DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU
<< Back to Module List

Latest Module Specifications

Current Academic Year 2025 - 2026

Module Title An Scéalaíocht Thraidisiúnta agus an Gearrscéal
Module Code LIT1055 (ITS: FN154)
Faculty Fiontar agus Scoil na Gaeilge School Humanities & Social Sciences
NFQ level 8 Credit Rating 5
Description

Is é aidhm an mhodúil seo ná eolas agus tuiscint an mhic léinn ar litríocht na Gaeilge a fhorbairt trí staidéar a dhéanamh ar dhá sheánra thábhachtacha, mar atá, an scéalaíocht thraidisiúnta agus an gearrscéal. Gheobhaidh an mac léinn léargas ar ábhar, ar nósanna agus ar fheidhmeanna na scéalaíochta traidisiúnta trí mhionscagadh a dhéanamh ar scéalta le scéalaí aitheanta - Bab Feiritéar ó Chorca Dhuibhne nó Micheál Breathnach ó Chonamara, mar shampla. Gheobhaidh an mac léinn léargas ar dhéantús na scéalta, ar phróiseas seachadta an traidisiúin bhéil agus ar mhianach na litríochta béil seo mar scáthán ar chultúr pobail. Pléifear an gaol idir an scéal traidisiúnta agus an gearrscéal a tháinig chun cinn san fhichiú haois. Déanfar mionstaidéar ar fhoirm an ghearrscéil agus ar fhorás an tseánra ó aimsir na hAthbheochana i leith. Déanfar iniúchadh ar mhórthéamaí i ngearrscéalta le mórscríbhneoirí ar leith agus breathnófar ar an athchóiriú a rinne TG4 ar na scéalta céanna le blianta beaga anuas. Forbrófar scileanna léitheoireachta, teanga agus anailíse an mhic léinn agus agus gheobhaidh sé/sí léargas tosaigh ar theoiricí an bhéaloidis agus na critice liteartha.

Learning Outcomes

1. saintréithe na scéalaíochta traidisiúnta agus an ghearrscéil a aithint ar shaothair ar leith agus beidh ar a c(h)umas iad seo a phlé.
2. sainiúlacht scéalaí ar leith a phlé (cúrsaí canúna, stíl inste, stór scéalta, seachadadh na scéalta) agus anailís a dhéanamh ar phríomhthréithe an ghearrscéil.
3. comparáid a dhéanamh idir gearrscéalta le húdair éagsúla ó thréimhsí difriúla agus téamaí gaolmhara a aithint agus a phlé.
4. ábhar agus feidhm scéalta ar leith a phlé agus comhthéacs sóisialta agus cultúrtha na saothar sin ó thraidisiún béil na Gaeilge a phlé.
5. buntuiscint ar theoiricí an bhéaloidis a léiriú agus téarmaíocht na critice liteartha a láimhseáil go tuisceanach.


WorkloadFull time hours per semester
TypeHoursDescription
Lecture24Léachtaí
Independent Study48Léitheoireacht ar théacsanna lárnacha
Independent Study24Foghlaim neamhspleách
Independent Study29Ullmhúchán don mheasúnú
Total Workload: 125
Section Breakdown
CRN20662Part of TermSemester 2
Coursework0%Examination Weight0%
Grade Scale40PASSPass Both ElementsY
Resit CategoryRC1Best MarkN
Module Co-ordinatorEadaoin NI MhuircheartaighModule TeacherDeirdre Nic Mhathuna
Assessment Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
Essayn/a100%n/a
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
RC1: A resit is available for both* components of the module.
RC2: No resit is available for a 100% coursework module.
RC3: No resit is available for the coursework component where there is a coursework and summative examination element.

* ‘Both’ is used in the context of the module having a coursework/summative examination split; where the module is 100% coursework, there will also be a resit of the assessment

Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Cur síos gonta
Iniúchadh ar scéalta traidisiúnta ar leith; comhthéacs na scéalaíochta traidisiúnta; feidhm chomhaimseartha na scéalta; seachadadh na scéalta; bailiú na scéalta; an toise idirnáisiúnta; an scéalaíocht thraidisiúnta mar ábhar inspioráide sa nualitríocht; forás an ghearrscéil mar sheánra liteartha san fhichiú haois; gnéithe d’fhoirm an ghearrscéil; mórthéamaí na scéalta; saothar cheannródaithe na hAthbheochana; saothar Liam Uí Fhlaithearta; scríbhneoirí comhaimseartha an ghearrscéil; athchóiriú don scáileán.

Indicative Reading List

Books:
  • Feiritéar, Bab [Bo Almqvist & Roibeard Ó Cathasaigh, eag.]: 2002, Ó Bhéal an Bhab - Cnuas-scéalta Bhab Feiritéar, Cló Iar-Chonnacht, Conamara,
  • Ó Flaithearta, Liam: 2004, Dúil, [1953], Sáirséal Ó Marcaigh, Baile Átha Cliath,


Articles:
None
Other Resources

  • 1: Dáilfear liosta téacsanna ag tús an mhodúil,

<< Back to Module List View 2024/25 Module Record for FN154