DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU
<< Back to Module List

Latest Module Specifications

Current Academic Year 2025 - 2026

Module Title An Nuafhilíocht & na hAmhráin
Module Code LIT1054 (ITS: FN151)
Faculty Fiontar agus Scoil na Gaeilge School Humanities & Social Sciences
NFQ level 8 Credit Rating 5
Description

Pléifear sa mhodúl seo le dhá ghné éagsúla de shaíocht liteartha na hÉireann a bhfuil dlúthbhaint acu lena chéile: (i) an nuafhilíocht agus (ii) na hamhráin thraidisiúnta. Is é cuspóir an mhodúil ná tuiscint na mac léinn ar fhilíocht Ghaeilge na linne a fhorbairt agus a threisiú i gcomhthéacs amhránaíocht thraidisúnta na teanga. Is é cur chuige an mhodúil mionstaidéar a dhéanamh ar réimse dánta ag féachaint le suim na mac léinn san fhilíocht a mhúscailt, ceisteanna a dhúiseacht ina n-intinn faoi nádúr agus mianach na nuafhilíochta Gaeilge, agus foclóir dioscúrsúil a fhorbairt. Déanfar tuiscint na mac léinn ar chomhthéacs na nuafhilíochta a shaibhriú trí staidéar a dhéanamh ar chomhthéacs, ar thréithe agus ar fheidhm na hamhránaíochta Gaeilge. Déanfar scileanna éisteachta agus anailíse na mac léinn a fhorbairt trí éisteacht le hamhráin éagsúla, idir amhráin thraidisiúnta agus amhráin nuachumtha Gaeilge, agus tabharfar an tuiscint dóibh gur gné dhílis de thraidisiún na Gaeilge agus de shaol comhaimseartha na Gaeilge í an amhránaíocht agus gur minic dlúthbhaint idir an ghné sin de shaíocht na Gaeilge agus saothrú na nuafhilíochta mar fheiniméan cultúrtha. Cuirfear raon leathan acmhainní foghlama ilmheáin ar fáil do na mic léinn a bheidh bunaithe ar ábhar na léachtaí. Beidh na mic léinn in ann úsáid a bhaint as an ábhar seo a chuirfear ar fáil ar LOOP lena gcuid scileanna éisteachta agus teanga a fhorbairt.

Learning Outcomes

1. ábhar agus stíl na n-amhrán traidisiúnta Gaeilge a phlé.
2. luach na n-amhrán mar shaothair ealaíne a mhíniú.
3. cineálacha éagsúla amhrán a aithint, agus na téamaí agus na feidhmeanna a bhaineann leis na hamhráin thraidisiúnta a scagadh agus samplaí díobh a lua.
4. téamaí áirithe i réimse dánta Gaeilge a phlé agus a mhíniú.
5. cur síos cuimsitheach a dhéanamh ar theicníochtaí éagsúla filíochta.
6. anailís a dhéanamh as a stuaim féin ar amhráin agus ar dhánta Gaeilge ar bhealach níos cumasaí agus níos tuisceanaí.


WorkloadFull time hours per semester
TypeHoursDescription
Lecture12Léachtaí ar champas
Independent Study50Staidéar neamhspleách ar ábhar an mhodúil.
Assignment Completion51Taighde agus ullmhúchán don mheasúnú sa leabharlann agus ar líne; obair ar an ríomhphunainn
Online activity12Léachtaí ar líne
Total Workload: 125
Section Breakdown
CRN10950Part of TermSemester 1
Coursework0%Examination Weight0%
Grade Scale40PASSPass Both ElementsY
Resit CategoryRC1Best MarkN
Module Co-ordinatorSile DenvirModule Teacher
Assessment Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
PortfolioRíomhphunann100%n/a
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
RC1: A resit is available for both* components of the module.
RC2: No resit is available for a 100% coursework module.
RC3: No resit is available for the coursework component where there is a coursework and summative examination element.

* ‘Both’ is used in the context of the module having a coursework/summative examination split; where the module is 100% coursework, there will also be a resit of the assessment

Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

An Nuafhilíocht agus na hAmhráin
Pléifear dhá ghné éagsúla de shaíocht liteartha na hÉireann a bhfuil dlúthbhaint acu lena chéile sa mhodúl seo - (i) na hamhráin thraidisiúnta agus (ii) an nuafhilíocht. Díreofar ar stair agus ar chomhthéachs na hamhránaíochta agus na filíochta Gaeilge, déanfar iniúchadh ar réimse amhrán agus dánta agus pléifear ceisteanna maidir le nádúr agus mianach na hamhránaíochta agus na filíochta Gaeilge. Díreofar ar théamaí éagsúla a thagann chun cinn sna hamhráin agus sa nuafhilíocht, mar shampla ‘téama an ghrá’.

Indicative Reading List

Books:
  • Ó Conghaile, Mícheál, Ó Tuairisc, Lochainn, Ó Ceannabháin, Peadar (eag.): 2024, Leabhar Mór na nAmhrán, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán,
  • Ní Fhrighil, Rióna (eag): 2010, Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge, Cois Life, Baile Átha Cliath,
  • Breathnach, Breandán: 1989, Ceol agus rince na hÉireann, An Gúm,
  • Vallely, Fintan: 2024, The companion to Irish traditional music, Cork University Press, Cork,
  • Ó Tuama, Seán: 2001, An Grá in Amhráin na nDaoine, An Clóchomhar,


Articles:
  • Ó Madagáin, Breandán: 1985, Functions of Irish Folk Song in the Nineteenth Century, Béaloideas, 53 : 130-126, 522845
  • 1999: In Aghaidh Farraige agus Feothain': Amhráin Mholta Bád ó Chonamara, Léachtaí Cholm Cille: Foinn agus Fonnadóirí, 29, 522846, 1
  • Suantraithe na Gaeilge: seánra sainiúil na mban: Comhar, 522869, 1, Ní Shíocháin, Tríona
  • ComharTaighde: 6, 522870, 1, Nic Eoin, Máirín, 2000
Other Resources

  • 1: Website, TG4, Cartlann Sean-nóis TG4,
  • 419499: 1, Website, Pádraigín Ní Uallacháin, Oriel Arts,
  • https://www.orielarts.com: 419500, 1, Website, ITMA, Taisce Cheol Dúchais Éireann
  • https://www.itma.ie:

<< Back to Module List View 2024/25 Module Record for FN151