhair ghramadaí.
4. Anailís sciliúil teanga a dhéanamh ar raon leathan foinsí idir théacsanna scríofa agus taifeadtaí fuaime / físe.
5. Téacsanna scríofa agus píosaí cainte soiléire cruinne a chur ar fáil.


WorkloadFull time hours per semester
TypeHoursDescription
Seminars24Seimineáir
Independent Study94Téacsanna lárnacha a léamh / éisteacht le taifeadtaí
Independent Study68Obair ar thascanna
Online activity24Obair ar acmhainní ar líne, acmhainní ar leathanach LOOP an mhodúil san áireamh
Independent Study40Ullmhúchán don mheasúnú
Total Workload: 250
Section Breakdown
CRN10733Part of TermSemester 1
Coursework0%Examination Weight0%
Grade Scale40PASSPass Both ElementsY
Resit CategoryRC1Best MarkN
Module Co-ordinatorDeirdre Nic MhathunaModule Teacher
Assessment Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
AssignmentTasc Scríofa15%n/a
AssignmentTasc Scríofa15%n/a
AssignmentTasc Labhartha20%n/a
Formal ExaminationScrúdú foirmiúil50%End-of-Semester
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
RC1: A resit is available for both* components of the module.
RC2: No resit is available for a 100% coursework module.
RC3: No resit is available for the coursework component where there is a coursework and summative examination element.

* ‘Both’ is used in the context of the module having a coursework/summative examination split; where the module is 100% coursework, there will also be a resit of the assessment

Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Ábhar táscach
Cruinneas gramadaí: an briathar: aimsirí agus modhanna, míreanna briathartha agus cónaisc, an chlaoninsint, an abairt choibhneasta, an chopail; an t-ainmfhocal: na tuisil, na díochlaontaí; na huimhreacha; ainmneacha pearsanta agus logainmneacha; an aidiacht; an réamhfhocal; na forainmneacha; na haidiachtaí sealbhacha; dobhriathra treo; fuaimeanna agus fuaimniú na Gaeilge; acmhainní do chruinnúsáid na Gaeilge; anailís ar raon foinsí idir théacsanna scríofa agus thaifeadtaí.

Indicative Reading List

Books:
  • Bráithre Críostaí na hÉireann: 1999, Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí, eagrán nua, An Gúm, Baile Átha Cliath,
  • Mac Murchaidh, C.: 2016, Cruinnscríobh na Gaeilge, 6, Cois Life, Baile Átha Cliath,
  • Ó Baoill, D. P. agus Ó Tuathail, E.: 1992, Úrchúrsa Gaeilge, Institiúid Teangeolaíochta Éireann, Baile Átha Cliath,
  • Rannóg an Aistriúcháin: 2017, Gramadach na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil, Seirbhís Thithe an Oireachtais, Baile Átha Cliath,


Articles:
None
Other Resources

  • Suíomh idirlín: téarma.ie, www.tearma.ie
  • Suíomh idirlín: teanglann.ie, www.teanglann.ie
  • Suíomh idirlín: focloir.ie, www.focloir.ie
  • Suíomh idirlín: gaois.ie, www.gaois.ie

<< Back to Module List View 2024/25 Module Record for FN550