DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU

Registry

Module Specifications

Archived Version 2022 - 2023

Module Title
Module Code
School

Online Module Resources

NFQ level 8 Credit Rating 5
Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None
Description

Cúrsa tacaíochta ina ndéantar scileanna teanga na mac léinn (éisteacht, labhairt, léamh agus scríobh) a chleachtadh agus a fhorbairt trí thascanna ranga agus obair neamhspleách rialta a chuirfidh lena n-inniúlacht sa teanga. Baintear leas as ábhar dílis sna ranganna, bunaithe ar na topaicí seo a leanas: ‘Ag Teacht go dtí an Coláiste’, ‘Lóistín ar an gCampas’, ‘Mic léinn Mheiriceánacha’, ‘Aiste a scríobh’, ‘An Aimsir Ghnáthláithreach’, ‘Cúrsaí Gaeltachta’, ‘Oireachtas na Gaeilge’ agus ‘Téacsanna Fóin’. Cuirtear le heolas na mac léinn ar na téarmaí gramadaí, ar fhoghraíocht na Gaeilge, ar na canúintí, agus déantar foclóir na mac léinn a shaibhriú trí chleachtaí cluastuisceana, léamhthuisceana agus trí chleachtaí meicniúla gramadaí. Déantar iniúchadh breise ar na gnéithe seo a leanas den ghramadach go háirithe: na tuisil, an chopail, aimsirí na mbriathra. Baintear úsáid as míreanna éisteachta agus físe agus litríocht do pháistí agus d’fhoghlaimeoirí le cur le scileanna éisteachta, le scileanna tuisceana agus le scileanna labhartha agus scríofa na mac léinn, agus cuirtear lena gcuid eolais ar an chultúr a bhaineann leis an teanga. Spreagfar na mic léinn le machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama ar feadh an tsaoil.

Learning Outcomes

1. Feasacht bhunúsach a léiriú faoi struchtúr na teanga go ginearálta agus faoin ngaol atá ag patrúin éagsúla lena chéile.
2. Tuiscint a léiriú ar na hearráidí is coitianta a dhéanann siad sa chaint agus sa scríobh agus an dóigh le straitéisí a tharraingt chucu féin chun na hearráidí sin a sheachaint.
3. Tarraingt ar a dtuiscint ar bhunstruchtúir na teanga chun struchtúir chruinne a chur ar fáil go réasúnta leanúnach ina gcuid scríbhneoireachta agus ina gcuid cainte.
4. Réimse leathan stór focal agus saibhreas cainte a léiriú i dtaca le topaicí an tsiollabais agus faoi fhormhór na dtopaicí a thiocfadh chun cinn sa chaint laethúil.
5. Téacsanna caighdeánacha a bhaineann le topaicí an tsiollabais a thuiscint gan mórán stró agus dul i mbun sruthléitheoireachta agus sracléitheoireachta chomh maith le grinnléitheoireacht.
6. Tuiscint a léiriú ar thábhacht na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta sa dara teanga, agus spleáchadh a dhéanamh ar théacsanna oiriúnacha Gaeilge do pháistí bunscoile.



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Workshop125Ceardlann nó léacht uair an chloig. Uair an chloig sa tseachtain don bhliain ar fad
Total Workload: 125

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Indicative Content
Trí thascanna éagsúla éisteachta, léitheoireachta, cainte agus scríbhneoireachta a dhéanamh, bunaithe ar théacsanna dílse a bhaineann le Topaicí an chúrsa, déantar cúram de na gnéithe seo a leanas:

Seimeastar 1
• Téarmaí Gramadaí; • Briathra na Gaeilge; • An tAinmfhocal; • An Tuiseal Ainmneach (ainmfhocal agus aidiacht); • An Chopail; • Cúrsaí foghraíochta; • Tréithe phríomhchanúintí na Gaeilge; • Saibhriú foclóra: Mé féin agus a mbaineann liom (clann, áit dhúchais, saol na hOllscoile, taithí sa bhunscoil agus sa mheánscoil, caitheamh aimsire).

Seimeastar 2
• An Modh Ordaitheach; • Tá v Bíonn; • An Aimsir Ghnáthláithreach; • An Aimsir Fháistineach; • An Tuiseal Ginideach a Aithint agus na hAthruithe Tosaigh; • Saibhriú foclóra: Saol an mhúinteora agus a mbaineann leis (taithí sa seomra ranga, saol an mhúinteora, tréithe an dea-mhúinteora, an fáth go bhfuil mise ag iarraidh a bheith i mo mhúinteoir, bainistiú ranga, teagasc na Gaeilge).

Assessment Breakdown
Continuous Assessment% Examination Weight%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
Reassessment Requirement
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
Unavailable
Indicative Reading List

    Other Resources

    None
    Programme or List of Programmes
    Archives: