Registry
Module Specifications
Archived Version 2018 - 2019
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Description Sa chúrsa seo, déantar scileanna teanga uile na mac léinn (éisteacht, labhairt, léamh agus scríobh), mar aon lena dtuiscint ar shuíomh agus ar ról na Gaeilge agus an dátheangachais sa scoil a chleachtadh agus a fhorbairt trí thascanna ranga, obair neamhspleách agus obair bhaile rialta. Baintear úsáid as ábhar dílis sna ranganna, bunaithe ar réimse leathan topaicí, mar shampla: Cearta Teanga; Cleachtas Dátheangach sa Bhunscoil ; Logainmneacha; agus Saintéarmaíocht an oideachais. Cuirtear le heolas na mac léinn ar théarmaíocht na gramadaí, ar réimsí éagsúla teanga, mar aon lena dtuiscint ar an tábhacht a bhaineann le beartais teanga agus fachtóirí sochtheangeolaíochta i gcomhthéacs na scoile. Lena chois sin, déantar foclóir na mac léinn a shaibhriú trí úsáid a bhaint as cleachtaí éisteachta, cleachtaí léitheoireachta agus cleachtaí meicniúla gramadaí sna ranganna. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Learning Outcomes 1. feasacht ag ardleibhéal a léiriú faoi struchtúr na teanga go ginearálta agus faoin ngaol atá ag patrúin éagsúla lena chéile 2. tarraingt ar a bhfeasacht teanga chun struchtúir chruinne a chur ar fáil go leanúnach ina gcuid scríbhneoireachta agus ina gcuid cainte 3. tuiscint chruinn a léiriú ar théacsanna scríofa agus ar théacsanna éisteachta a bhaineann le fearann an oideachais, leis an tsochtheangeolaíocht agus le topaicí an tsiollabais 4. úsáid chruinn a bhaint as réimse leathan stór focal agus saibhreas cainte agus iad ag scríobh nó ag caint faoi thopaicí an tsiollabais, faoi chomhthéacs an oideachais agus faoi fhormhór na dtopaicí a thiocfadh chun cinn sa chaint laethúil 5. scileanna taighde agus scileanna teanga (idir labhartha agus scríofa) a úsáid chun cur i láthair cruinn a dhéanamh ar ábhar sainspéise a bhaineann le fearann an oideachais 6. téacsanna soiléire le mionsonraí cruinne a chur ar fáil faoi rogha leathan ábhar bainteach le topaicí an tsiollabais, lena réimse spéise agus leis an bhfearann oideachais | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Content and
Learning Activities | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Reading List
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Other Resources 31032, Suíomh gréasáin, 0, An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta, www.tearma.ie, 31033, Suíomh gréasáin, 0, Leabharlann Teanga agus Foclóireachta, www.teanglann.ie, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Programme or List of Programmes | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Archives: |
|