DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU
<< Back to Module List

Latest Module Specifications

Current Academic Year 2025 - 2026

Module Title Nuaphrós na Gaeilge
Module Code LIT1060 (ITS: FN312)
Faculty Humanities & Social Sciences School Fiontar agus Scoil na Gaeilge
NFQ level 8 Credit Rating 5
Description

Is é cuspóir an mhodúil seo léargas leathan a thabhairt do mhic léinn ar Nuaphrós na Gaeilge trí mhionstaidéar liteartha agus teanga a dhéanamh 1) ar dhíolaim théamúil le prós-scríbhneoirí éagsúla agus 2) ar ghearrscéalta comhaimseartha. Déanfar scileanna léitheoireachta agus léirmhínithe na mac léinn a fhorbairt trí mhionscrúdú a dhéanamh ar théama na himirce i scéalta dírbheathaisnéise agus ficsin le húdair éagsúla. Pléifear ábhar ó na mórcheantair Ghaeltachta ar fad, scrúdófar seánraí éagsúla próis, agus cuirfear na scéalta imirce i gcomhthéacs fhorbairt ghinearálta na nualitríochta. Tarraingeofar aird ar leith ar shaothar údar mar Phádraic Ó Conaire agus Micí Mac Gabhann agus féachfar le saothair ó thréimhsí agus ó réigiúin éagsúla a chur i gcomparáid lena chéile. Déanfar iniúchadh ar theicnící agus stíleanna éagsúla scríbhneoireachta i saothair chruthaitheacha na Gaeilge agus féachfar, mar shampla, ar an earraíocht a baineadh as an mbéaloideas sna gearrscéalta comhaimseartha. Chomh maith leis na léachtaí, beidh fáil ag na mic léinn ar raon acmhainní foghlama ilmheáin ar leathanaigh LOOP an chúrsa, ina measc scannáin faisnéise, físeáin agus acmhainní beathaisnéise.

Learning Outcomes

1. Cur síos agus anailís a dhéanamh ar sheánraí éagsúla próis, ar mhodhanna éagsúla reacaireachta agus ar théamaí ar leith.
2. Léirmheas a dhéanamh ar ábhar agus ar stíl saothair le húdair áirithe agus comparáid a dhéanamh idir saothair éagsúla.
3. Cumas a léiriú an t-ábhar a phlé i nGaeilge chruinn nádúrtha agus a c[h]uid smaointe a chur in iúl go soiléir.
4. Téarmaíocht na critice liteartha a láimhseáil go tuisceanach agus go muiníneach.
5. Machnamh criticiúil a dhéanamh ar an bpróiseas smaointeoireachta cruthaithí.
6. Torthaí digiteacha a tháirgeadh agus a scaipeadh i bhformáidí difriúla, agus feasacht á léiriú ar fhreagrachtaí údarthachta.


WorkloadFull time hours per semester
TypeHoursDescription
Lecture24Lecture
Independent Study101No Description
Total Workload: 125
Section Breakdown
CRN20664Part of TermSemester 2
Coursework100%Examination Weight0%
Grade Scale40PASSPass Both ElementsN
Resit CategoryRC1Best MarkN
Module Co-ordinatorEadaoin NI MhuircheartaighModule TeacherGearóidín Uí Laighléis
Assessment Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
AssignmentMeasúnú Leanúnach ar phrós na Gaeilge50%n/a
Formal ExaminationScrúdú ar an bprós50%End-of-Semester
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
RC1: A resit is available for both* components of the module.
RC2: No resit is available for a 100% coursework module.
RC3: No resit is available for the coursework component where there is a coursework and summative examination element.

* ‘Both’ is used in the context of the module having a coursework/summative examination split; where the module is 100% coursework, there will also be a resit of the assessment

Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Litríocht na hImirce agus an an Cnuasach Gearrscéalta Bláth na dTulach.
Déantar mionléamh anailíseach ar théacsanna ar leith d’fhonn tuiscint ghrinn a fháil ar láimhseáil mhórthéamaí na himirce agus na deoraíochta i nuaphrós na Gaeilge. Déantar cúram ar leith de chúrsaí teanga agus stíle agus d’fhorbairt seánraí éagsúla próis (na cuimhní cinn, an aiste, an dírbheathaisnéis, an gearrscéal, an t-úrscéal). Taispeántar scannáin faisnéise a thugann léargas breise ar ábhar agus ar chúlra na dtéacsanna liteartha. Déantar staidéar ar leith ar ghearrscéalta comhaimseartha na Gaeilge agus féachtar le léargas ar leith a thabhairt ar chorpas na ngearrscéalta I gCúige Uladh. Féachtar le stór focal na mac léinn a fhorbairt trid an mionléamh téacsúil agus trí aird a dhíriú ar théarmaí úsáideacha agus ar choincheapa úsáideacha critice agus léirmhínithe.

Indicative Reading List

Books:
  • Ní­ Dhonnchadha, Aisling & Máirín Nic Eoin: 2008, Ar an gCoigríoch: Dí­olaim Litríochta ar Scéal na hImirce, Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán,
  • Réaltán Ní Leannáin, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Mícheál Ó Domhnaill: 0, Bláth na dtulach, 9781914482007
  • Nic Eoin, Máirín: 2005, Trén bhfearann breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge, Cois Life, Baile Átha Cliath,
  • De Mórdha, Mícheál: 2011, Imirce agus Imigéin: Ceiliúradh an Bhlascaoid 3, Coiscéim, Baile Átha Cliath,
  • Harte, Liam: 2009, The Literature of the Irish in Britain: Autobiography and Memoir, 1725-2001 (, Palgrave Macmillan, London,
  • Dunne, Catherine: 2006, An Unconsidered People: The Irish in London, New Island, Dublin,
  • O'Leary, Philip: 1994, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 1881-1921: Ideology and Innovation, Pennsylvania State University Press, Pennsylvania,


Articles:
  • Nic Eoin, Máirín & Aisling Ní Dhonnchadha: 0, Ar an gCoigríoch: Migration and Identity in Twentieth-century and Contemporary Irish-language Writing, The Irish Review, Vol. 44, (Spring 2012), 60, 524455
  • 1990: An Scríbhneoir agus an Imirce Éigeantach: Scrúdú ar Shaothar Cruthaitheach Dhónaill Mhic Amhlaigh, Oghma 2, 92,
Other Resources

  • 1: Suíomh idirlín, Réaltán Ní Leannáin, Eoghan Mac Giolla Bhríde agus Mícheál Ó Domhnaill, 2021, Bláth na dTulach: Díolaim Ultach, Éabhlóid
  • 420790: 1, Scannán, Bell, Desmond, 2000, Rotha Mór an tSaoil, TG4
  • 420791: 1, Scannán, Quinn, Bob, 2002, Damhsa an Deoraí,
  • 420792: 1, Scannán, White, Johnny, Pádraic Ó Conaire: ‘An Fear’,
  • 420793: 1, Suíomh Idirlín, ainm.ie,
  • www.ainm.ie:

<< Back to Module List View 2024/25 Module Record for LIT1060