Registry
Module Specifications
Archived Version 2020 - 2021
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Description Is é cuspóir an chúrsa seo ná léargas a thabhairt do na mic léinn ar fhorbairt na dialainne liteartha ón 20ú haois i leith agus cleachtadh a thabhairt dóibh ar chineálacha éagsúla téacsanna a léamh agus a léirmhíniú. Pléifear cuid de na ceisteanna critice is tábhachtaí a bhaineann leis an seánra i litríocht an domhain mar aon le forbairt na dialainne sa Ghaeilge suas go dtí an lá inniu, agus díreofar aird ar shaothair thábhachtacha chomhaimseartha chomh maith le samplaí ón údar canónach, Seán Ó Ríordáin. Tá a shaothar siúd i gcartlann UCD i bhfoirm neamhfhoilsithe, rud a thabharfaidh deis do mhic léinn féachaint ar chuid den phrós-scríbhneoireacht is úire agus is fearr dá bhfuil againn sa Ghaeilge. Ina dhiaidh sin, beidh an cúrsa dírithe ar iarrachtaí nua-aimseartha sa seánra a chuimsíonn an taisteal agus an machnamh domhain pearsanta ó leithéidí Dhómhnaill Mhic an tSíthigh, Mhíchíl de Barra, Liam Uí Mhuirthile agus Liam Mhic Cóil. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Learning Outcomes 1. Cur síos ginearálta a dhéanamh ar fhorbairt na dialainne liteartha sa Ghaeilge 2. Samplaí éagsúla ó shaothair idirnáisiúnta a chur i gcomparáid le téacsanna Gaeilge 3. Téarmaíocht na critice liteartha a úsáid go tuisceanach 4. Anailís théacsúil a dhéanamh ar shaothair Ghaeilge ar leith. 5. Tuiscint a léiriú ar an gcomhthéacs ina gcruthaítear agus ina léitear litríocht na Gaeilge. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Content and
Learning Activities An Dialann ChomhaimsearthaPléifear forbairt na dialainne sa Ghaeilge mar sheánra san fhichiú haois. Scagfar an dialann phearsanta i dtraidisiún liteartha na hEorpa – seánra an-choitianta é ón naoú haois déag ar aghaidh isteach san fhichiú haois. Tabharfar féachaint ar scríbhneoirí ar nós Franz Kafka agus George Orwell. Seo seánra a thug faoiseamh ón mbreoiteacht agus deis éalaithe dóibh beirt ar shlite éagsúla, faoi mar a tharla i gcás Uí Ríordáin chomh maith. Féachfar ina dhiaidh ar shamplaí nua-aimseartha sa Ghaeilge ó na blianta 2007-2017, ó Mhícheál de Barra go dtí Liam Ó Muirthile. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Reading List
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Other Resources None | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Programme or List of Programmes | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Archives: |
|