DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU
<< Back to Module List

Latest Module Specifications

Current Academic Year 2025 - 2026

Module Title Margaíocht
Module Code MAD1033 (ITS: FN143)
Faculty Fiontar agus Scoil na Gaeilge School Humanities & Social Sciences
NFQ level 8 Credit Rating 5
Description

Is é aidhm an mhodúil seo ná deis a thabhairt do mhic léinn foghlaim faoi na príomhchoincheapa margaíochta agus conas iad a chur i bhfeidhm i gcásanna ar leith. Beidh ar mhic léinn freastal ar léachtaí, páirt a ghlacadh i seimineáir agus obair ghrúpa a dhéanamh go rialta. Beidh ar mhic léinn réamhobair a dhéanamh mar ullmhúchán do na léachtaí agus na seimineáir. Beidh ar mhic léinn taighde a dhéanamh lasmuigh den ollscoil mar gheall ar na cleachtais mhargaíochta a úsáideann comhlachtaí i siopaí, sna meáin chumarsáide agus i spásanna poiblí. Beifear ag súil leis go bhforbróidh mic léinn an fios, na scileanna agus an dearcadh pearsanta cuí a chabhróidh leo anailís a dhéanamh ar ról na margaíochta sa tsochaí agus na himpleachtaí a bhaineann le cinntí margaíochta don chomhlacht agus don chustaiméir.

Learning Outcomes

1. Forbairt na margaíochta agus modhanna margaíochta san eagras comhaimseartha a mhíniú agus a mheas.
2. Anailís agus measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna margaíochta.
3. Anailís a dhéanamh ar fheachtas margaíochta ag baint leasa as teoiricí margaíochta
4. Na saincheisteanna eiticiúla a bhaineann le margaíocht a aithint agus a phlé.
5. Eolas casta a chur i láthair do lucht éisteachta éagsúla, ó bhéal agus i scríbhinn ar bhealach feiliúnach soiléir sothuigthe.


WorkloadFull time hours per semester
TypeHoursDescription
Lecture24Léacht
Assignment Completion31Ullmhúchán don mheasúnacht
Independent Study70Foghlaim neamhspleách
Total Workload: 125
Section Breakdown
CRN12104Part of TermSemester 1
Coursework0%Examination Weight0%
Grade Scale40PASSPass Both ElementsY
Resit CategoryRC1Best MarkN
Module Co-ordinatorEmer Ní BhrádaighModule Teacher
Assessment Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
AssignmentTionscadail bunaithe ar theoiricí na margaíochta50%n/a
Formal Examinationn/a50%End-of-Semester
Reassessment Requirement Type
Resit arrangements are explained by the following categories;
RC1: A resit is available for both* components of the module.
RC2: No resit is available for a 100% coursework module.
RC3: No resit is available for the coursework component where there is a coursework and summative examination element.

* ‘Both’ is used in the context of the module having a coursework/summative examination split; where the module is 100% coursework, there will also be a resit of the assessment

Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Ról agus forbairt na margaíochta in eagras
An ról atá ag margaíocht in eagrais phríobháideacha agus in eagrais sheachbhrabúsacha a mheas

Teoiricí agus fealsúnacht na margaíochta
Príomhchoincheapa na margaíochta, iompar tomhaltóra agus ceannaitheora, cumarsáid mhargaíochta, straitéisí, anailís ar iomaitheoirí san áireamh

Taighde margaidh
Príomhuirlisí taighde - suirbhéanna, agallaimh, tástáil

Deighilt margaidh
An margadh a dheighilt de réir critéar déimeagrafach, iompair agus síceagrafach

Margaíocht dhigiteach
Teicneolaíocht chumarsáide agus faisnéise mar uirlis chomhaimseartha margaíochta

Straitéis mhargaíochta
Straitéisí agus dea-chleachtais margaíochta le buntáiste uathúil a chothú

Indicative Reading List

Books:
  • Jobber, David & John Fahy: 0, Foundations of Marketing, An eagrán is déanaí, McGraw Hill Higher Education, Maidenhead, 9780077121907
  • Rogan, Donal: 0, Marketing: an introduction for Irish students, An eagrán is déanaí, Gill and Macmilan, Dublin, 9780717142019
  • Domegan, Christine & Declan Fleming: 2007, Marketing Research in Ireland: theory and practice, 3rd, Gill and Macmillan, Dublin, 9780717142002
  • Adamson, Allen P: 2008, Brand Digital: simple ways top brands succeed in the digital world, Palgrave Macmillan, Basingstoke, 9780230606043
  • Kotler, Philip & Nancy R. Lee: 2008, Social Marketing: influencing behaviours for good, 3rd, Sage Publications, Los Angeles, 9781412956475
  • Wymer, Walter, Patricia Knowles, Roger Gomes, Michael Jay Polonsky & Barry O'Mahoney: 2006, Nonprofit Marketing, Sage Publications, London, 9781412909235


Articles:
None
Other Resources

None

<< Back to Module List View 2024/25 Module Record for FN143