Latest Module Specifications
Current Academic Year 2025 - 2026
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Description Is é aidhm an mhodúil seo ná bunús na margaíochta idir choincheapa agus phrionsabail a thabhairt don mhac léinn; léargas a thabhairt ar phróiseas na margaíochta in eagraíochtaí, agus léargas ar theicneolaíochtaí nua-aimseartha mar uirlisí don mhargaíocht. Gheobhaidh mic léinn cleachtas ar conas coincheapa margaíochta a chur i bhfeidhm i gcásanna ar leith. Beidh ar mhic léinn freastal ar léachtaí, páirt a ghlacadh i seimineáir agus obair ghrúpa shubstaintiúil a dhéanamh. Beidh ar mhic léinn réamhobair a dhéanamh mar ullmhúchán do na léachtaí agus na seimineáir. Beidh ar mhic léinn taighde a dhéanamh lasmuigh den ollscoil le plean margaíochta a dhearadh d'eagraíocht ar leith. Forbróidh mic léinn an fios, na scileanna agus an dearcadh pearsanta cuí a chabhróidh leo anailís a dhéanamh ar ról na margaíochta sa tsochaí agus ar na himpleachtaí a bhaineann le cinntí margaíochta don chomhlacht agus don chustaiméir. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Learning Outcomes 1. Anailís agus measúnú a dhéanamh ar na saincheisteanna reatha i ndisciplín na margaíochta. 2. An litríocht chuí sa disciplín a aithint agus a chur i bhfeidhm le fadhbanna margaíochta i gcás-staidéar a réiteach. 3. Díospóireacht a dhéanamh ar ról na margaíochta sa tsochaí chomhaimseartha. 4. Na saincheisteanna eiticiúla a bhaineann le margaíocht a aithint agus a phlé i gcomhthéacs a c(h)óras pearsanta luachanna. 5. Eolas casta a chur i láthair do chineálacha éagsúla lucht éisteachta agus léitheoireachta i scríbhinn agus ó bhéal, i bhfoirm fheiliúnach, spreagúil, shoiléir, shothuigthe. 6. Breithiúnas eolasach bunaithe ar na saincheisteanna reatha i ndisciplín na margaíochta a thabhairt ar eolas casta, neamhiomlán i gcás-staidéar margaíochta. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Indicative Content and Learning Activities
Ról na margaíochta sa tsochaí Ról na margaíochta sa tsochaí i gcoitinne, in eagrais phríobháideacha agus in eagrais sheachbhrabúsacha Teoiricí agus fealsúnacht na margaíochta Príomhchoincheapa na margaíochta, iompar tomhaltóra agus ceannaitheora, cumarsáid mhargaíochta, straitéisí agus anailís ar iomaitheoirí san áireamh Taighde margaidh Príomhuirlisí taighde margaidh - suirbhéanna, agallaimh, fócasghrúpaí agus tástáil Deighilt margaidh An margadh a dheighilt de réir critéar éagsúil Margaíocht dhigiteach Teicneolaíocht chumarsáide agus faisnéise mar uirlis chomhaimseartha margaíochta Straitéis mhargaíochta Straitéisí agus dea-chleachtais mhargaíochta le buntáiste uathúil a chothú Cás staidéir Cás-staidéir Éireannacha agus idirnáisiúnta, sna hearnálacha brabúsacha agus seachbhrabúsacha | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Indicative Reading List Books:
Articles: None | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Other Resources None | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||